HC64

Alt 2A d'Acht um Bannaí 1997

An Ard-Chúirt - Bannaí- Alt 2A d'Acht um Bannaí 1997 

  1. In iarratais ar bhannaí ina bhfuil sé ar intinn ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí fianaise a threorú ó chomhalta den Gharda Síochána nach ísle ná céim an Ard-Cheannfoirt de bhun alt 2A d'Acht um Bannaí 1997 arna leasú, ba cheart fógra go bhfuil an méid sin ar intinn aige a thabhairt don iarratasóir nó dá ionadaithe dlíthiúla agus do Chláraitheoir na Cúirte seo chomh luath agus is féidir.
     
  2. Déanfar an t-iarratas ar bhannaí seo a liostú ar an lá tuairisceáin a shonrófar san fhógra tairisceana a bheidh mar fhoras leis an iarratas ag Teach Cúirte Chnoc na Seamar le lua amháin. Ní gá an t-iarratasóir (ach sa chás nach bhfuil dlíodóir ag feidhmiú ar a shon) a chur os comhair na cúirte ar an lá sin.
     
  3. Ar an lá tairisceana sin féadfaidh an breitheamh a bhfuil an liosta bannaí á thógáil aige am agus dáta a shocrú chun éisteacht leis an iarratas bannaí sna Cúirteanna Breithiúnais Coiriúla, Sráid Gheata na Páirce, Baile Átha Cliath 8. Féadfaidh an breitheamh treoracha breise a thabhairt (lena n-áirítear ordú táirgthe a dhéanamh) de réir mar is cuí leis chun a chinntiú go ndéanfar an t-iarratas ar bhannaí a chur ar siúl ag an am agus ar an dáta a cheapfar.
     
  4. Tiocfaidh an treoir chleachtais seo i bhfeidhm le héifeacht láithreach.

 

Peter Kelly,
Uachtarán na hArd-Chúirte
Meitheamh, 2016

High court