HC63

Iarratais ar Bhannaí ag Teach Cúirte Chnoc na Seamar

Fógra agus Treoir Chleachtais

  1. Tiocfaidh cánacha maidir le hiarratais ar bhannaí a éisteacht ag Teach Cúirte Chnoc na Seamar i ngníomh ón seachtain dar tosach an 15 Feabhra, 2016.
     
  2. Ní éistfear le hiarratais ar bhannaí ar an Luan a thuilleadh.  Ina ionad sin, éistfear iarratais ar bhannaí ó phríosúnaigh atá i bpríosúin i mórcheantar Bhaile Átha Cliath ar an Máirt (dar tús an 16 Feabhra, 2016) agus tosóidh an liosta ag 11.00am. Glaofar ar na cásanna ar an liosta faoi dhó ach ní ghlaofar orthu arís ina dhiaidh sin.
     
  3. Éistfear le hiarratais ar bhannaí ó phríosúnaigh atá i bpríosúin taobh amuigh de mhórcheantar Bhaile Átha Cliath ag 11.00am ar an Déardaoin. Glaofar ar na cásanna ar an liosta faoi dhó ach ní ghlaofar orthu arís ina dhiaidh sin.
  4. Má tá gá leis, mura n-éirítear le gach cás a éisteach ar an Máirt, éistfear leis na cinn atá fágtha ar an gCéadaoin.
     
  5. Ní bheidh sé ceadaithe iarratais ar bhannaí ó phríosúnaigh atá i bpríosúin i mBaile Átha Cliath a chur ar athlá go dtí lá nach bhfuil tiomnaithe d'iarratais den sórt sin agus beidh an riail chéanna i bhfeidhm i leith cásanna taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath a chur ar athlá.
     
  6. Meabhraítear do chleachtóirí forálacha Rialacha na nUaschúirteanna (Éisteachtaí Bannaí) 2015 S.I. Uimh. 470 de 2015. Tháinig na rialacha sin i ngníomh ar an 23 Samhain, 2015 ach go ginearálta ní dhealraítear gur tugadh faoi deara iad. Ní mór cloí leo amach anseo.
     
  7. Mar atá soiléir ó théarmaí S.I. 470 of 2015 ní mór go mbeidh mionnscríbhinn mionnaithe ag an iarratasóir ann mar fhoras le fógra tairisceana lena n-iarrtar ar bhannaí. Ní leor é an mhionnscríbhinn a bheith mionnaithe ag aturnae nó ag duine ar bith eile. Ón Luan, an 8 Feabhra 2016 ar aghaidh ní eiseoidh nó ní tabharfaidh Príomh-Oifig na hArd-Chúirte dáta tuairisceáin do fhógra tairisceana lena lorgaítear bannaí mura bhfuil mionnscríbhinn mionnaithe ag an iarratasóir ann mar fhoras leis an bhfógra sin.
     
  8. Mar atá soiléir ó fhorálacha S.I. 470 de 2015 tá sé riachtanach go leagfar amach i mionnscríbhinn an iarratasóra an bunús ar a bhfuil an t-iarratas á dhéanamh.
     
  9. Leagtar amach in Ordú 84, riail 15(3) na ceanglais do mhionnscríbhinn arna mionnú ag iarratasóir a bhfuil bannaí á lorg aige. Foráilítear leis an méid seo a leanas:

“Le mionnscríbhinn an iarratasóra, leagfar amach an bonn ar a bhfuil an t-iarrats chun na hArd-Chúirte á dhéanamh agus go háirithe:

