HC72
HC72
Cairde McKenzie
An Chúirt Achomhairc
Agus
An Ard-Chúirt
Maidir le Cairde McKenzie
- Féadfaidh dlíthithe cabhair réasúnta a fháil ó thuata, a thugtar Cara McKenzie air uaireanta (MF). Fanann dlíthithe a fhaigheann cabhair ó chairde McKenzie ina ndlíthithe go pearsanta. Níl aon cheart neamhspleách ag cairde McKenzie chun cabhair a thabhairt. Níl aon cheart acu chun a bheith ag feidhmiú mar ionadaithe nó chun tabhairt faoin riaradh dlíthíochta. Níl aon teidlíocht acu ar íocaíocht as a gcuid seirbhísí.
- I gcúirt, is féidir le cairde McKenzie:-
- Tacaíocht mhorálta a thabhairt do dhlíthithe;
- Nótaí a thógáil;
- Cuidiú le cáspháipéir, faoi réir mír 6 thíos:
- Comhairle a thabhairt go ciúin ar ghné ar bith maidir le riaradh an cháis.
- Ní féidir le cairde McKenzie:-
- An Chúirt a aitheasc, aighneachtaí ó bhéal a dhéanamh nó finnéithe a scrúdú. Níl ceart éisteachta nó ceart dlíthíocht a riarú ag cairde McKenzie. In imthosca eisceachtúla, féadfaidh cúirt cead a thabhairt do chara McKenzie an chúirt a aitheasc. Is annamh a bheidh imthosca den sórt sin ann.
- Aon íocaíocht a fháil as a gcuid seirbhísí.
- Feidhmiú mar ghníomhaire dlíthithe maidir leis na himeachtaí;
- Cásanna dlíthithe a bhainistiú taobh amuigh den chúirt, mar shampla le doiciméid cúirte a shíneadh.
- Cé go bhféadfaidh dlíthithe cabhair réasúnta a fháil ó chairde McKenzie, coinníonn an chúirt an chumhacht cead ar an gcabhair sin a dhiúltú. Féadfaidh an chúirt é sin a dhéanamh i gcás ina bhfuil sí sásta nach gá aon dlíthí cúnamh den sórt sin a fháil ar mhaithe leis an gceartas agus leis an gcothroime. I gcás ina dtugann an chúirt cead do dhlíthí cabhair a fháil ó chara McKenzie, féadfaidh sí an modh ina gcuirtear cabhair ar fáil a rialáil. Féadfaidh sí an cead a tharraingt siar má mheasann sí go bhfuil an cara McKenzie ag cur bac ar riaradh an cheartais. Má iarrann an chúirt é ní mór do chara McKenzie a (h)ainm, a s(h)eoladh agus a s(h)onraí teagmhála a thabhairt.
- Ní fhéadfaidh ach cara McKenzie amháin cabhrú le dlíthí sa chúirt.
- Dírítear aird dlíthithe agus cairde McKenzie beartaithe ar fhorálacha Alt 58 den Acht Aturnaetha 1954 arna leasú lena bhfágtar gur cion coiriúil é do dhuine neamhcháilithe, mar a shainaithnítear san Acht, doiciméad a tharraingt nó a ullmhú a bhaineann, inter alia, le haon imeacht dlí go díreach nó go hindíreach le haghaidh nó sa tuiscint go bhfaighfear táille, sochar nó duais ar bith.
- Tiocfaidh an Treoir Chleachtais seo i bhfeidhm ar an 1 Deireadh Fómhair, 2017.
Arna dhátú 31 Iúil 2017
Sean Ryan
Uachtarán na Cúirte Achomhairc
Peter Kelly
Uachtarán na hArd-Chúirte
High court