HC30

Cistí cúirte - caingean na Cúirte Cuarda a aistriú chuig an Ard-chúirt

Le héifeacht ón 6 Deireadh Fómhair 2003 agus i ndiaidh don Ard-Chúirt caingean Cúirte Cuarda a ghlacadh déanfaidh Ordú an Mháistir é seo a leanas maidir le lóisteáil

i) tabharfaidh sé treoir go lóisteálfar suim an lóisteála gan ús san áireamh san Ard-Chúirt.

ii) tabharfaidh sé treoir go n-íocfaidh Cláraitheoir an Chontae suim na lóisteála gan ús san áireamh le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais.

iii) tabharfaidh sé treoir go n-íocfaidh Cláraitheoir an Chontae ar ais leis an aturnae don pháirtí a rinneadh an lóisteáil dó/di an t-ús a tabhaíodh ar an lóisteáil suas go dtí dáta na lóisteála san Ard-Chúirt.

Joseph Finnegan
Uachtarán na hArd-Chúirte
2 Deireadh Fómhair 2003

High court