HC41

Orduithe forfheidhmithe Eorpacha

Fógra agus treoir cleachtais

1. Tá feidhm le Rialachán (AE) Uimh. 805 /2004 de chuid Pharlaimint na hEorpa agus den Chomhairle Eorpach dár dáta an 21 Aibreán 2004 ag cruthú ordú forfheidhmithe eorpach i gcás éileamh gan chonspóid (OJ L143, 30 Aibreán 2004, lth.15) ("Rialachán an AE"), ón 21 Deireadh Fómhair, 2005.
2. Tháinig Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Ordú Forfheidhmithe Eorpach) 2005 (I.R. Uimhir. 648 de 2005), arna ndéanamh chun feidhmiú Rialachán an AE a éascú, i bhfeidhm an 21 Deireadh Fómhair 2005.
3. De bhun alt 25(1) den Acht um Chúirteanna agus Oifigigh na gCúirteanna, 1995, leithdháilim le seo na feidhmeanna agus cumhachtaí a leanas do Mháistir na hArd-Chúirte ("an Máistir"), infheidhmithe ar iarratas chuig an máistir de réir na treorach cleachtais seo:

(a) eisiúint teastas eisiúint teastas de chuid an ordaithe fhorfheidhmithe eorpaigh faoi airteagal 6.1 de Rialachán an AE;

(b) eisiúint teastas a léiríonn easpa nó srian ar infhorfheidhmitheacht breithe faoi airteagal 6(2) de Rialachán an AE;

(c) eisiúint teastas athchuir faoi airteagal 6(3) de Rialachán an AE.

(1) Is féidir iarratas ar theastas gur ordú forfheidhmithe eorpach é breith de chuid bhreithimh den Ard-Chúirt a dhéanamh ex parte don chúirt ag an éisteacht ina ndearnadh nó inar tugadh an bhreith sin.

(2) Nuair nach ndearnadh a leithéid d'iarratas ag an éisteacht thuasluaite, agus i gcásanna breithiúnais atá curtha chuig an bPríomh-Oifig, déanfar aon iarratas ar bhreithiúnas a dheimhniú mar ordú forfheidhmithe eorpach ar bhealach ex parte chuig an máistir.

(3) Is féidir leis an gcreidiúnaí breithiúnais nó an féichiúnaí breithiúnais iarratas ar theastas a léiríonn nach bhfuil aon easpa nó srian ar fhorfheidhmitheacht breithiúnais faoi airteagal 6(2) de Rialachán Uim. 805/2004 a dhéanamh ar bhealach ex parte chuig an chúirt ag an éisteacht inar tugadh an breithiúnas ag fionraí nó ag teorannú na forfheidhmitheachta.

(4) Is féidir le páirtí san achomharc iarratas ar theastas athsholáthair i leith chinneadh achomhairc don Ard-Chúirt maidir le breithiúnas a theistítear bheith ina ordú forfheidhmithe eorpach faoi airteagal 6(3) de Rialachán Uim. 805/2004 a dhéanamh ar bhealach ex parte ag an am a thugtar an breithiúnas ar an achomharc.

(5) Nuair nach ndearnadh iarratas ar theastas de réir fhomhíreanna 3 nó 4, is féidir iarratas ar an teastas seo a dhéanamh chuig an máistir, ach fógra a thabhairt don chreidiúnaí nó don fhéichiúnaí breithiúnais, de réir mar is cuí.

(6) Déanfar iarratas faoi airteagal 10(1) de Rialachán an AE ar cheartú nó tarraingt siar teastas ordú forfheidhmithe eorpach chuig an chúirt nó, nuair a theistigh an máistir gur ordú forfheidhmithe eorpach é an breithiúnas, chuig a n máistir, ach fógra a thabhairt don chreidíúnaí breithiúnais nó don fhéichiúnaí breithiúnais, de réir mar is cuí.

