HC116

Liosta Eadrána

Eisíonn Uachtarán na hArd-Chúirte leis seo an Treoir Chleachtais seo a leanas de réir alt 11(12) agus (13) den Acht um an Dlí Sibhialta agus an Dlí Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 2020.

Réamhrá

  1. Tá an Treoir Cleachtais seo beartaithe le feidhm a bheith aici maidir le gach iarratas chuig an Ard-Chúirt agus imeachtaí os a comhair a bhaineann le headráin faoin Acht Eadrána, 2010, an Dlí Eiseamláireach UNCITRAL maidir le hEadráin Tráchtála Idirnáisiúnta (an “Dlí Eiseamláireach”) agus faoi O. 56 de Rialacha na nUaschúirteanna (arna leasú) (chun críocha na Treorach Cleachtais seo dá ngairtear “iarratais eadrána”). Chun amhras a sheachaint, tá sé beartaithe go mbeidh feidhm ag an Treoir Chleachtais seo maidir le hiarratais ar pháirtithe a tharchur chuig eadráin agus chun bac a chur ar imeachtaí faoi Airteagal 8 den Dlí Eiseamláireach.

Iarratais ar an Liosta Eadrána a Éisteacht

  1. Is é/í Uachtarán na hArd-Chúirte nó cibé breitheamh eile den Ard-Chúirt a ainmneoidh an tUachtarán faoi alt 9(2) den Acht Eadrána 2010 a éisteoidh iarratais eadrána.
  2. Go dtí go bhfógrófar a mhalairt agus ach amháin i gcás ina n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, éistfear iarratais eadrána ar bhonn hibrideach i gcás ina suífidh an breitheamh agus an cláraitheoir go fisiciúil sa chúirt agus beidh an rogha ag na cleachtóirí agus ag na dlíthithe freastal agus páirt a ghlacadh go pearsanta sa chúirt nó go cianda.
  3. Déanfar iarratais eadrána a liostú ar dtús le haghaidh treoracha os comhair na Cúirte ag 10:30am gach Céadaoin (“éisteacht na dtreoracha”). Tabharfaidh an Chúirt treoracha maidir leis an iarratas ar eadráin a éisteacht ag éisteacht na dtreoracha. Moltar do pháirtithe iarracht a dhéanamh treoracha a aontú roimh éisteacht na dtreoracha.
  4. Is féidir orduithe toilithe a dhéanamh ag éisteacht na dtreoracha. 
  5. Ag an éisteacht na dtreoracha, socróidh an Chúirt dáta chun an t-iarratas eadrána a éisteacht agus tabharfaidh sí cibé treoracha eile, agus déanfaidh sí cibé orduithe, lena n-áirítear teorainneacha ama a shocrú, is gá chun an t-iarratas eadrána a chinneadh ar bhealach atá cóir, gasta agus ar bhealach ar dóigh go laghdófar costais an iarratais.

Formáid Páipéir le haghaidh Liosta Eadrána

  1. Tá an páirtí tionscanta in iarratas eadrána freagrach as páipéir an iarratais a sholáthar do Chláraitheoir an Liosta Eadrána.
  2. Mura n-ordaíonn an Chúirt a mhalairt, ceanglaítear ar an bpáirtí tionscanta na páipéir don iarratas eadrána a sholáthar i bhfoirm cóip chrua agus bhog.
  3. Ní mór páipéir chruachóipe a cheangal nó a bheith i bhfillteán agus iad a bheith innéacsaithe agus uimhrithe go soiléir. Ní mór páipéir chruachóipe a thaisceadh sa Seomra Liosta agus sa Phríomh-Oifig. Ní mór aon pháipéir bhreise a bhfuil sé i gceist ag an bpáirtí tionscanta nó ag aon cheann de na páirtithe eile san iarratas brath orthu a thaisceadh freisin i gcóip chrua sa Seomra Liosta.
  4. Ní mór cóipeanna boga de pháipéir a sholáthar do Chláraitheoir an Liosta Eadrána ar ardán comhroinnte comhad leictreonach nó trí ríomhphost a sheoladh chuig arbitration@courts.ie I gcás nach bhfuil rochtain ag páirtí ar ardán comhroinnte comhad, cruthóidh Cláraitheoir an Liosta Eadrána fillteán comhroinnte comhad chun na páipéir i gcóip bhog a sholáthar don Chúirt.

Dáta agus Am chun Páipéir a Thaisceadh

  1. Ní mór don pháirtí cóipeanna crua páipéir a thaisceadh sa Seomra Liosta, agus na focail “Liosta Eadrána” agus dáta fillte nó dáta atrátha an iarratais, de réir mar a bheidh, marcáilte orthu agus iad a chur faoi bhráid an Chláraitheora an Liosta Eadrána, agus, chomh maith leis sin, ní mór cóipeanna boga páipéir a sholáthar do Chláraitheoir an Liosta Eadrána faoi 12 meán lae ar an Aoine roimh éisteacht na dtreoracha nó roimh dháta éisteachta substainteach an iarratais eadrána, de réir mar a bheidh.
  2. Ach amháin i gcásanna eisceachtúla, ní ghlacfar le haon pháipéir bhreise maidir le hiarratas eadrána tar éis 12 meán lae ar an Aoine roimh éisteacht na dtreoracha nó dáta éisteachta substainteach an iarratais eadrána, de réir mar a bheidh.
  3. Ní mór aon pháipéir bhreise maidir le hiarratas eadrána a sholáthar freisin i gcóip chrua agus i gcóip bhog faoin spriocdháta céanna.

Tuilleadh Eolais de dhíth i gcás inar cuireadh an tIarratas ar atráth

  1. Nuair a bheidh éisteacht na dtreoracha maidir le hiarratas ar eadráin nó éisteacht shubstainteach an iarratais sin curtha ar atráth go dtí dáta eile, beidh sé riachtanach don pháirtí tionscanta Cláraitheoir an Liosta Eadrána a chur ar an eolas faoi 12 meán lae ar an Aoine roimh dháta atrátha éisteach na dtreoracha nó faoi dháta substainteach na héisteachta, de réir mar a bheidh, cibé acu an bhfuiltear ag súil go n-éistfear na treoracha nó leanfar le héisteacht shubstainteach an iarratais ar an dáta atrátha agus, má tá, cad iad na treoracha nó na faoisimh a bheidh á lorg. Má cheaptar go gcuirfear éisteacht na dtreoracha nó éisteacht an iarratais shubstaintiúil ar atráth tuilleadh, ní mór don pháirtí tionscanta é sin a chur in iúl do Chláraitheoir an Liosta Eadrána faoin spriocdháta céanna.

Mainneachtain na Treoracha seo a Chomhlíonadh

  1. Mura gcomhlíontar na treoracha atá leagtha amach sa Treoir Chleachtais seo maidir le hiarratas ar eadráin, féadfar an t-iarratas a chur ar atráth nó a scriosadh ar cibé téarmaí, lena n-áirítear costais, a chinnfidh an Chúirt.


David Barniville
Uachtarán na hArd-Chúirte
14 Deireadh Fómhair, 2022

High court