HC83

Achomhairc ón gCúirt Chuarda i leith cásanna Dócmhainneachta Pearsanta agus Scrúdaitheoireachta

Déanfar achomhairc ón gCúirt Chuarda don Ard-Chúirt ina suí i mBaile Átha Cliath in imeachtaí Dócmhainneachta Pearsanta agus Scrúdaitheoireachta a liostú as seo amach chomh luath agus is féidir os comhair Bhreitheamh Dócmhainneachta na hArd-Chúirte (an Breitheamh McDonald faoi láthair) i leith ábhar Dócmhainneachta Pearsanta agus os comhair ceann de na breithimh atá ainmnithe chun imeachtaí Scrúdaitheoirachta na hArd-Chúirte a éisteacht (an Breitheamh Haughton, an Breitheamh Barniville, an Breitheamh McDonald agus an Breitheamh Quinn faoi láthair) i gcás imeachtaí Scrúdaitheoireachta.

Ní liostófar a thuilleadh cásanna mar sin le lua os comhair an Bhreithimh atá i bhfeighil ar an liosta Neamhghiúiré.

Arna dhátú an 11ú lá de mhí Eanáir 2019
Peter Kelly,
Uachtarán na hArd-Chúirte

High court