HC68

Aighneachtaí Scríofa

  1. Tá feidhm ag an Treoir Chleachtais seo ar gach imeacht shibhialta a ndéantar foráil d'aighneachtaí scríofa ina leith i Rialacha na nUaschúirteanna nó mar a ordaíonn an chúirt.
  2. Tiocfaidh an Treoir Chleachtais seo i bhfeidhm ar an 1 Deireadh Fómhair, 2016 agus cúlghairtear leis Treoir Chleachtais HC03 de Shamhain 1993.
  3. Formáid agus ábhar aighneachtaí scríofa
    1. Ba cheart go mbeidh teideal agus uimhir thaifid an cháis ar gach aighneacht scríofa agus ba cheart go léireofar orthu cé thar a cheann nó thar a ceann a gcuirtear i láthair iad. Ba cheart go gcuirfear dáta ar na haighneachtaí agus i gcásanna ina bhfuil siad socraithe ag abhcóide, ba cheart go mbeidh ainmneacha na n-abhcóidí le feiceáil ag bun na n-aighneachtaí.
       
    2. Ba cheart go ndéanfar aighneachtaí scríofa a leagan amach go loighciúil le ceannteidil chuí agus ba cheart go mbeidh siad ina n-achoimre achomair ar na haighneachtaí atá le forbairt in argóint ó bhéal. Ba cheart go mbeidh siad saor ó ábhar neamhábhartha, ábhar gan tábhacht agus ábhar scannalach. Ba cheart go ndéanfar tagairt iontu do gach údarás ábhartha a mbeifear ag brath orthu.
       
    3. Ba cheart na haighneachtaí a chur ar fáil san fhormáid seo a leanas:
      1. Leathanach sa mhéid A4 clóite ar thaobh amháin;
      2. Clómhéid 12, Times New Roman nó clófhoireann cosúil leis;
      3. Spásáil línte 1.5;
      4. Ciumhaiseanna 3.25 cm ar gach taobh agus 2.5 cm ag an mbarr agus ag an mbun;
      5. Gan níos mó ná 10,000 focal san iomlán (an líon focal le tabhairt ar dhoiciméad na n-aighneachtaí) ach amháin le cead na cúirte.
         
    4. Ba cheart go leanfar an teimpléad seo a leanas sna haighneachtaí:
       
      1. Réamhrá (nár cheart a bheith níos faide ná dhá leathanach) lena leagtar amach an cúlra fíorasach,
      2. Na saincheisteanna sa chás,
      3. Na haighneachtaí a bhaineann leis na saincheisteanna sin,
      4. Conclúidí agus léiriú ar na horduithe atá á lorg.
         
    5. Ba cheart a aithint sna haighneachtaí na prionsabail dhlíthiúla a bhaineann leis an gcás arna phléadáil agus/nó an fhianaise atá le tabhairt ar aird. Ba cheart díriú ar na hábhair sin iontu agus ní cheadaítear aighneachtaí ginearálaithe.
  1. Croineolaíocht

    Ba cheart don ghearánaí/iarratasóir croineolaíocht a chur isteach mar fhoscríbhinn do na haighneachtaí.  Beidh an fhoscríbhinn seo mar chuid de na haighneachtaí chun críocha an líon focal de 10,000 focal. Ba cheart don chosantóir/fhreagróir a chur in iúl ina chuid aighneachtaí má ghlactar leis an gcroineolaíocht. I gcás nach nglactar leis an gcroineolaíocht, ba cheart don chosantóir/fhreagróir a chroineolaíocht féin a thabhairt ina gcuirtear in iúl na pointí difríochta go soiléir.
     
  2. Leabhair údarás
  1. Mura n-ordaítear a mhalairt, ba cheart leabhair údarás a chur ar fáil san fhormáid agus sa seicheamh seo a leanas:
  1. Aon fhorálacha ábhartha ón mBunreacht,
  2. Aon fhorálacha reachtúla ábhartha;
  3. Údaráis Éireannacha,
  4. Údaráis idirnáisiúnta,
  5. Ábhair eile lena n-áirítear sleachta ó théacsleabhair nó ó irisleabhair.
  1. I gcás inar tuairiscíodh cás sna tuarascálacha oifigiúla, is í an tuarascáil sin an t-aon cheann amháin ba cheart a chuimsiú sa leabhar údarás.
  2. Ní gá go gcuimseofar gach údarás dá dtagraítear in aighneachtaí i scríbhinn amháin sa leabhar údarás. Ní gá ach na cinn a ndéanfar tagairt dóibh san argóint ó bhéal a chur san áireamh. Níor cheart go mbeidh níos mó ná deich gcinn ann gan cead a fháil ón gcúirt roimh ré.
  3. Tá sé de fhreagracht ar na páirtithe leabhair údarás a chomhaontú. Tráth nach déanaí ná dáta seachadta aighneachtaí scríofa an ghearánaí/achomharcóra, ba cheart don pháirtí sin liosta de na húdaráis a mbeifear ag brath orthu a sheachadadh don chosantóir/fhreagróir agus d'aon pháirtithe eile sna himeachtaí hachomhairc. Tráth nach déanaí ná dáta seachadta na n-aighneachtaí freagartha, déanfaidh an cosantóir/freagróir agus páirtí ar bith eile liosta de na húdaráis a mbeidh siad ag brath orthu a sheachadadh don ghearánaí/iarratasóir.
  1. Seolfar cóip leictreonach d'aighneachtaí scríofa trí ríomhphost a sheoladh chuig highcourtsubmissions@courts.ie (mar aon leis an gcóip chrua) laistigh den am socraithe. Ba cheart teideal an ríomhphoist ina gcuimseofar na haighneachtaí a chur san fhormáid seo a leanas: Teideal agus Uimhir Thaifid, dáta na héisteachta agus an páirtí a bhfuil na haighneachtaí á dtaisceadh thar a cheann.

 

Peter Kelly,
Uachtarán na hArd-Chúirte
22 Meán Fómhair, 2016

 

High court