Forasófar iarratas ar aon teastas thuasluaite, mura dtreoraíonn an chúirt nó an máistir, de réir mar is cuí, a mhalairt, ar mhionnscríbhinn arna mionnadh ag an bpáirtí molta nó thar a cheann. Aon mhionnscríbhinn forais d'iarratas ar bhreithiúnas teaghlaigh a theistiú mar ordú forfheidhmithe eorpach, beidh sí san fhoirm a leagtar síos sa sceideal don fhógra agus don treoir chleachtais seo, nó cuimseoidh sí na hábhair i míreanna 2 go 5 den fhoirm sin.
Is féidir leis an gcúirt nó an máistir, de réir mar is cuí, treoir a thabhairt don iarratasóir dréacht den fhoirm chomhlánaithe de theastas a thaisceadh, murar foilseánadh an dréacht-teastas le mionnscríbhinn forais an iarratais ar theastas.
Teastais a eisíonn breitheamh de chuid na hArd-Chúirte, síneoidh agus séalóidh cláraitheoir de chuid na cúirte iad. Teastais a eisíonn an máistir, síneoidh agus séalóidh cláraitheoir an mháistir iad. Teastais faoi airteagal 6(1) de Rialachán an AE i leith breithiúnais a chuirtear chuig an bPríomh-Oifig, síneoidh agus séalóidh Cláraitheoir na Príomh-Oifige iad.
Imeoidh an leithdháileadh dá dtagraítear i mír 3 agus sa treoir chleachtais seo as éifeacht ar theacht i bhfeidhm Rialacha na nUaschúirteanna a rialaíonn na hábhair thuasluaite.

Sceideal
Mionnscríbhinn forais d'iarratas ar theastas gur Ordú Forfheidhmithe Eorpach é breithiúnas
[Teideal mar a luaitear sna himeachtaí ]

Tugaimse, AB, le seoladh i , ar (gearánaí nó ról eile) mé sna himeachtaí faoin teideal a luaitear thuas, ar 18 bliain d'aois mé nó níos sine, MIONN agus fógraím mar a leanas:

[Léirigh údarás an teisteora] . Déanaim an mhionnscríbhinn seo bunaithe ar fhíorais de chuid m'eolais féin mura ndeirtear a mhalairt agus má deirtear, creidim gur fíor iad.
Tagraím do na himeachtaí a tharla anseo agus don [bhreithiúnas nó ordú a tugadh] ar an lá de mhí 20 inar [tugadh breithiúnas i bhfách an ghearánaí/ ordaíodh don chosantóir íocaíocht a dhéanamh don ghearánaí ] de shuim airgid €  . Deirim gur breithiúnas ar éileamh neamhchonspóidithe é an [breithiúnas/ordú] seo, faoi Rialachán (CE) Uim. 805/2004.
An t-éileamh a rinneadh anseo, b'éileamh é ar mhéid sonrach airgid a bhí dlite agus ar éileamh neamhchonspóidithe é taobh istigh de chiall Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uim. 805/2004 mar:
[léirigh na cúinsí a leagtar amach i mír 3 mar is cuí ]
4. Is féidir an [breithiúnas/ordú] a theistiú mar Ordú Forfheidhmithe Eorpach faoi Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uim 805/2004 mar:
*comhlíontar gach ceann de na coinníollacha a leagtar síos i bhfo-mhíreanna (a), (b), (c) agus (más cuí) (d) i mír 1 d'Airteagal 6 den Rialachán thuasluaite i dtaca leis an [mbreithiúnas / ordú] nó
*(nuair nach gcomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na riachtanais ghnásúla d'Airteagail 13 go 17 (an dá cheann seo san áireamh) de chuid Rialacháin (CE) Uim. 805/2004)

*comhlíontar gach ceann de na coinníollacha a leagtar síos i bhfo-mhíreanna (a), (b), agus (más cuí) (d) i mír 1 d'Airteagal 6 den Rialachán thuasluaite i dtaca leis an [mbreithiúnas / ordú] agus [léirigh an bonn ar a leigheasadh aon neamhchomhlíonadh faoi Airteagal 18(1) nó Airteagal 18(2) den Rialachán]

Tagraím do dhréacht-theastas d'Ordú Forfheidhmithe Eorpach atá comhlánaithe de réir Iarrscríbhinn 1 de chuid Rialacháin Uim. 805/2004 ar ar marcáladh "A". Shínigh mé m'ainm roimh dom é seo a mhionnadh agus dearbhaím gur fíor é ábhar an dréacht-theastais mar a comhlánaíodh é. Iarraim, dá réir, go dteisteofar an [breithiúnas/ordú] mar Ordú Forfheidhmithe Eorpach de réir Airteagal 6 de Rialachán Uim. 805/2004 san fhoirm a leagtar síos sa dhréacht a fhoilseántar le seo.

MIONNAITHE agus rl

High court