HC43

Comhphobail Eorpacha (Saoirse um Sholáthar Seirbhísí (Dlíodóirí) Rialacháin, 1979 - 2004

1. Baineann an treoir chleachtais seo le haon dlíodóir ar mian leis tabhairt faoi ghníomhaíochtaí sa Stát maidir le hionadaíocht a dhéanamh ar chliant in imeachtaí dlí roimh an Ard-Chúirt (lena n-áirítear an Phríomh-Chúirt Choiriúil) agus an Chúirt Choiriúil Speisialta mar dhlíodóir cuairte taobh istigh de chiall na Rialachán thuasluaite.

2. Chun a cháilíocht mar dhlíodóir a chruthú de réir Rialacháin 7(1) de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Saoirse um Sholáthair Seirbhísí) (Dlíodóirí), 1979 ("Rialacháin 1979"), beidh ar aon dlíodóir dá leithéid ("an dlíodóir cuairte") an nós imeachta a leanas a chomhlíonadh:

3. Comhdóidh an dlíodóir cuairte, leis an gcúirt chuí, mionnscríbhinn a mionnaíodh roimh aturnae a chleachtann nó roimh choimisinéir mionnaí, sa tír seo (arbh fhéidir gurb é an dlíodóir lena bhfuil sé nó sí ag obair de réir na rialachán) ina dteistítear mar a leanas:

(a) Ballstát an Aontais Eorpaigh ina bhfuil sé nó sí bunaithe mar dhlíodóir agus an teideal gairmiúil a bhfuil sé i dteideal a úsáid de réir na rialachán.

(b) ainm na hollscoile nó na hinstitiúide óna bhfuair sé nó sí cáilíochtaí dlí, lena n-áirítear an bhliain agus teideal na céime dlí a bronnadh.

(c) ainm agus seoladh, agus mionsonraí iomlána an údaráis inniúil faoina bhfuil sé nó sí i dteideal cleachtadh sa Bhallstát i gceist. Léireoidh an mhionnscríbhinn fianaise dhoiciméadach ón údarás sin go bhfuil sé nó sí i dteideal cleachtadh mar dhlíodóir mar aon le haon eolas cuí eile a thaispeánann go bhfuil sé nó sí i dteideal cleachtadh sa Bhallstát.

4. Ba chóir an mhionnscríbhinn a thaisceadh le cláraitheoir na cúirte mar aon le mionsonraí an dlíodóra atá i dteideal cleachtadh os comhair na Cúirte agus lena bhfuil an dlíodóir AE ag obair de réir Rialacháin 6 de Rialacháin 1979.

5. Ón uair a thaisctear mionnscríbhinn dá leithéid i dtaca le himeachtaí ar leith, ní bheidh gá le haon mhionnscríbhinn eile ón dlíodóir cuairte maidir le haon imeachtaí eile ina dhiaidh sin mura dtreoraíonn an chúirt a mhalairt. I ngach cás áfach, ba chóir an cláraitheoir a chur ar an eolas faoin dlíodóir atá i dteideal cleachtadh os comhair na cúirte agus lena bhfuil an dlíodóir cuairte ag obair.

Ar a rogha féin, agus cúinsí na cúise á gcur san áireamh aici, is féidir leis an gcúirt éisteacht le dlíodóir cuairte ar fheitheamh chomhdú a mhionnscríbhinne nó treoracha eile a eisiúint i leith na ceiste seo.

Joseph Finnegan
Uachtarán na hArd-Chúirte
8ú lá de mhí Meitheamh 2006

High court