HC120

Coimircithe Cúirte

Eisímse, David Barniville, Uachtarán na hArd-Chúirte, leis seo an treoir chleachtais seo a leanas de réir a.11 (12) den Acht um an Dlí Sibhialta agus an Dlí Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 2020. Tiocfaidh an Treoir Chleachtais seo, a bhaineann le hiarratais de bhun Cuid VI den Acht um Chinnteoireacht Chuidithe (Cumas) (Leasú), 2022, (Acht 2022 anseo feasta) agus na doiciméid a ghabhann le gach Iarratas, i bhfeidhm ar an 26ú lá d’Aibreán 2023

  1. Is trí Fhógra Foriarratais a dhéanfar gach iarratas ar urscaoileadh ó Choimircíocht, bunaithe ar Mhionnscríbhinn arna mionnú ag an iarratasóir agus ar an tseirbheáil arna deimhneasc ag Mionnscríbhinn Seirbheála
  2. Beidh Foirm WOC2 (mar atá san fhoscríbhinn a ghabhann leis seo) agus na doiciméid dá bhforáiltear san fhoirm ag gabháil le gach iarratas
  3. Ní mór Foirm WOC2 (mar atá san fhoscríbhinn a ghabhann leis seo) a chomhlánú le haghaidh gach iarratas ar urscaoileadh a dhéantar ar an liosta coimircíochta.
  4. Tá an Fhoirm ar fáil ar shuíomh gréasáin Courts.ie agus ba chóir í a chomhlánú go leictreonach, de réir an fhormáidithe agus an leagan amach atá leagtha síos san Fhoirm.
  5. Beidh na nithe seo a leanas sa Mhionnscríbhinn lena mbunófar iarratais ar urscaoileadh nó urscaoileadh le Cúntóir Cinnteoireachta a lorgaíonn dearbhú faoi a. 55(1)(a):

    Deimhnisc
    Uacht agus rogha an choimircí agus faisnéis ábhartha eile arna sainordú ag a. 8(7)(b) agus (c) agus tuairimí aon duine atá clúdaithe ag a. 8(8), más ábhartha. 

    Foilseáin
    1. Tuarascáil an Liafhiosraitheora
    2. Sceideal Sócmhainní
    3. Tuairisc Leighis an iarratasóra (más infheidhme
       
  6.  Beidh na nithe seo a leanas sa Mhionnscríbhinn lena mbunófar iarratais ar urscaoileadh le Comhchinnteoir (dá ngairtear CC ina dhiaidh seo) a lorgaíonn dearbhú faoi a. 55(1)(b)(i):

    Deimhnisc
  1. Uacht agus rogha an choimircí agus faisnéis ábhartha eile arna sainordú ag a. 8(7)(b) agus (c) agus tuairimí aon duine atá clúdaithe ag a. 8(8), más ábhartha. 
  2. Oibleagáidí an Chomhchinnteora faoi a. 8(7) agus (8) den Acht le háireamh sa mhionnscríbhinn forais. 

Foilseáin

  1. Tuarascáil an Liafhiosraitheora
  2. Sceideal Sócmhainní
  3. Tuairisc Leighis an iarratasóra (más infheidhme)
  4. Togra maidir le bainistiú sócmhainní amach anseo le tarchur chuig an duine iomchuí
  5. Dréacht den chomhaontú CC beartaithe
  6. Aon Chumhacht Aturnae mharthanach atá ann faoi láthair a rinneadh faoi Acht 1996
  7. Réamhthreoir maidir le Cúram Sláinte ar bith
  1. Beidh na nithe seo a leanas sa Mhionnscríbhinn lena mbunófar iarratais ar urscaoileadh le hIonadaí Cinnteoireachta (dá ngairtear IC ina dhiaidh seo) a lorgaíonn dearbhú faoi a. 55(1)(b)(ii):

