HC87

An tAcht um Chumhacht Mharthanach Aturnae, 1996

Treoir Chleachtais

An tAcht um Chumhacht Mharthanach Aturnae, 1996

De bharr srianta atá i bhfeidhm le haghaidh Covid-19 déantar an ceanglas maidir le seirbheáil phearsanta Fhoirm 1 (Iarratas ar Chlárú) ar an Deontóir faoi I.R. 66/2000, A.3(3) a ligean thar ceal leis seo. Is féidir Foirm 1 (Iarratas ar Chlárú) a sheirbheáil ar an Deontóir trí phost cláraithe réamhíoctha agus í dírithe chuig áit chónaithe reatha an Deontóra.

Fanfaidh an treoir chleachtais seo i bhfeidhm go dtí go bhfógrófar a mhalairt.

__________________
Peter Kelly,
Uachtarán na hArd-Chúirte

Arna dhátú an 18 Márta, 2020
Scortha ar an 06/07/2020 ag Uachtarán na hArd-Chúirte 
Arna chur ar ais ar an 07/10/2020 ag Uachtarán na hArd-Chúirte
Scortha ar an 17/01/2024 ag Uachtarán na hArd-Chúirte 

High court