  1. tabharfar leis mionsonraí ar aon diúltú, más cuí, ar bhannaí don iarratasóir agus an chúirt inar diúltaíodh don iarratasóir;
  2. sonrófar leis an áit a bhfuil an t-iarratasóir á choinneáil;
  3. sonrófar leis gnátháit chónaithe an iarratasóra nó an seoladh ina bhfuil cónaí air de ghnáth;
  4. sonrófar leis an seoladh ag a bhfuil sé beartaithe cónaí a bheith ar an iarratasóir, dá dtabharfaí bannaí dó;
  5. tabharfar leis sonraí iomlána an chiona nó na gcionta a bhfuil an t-iarratasóir á chúiseamh ina leith;
  6. áireofar céannacht, seoladh agus gairm aon urra neamhspleách beartaithe agus an méid a bhféadfaidh an t-urra sin a thairiscint;
  7. na téarmaí bannaí a bhí socraithe roimhe seo i ndáil leis na cionta (más ann);
  8. má rinneadh aon iarratais ar bhannaí chun na hArd-Chúirte i leith na gcionta roimhe seo;
  9. má eisíodh aon bharántais ar mhainneachtain láithriú maidir leis an iarratasóir;
  10. cén urra agus/nó cén choinníollacha eile maidir le bannaí (más ann) atá á bheartú ag an iarratasóir;
  11. imthosca pearsanta an iarratasóra agus go háirithe má fuair an t-iarratasóir cúnamh dlí maidir leis na cúisimh i gcúirt ar bith eile;
  12. imthosca ábhartha eile.”

Ón Luan, an 8 Feabhra 2016 ar aghaidh, ní eiseoidh nó ní sholáthróidh Príomh-Oifig na hArd-Chúirte dáta tuairisceáin d'fhógra tairisceana lena lorgaítear bannaí mura gcomhlíonann mionnscríbhinn an iarratasóra atá mar fhoras dó na ceanglais sin. Ní mór an t-eolas forordaithe a sholáthar sa mhionnscríbhinn san ordú atá leagtha amach i bhfomhíreanna (a) go dtí (l) thuas.

  1. Mar a bhforáiltear sa treoir chleachtais arna dhátú an 10 Meán Fómhair, 2014, ní mór go n-áireofar go sonrach san Fhógra Tairisceana a eiseofar de bhun Ordú 84, riail 15 (1) ina n-iarrann iarratasóir faoi choimeád ar bhannaí, uimhreacha dhuilleoga na gcúiseamh a bhfuil bannaí á lorg ina leith. Ní mór an t-eolas seo a leagan amach i bhFoirm 1 atá i gceangal leis an Treoir Chleachtais sin agus ní mór go n-áireofar léi aon eolas eile dá bhforáiltear inti. Ní mór Foirm 1 a cheangal leis an tairiscint sin le linn é a chomhdú i bPríomh-Oifig na hArd-Chúirte.  Ón Luan, an 8 Feabhra 2016 ar aghaidh, ní eiseoidh nó ní sholáthróidh Príomh-Oifig na hArd-Chúirte dáta tuairisceáin d'fhógra tairisceana lena lorgaítear bannaí mura bhfuil foirm 1 arna gcomhlánú go cuí ceangailte leis.
     
  2. Mar a fhoráiltear i dtreoir chleachtais an 10 Meán Fómhair 2014, ní mór aon chúiseamh breise a lorgaítear leo a chur os comhair na cúirte, i ndiaidh don fhógra sin a chomhdú nó a eisiúint, a leagan amach i bhfoirm breise 1, agus ní mór an fhoirm sin a thabhairt don chláraitheoir cuí le hé a chur isteach le haon ordú a dhéantar i leith na gcúiseamh sin.
     
  3. Mar a fhoráiltear i dtreoir chleachtais an 10 Meán Fómhair, 2014 aithriseofar in ordú na cúirte na cúisimh a aithriseofar ar fhoirm 1 agus ar fhoirm bhreise 1 amháin.
     
  4. Le treoir chleachtais an 10 Meán Fómhair, 2014 treoraíodh scor de dhuilleoga na gcúiseamh a thaisceadh le foilseáin a ghabhann leis an mionnscríbhinn atá mar fhoras don fhógra tairisceana lena lorgaítear bannaí. Leanann an treoir sin i bhfeidhm.
     
  5. Ní mór go mbeidh mionnscríbhinn a chomhlíonann forálacha Ordú 84, riail 15(3) ann mar fhoras le hiarratais ar ghearrsheirbheáil fógra tairisceana lena lorgaítear bannaí agus chomh maith leis sin, ní mór go leagfar amach sa mhionnscríbhinn sin na fíricí a mbeifear ag brath orthu chun gearrsheirbheáil na fógra tairisceana a dhlisteanú.

 

Arna dhátú an 28 Eanáir, 2016.
Peter Kelly,
Uachtarán na hArd-Chúirte

High court