Deimhnisc

  1. Cibé ar tugadh fógra don choimircí faoin iarratas agus ar tugadh cuireadh dó/di freastal ar an éisteacht, agus murar tugadh, an bhfuil aon bhearta glactha chun a chumas nó a cumas a bheith rannpháirteach a fheabhsú de bhun a.8(7)(a);
  2. Uacht agus rogha an choimircí agus faisnéis ábhartha eile arna sainordú ag a. 8(7)(b) agus (c).
  3. Tuairimí aon duine atá clúdaithe ag a.8(8), más ábhartha. 
  4. Oibleagáidí an Ionadaí Cinnteoireachta faoi a.8(7) agus (8) den Acht le háireamh sa mhionnscríbhinn forais. 
  5. Ba cheart go sonródh an mhionnscríbhinn forais na cineálacha cinntí a dhéanfaidh an IC -
    Leas Pearsanta nó Maoin agus Gnóthaí
    Leas Pearsanta agus Maoin agus Gnóthaí
    I dteannta na gcinntí sonrúcháin dá bhforáiltear in a.43
  6. D'fhéadfadh an mhionnscríbhinn forais IC a mholadh. Má mholtar, ba chóir go ndíreodh an mhionnscríbhinn ar (a) gach ceann de na hábhair a shainaithnítear in a.38(5) (b) gach ceann de na hábhair a shainaithnítear in a.38(6).
  7. Ba cheart go sonródh an mhionnscríbhinn forais cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil aon Chumhacht Mharthanach Aturnae déanta faoi Acht 1996 agus nó faoi aon Réamhthreoir maidir le Cúram Sláinte, go bhfios don teisteoir. Ba cheart an rud céanna a fhoilseánadh má tá sé ar fáil. Caithfidh an mhionnscríbhinn aghaidh a thabhairt ar cheanglais a.38(3) agus (4).
  8. I gcás nach bhfuil duine oiriúnach toilteanach gníomhú mar IC, ba cheart go
    n-iarrfadh an mhionnscríbhinn forais ar an gCúirt iarraidh ar an Stiúrthóir beirt nó níos mó a ainmniú ón bpainéal a bunaíodh faoi a.101. 

Foilseáin

  1. Tuarascáil an Liafhiosraitheora
  2. Sceideal Sócmhainní
  3. Tuairisc Leighis an iarratasóra (más infheidhme)
  4. Togra maidir le bainistiú sócmhainní amach anseo le tarchur chuig an duine iomchuí
  5. Ráiteas sínithe ón ionadaí beartaithe ag dearbhú go dtuigeann siad agus go ngníomhóidh siad de réir a n-oibleagáidí mar a shainaithnítear ag a. 38(11) agus nach duine iad lena mbaineann a. 39. 
  1. Áireofar sa Mhionnscríbhinn Seirbheála deimhnisc:
  1. Maidir le seirbheáil ar an duine iomchuí, ar an gcúramaí agus ar aon duine eile a theastaíonn
  2. Míniú ar an iarratas agus na himpleachtaí
  3. Freagra agus freagairt an duine ábhartha 
  1. Coicís roimh an dáta a thugtar don éisteacht, ní mór leabhrán éisteachta a thaisceadh leis an gCúirt go leictreonach agus i bhfoirm páipéir in Oifig na gCoimircithe Cúirte
  2. Caithfidh na doiciméid sa leabhrán éisteachta a bheith san ord seo a leanas:
  1. Foirm WOC 2.
  2. An doiciméad a thugann eolas faoin iarratas i.e. an duillín ex parte/Fógra Foriarratais, de réir mar is cuí.
  3. An mhionnscríbhinn forais agus na foilseáin taobh thiar de.
  4. Foilseáin le cur san áireamh:
    1. Tuairisc liafhiosraitheoir na cúirte
    2. Sceideal sócmhainní
    3. Togra maidir le bainistiú sócmhainní amach anseo le tarchur chuig an duine iomchuí
  5. Aon dréacht-Ordú beartaithe.
  6. Mionnscríbhinní ábhartha eile.
  7. Mionnscríbhinn seirbheála
  8. An tOrdú/na hOrduithe is déanaí a rinneadh sna himeachtaí
  9. Na tuarascálacha leighis is déanaí agus aon doiciméid ábhartha eile
  1. Fanfaidh an Treoir Chleachtais seo i bhfeidhm go dtí go bhfógrófar a mhalairt.

 

__________
David Barniville
Uachtarán na hArd-Chúirte
24 Aibreán 2023

Foscríbhinn

Foirm WOC2: Chun gabháil le gach Iarratas ar Urscaoileadh Coimircíochta den Ard-Chúirt

High court