Ordú 63

Máistir na hArd-Chúirte

1. I dteannta aon orduithe a fhéadfaidh an Máistir a dhéanamh faoi aon cheann eile de na Rialacha seo féadfaidh an Máistir aon cheann de na horduithe seo a leanas a dhéanamh:—


(i) Aon ordú taoibhe seachas na cinn a luaitear in Ordú 30 (17) agus (18).


(ii) Aon ordú a fhéadfar a dhéanamh gan cheist.


(iii) Ordú chun caomhnóir ad litem naín nó duine mhímheabhraigh nach mbeidh breithnithe ina dhuine mímheabhrach ag ionchoisne a cheapadh.


(iv) Ordú le haghaidh ráitis i dtaobh ainmneacha daoine a fhéadfaidh a bheith ina gcomhpháirtithe in aon ghnólacht a bheidh ag agairt nó á agairt i gcaingean nó in ábhar.


(v) Ordú chun an tréimhse ama chun aon ghníomh nó aon bheart a dhéanamh, i gcaingean nó in ábhar, a fhadú.


(vi) Ordú chun doiciméid nó maoin réadach nó phearsanta a fhollasú, go teoranta nó i gcoitinne, nó a iniúchadh, nó chun agarcheisteanna a sheachadadh.


(vii) Ordú chun glacadóir a cheapadh nó a urscaoileadh in iarratais neamhchonspóidte.


(viii) Ordú chun caingean a dhíbhe, le costais, d’uireasa í a thabhairt ar aghaidh nó de dheasca loiceadh mionnscríbhinn follasaithe a dhéanamh nó agarcheisteanna a fhreagairt.


(ix) Ordú chun cosaint a scriosadh amach, le costais, de dheasca loiceadh mionnscríbhinn follasaithe a dhéanamh nó agarcheisteanna a fhreagairt.


(x) Ordú chun fianaise a thógáil, ar coimisiún.


(xi) Ordú ar iarratas ar ordacháin i dtaobh seirbheála i gcás toghairme tionscnaimh nuair nach ábhar inter partes é nó i dtaobh nóis imeachta eile in aon chaingean nó ábhar.


(xii) Ordú ag cur páirtí leis na páirtithe nó ag ionadú páirtí in aon imeacht.


(xiii) Ordú ag tabhairt ceada chun idiragairt agus láithriú.


(xiv) Ordú chun pléadálacha a leasú, le toiliú.


(xv) Ordú chun earrá idí clé ireachais nó earrá idí in ainmneacha páirtithe in aon imeacht a cheartú, cibé acu is le toiliú a cheartófar iad nó nach ea, ach sin faoi réir athsheirbheáil a dhéanamh nuair nach le toiliú a cheartófar iad.


(xvi) Ordú chun toiliú a ghlacadh agus riail Chúirte a dhéanamh de i gcás na páirtithe a bheith ina bpáirtithe sui juris.


(xvii) Ordú faoi na hAchtanna um Fhianaise Leabhar Baincéirí, 1879 agus 1959.


(xviii) Ordú chun cistí a bheidh chun creidiúna do naíon a íoc amach as an gCúirt ar lán-aois a shlánú dó, nó (má údaraítear é le hordú ó Bhreitheamh) chun tairbhe dó le linn mionaoise.


(xix) Ordú i gcásanna neamhchonspóidte chun cuntas a chur á thógáil nó fiosrúchán a chur á dhéanamh.


(xx) Ordú chun forghairm a eisiúint, lena seirbheáil lasmuigh den dlínse, d’fhonn imeachtaí in ábhair phrobháide chointinneacha a thabhairt faoi aird.


(xxi) Ordú chun forghairm a eisiúint chun deonú probháide nó litreacha riaracháin a thaisceadh sa Chúirt.


(xxii) Ordú ag tabhairt ceada chun mionnscríbhinn fhorlíontach scríbhinní a chomhdú.


(xxiii) Ordú á ordú d’aon pháirtí scríbhinní a thaisceadh.


(xxiv) Ordú ag ceapadh glacadóra in ionad glacadóra a bheidh tar éis bháis nó a bheifear tar éis a urscaoileadh, lena n-áirítear aon ordacháin iarmhartacha is gá i dtaobh chuntais an ghlacadóra éagtha nó urscaoilte.


(xxv) Ordú stoptha ar airgead nó ar urrúis sa Chúirt.


(xxvi) Ordú chun subpoena a eisiúint faoi Ordú 39, riail 30.


(xxvii) Ordú chun forghairm a eisiúint i gcúiseanna nó in ábhair maidir le pósadh.


(xxviii) Ordú seacht lá chun costais a íoc nó urrús a thaisceadh ar dheimhniú nó ar thuarascáil ón Máistir Fómhais i gcúiseanna nó in ábhair maidir le pósadh.


(xxix) Ordú chun lis pendens a dhíchur ar an duine a bheidh tar éis é a chlárú dá iarraidh sin.


(xxx) Ordú faoi Ordú 33, riail 1, le toiliú, ag socrú na saincheisteanna a bheidh le triail.


(xxxi) Ordú ag tabhairt ceada chun forghníomhú a eisiúint in ainm nó i gcoinne ionadaí phearsanta dhlíthiúil páirtí éagtha.


(xxxii) Ordú ag tabhairt ceada chun ordú fieri facias a athnuachan ar bhliain amháin a bheith caite, nó chun ordú nua fieri facias a eisiúint ar an ordú bunaidh a bheith caillte.


(xxxiii) Ordú chun imeachtaí a aistriú chuig an gCúirt Chuarda nó chuig an gCúirt Dúiche, le toiliú ó na páirtithe, lena n-áirítear gach ordú coimhdeach chun airgead a bheidh taiscthe sa Chúirt a aistriú.


(xxxiv) Ordú ag tabhairt ceada chun fógra tríú páirtí a sheirbheáil le toiliú ón ngearánaí.


2. Féadfaidh an Máistir in aon chás, le toiliú ó na páirtithe uile lena mbainfidh nó le hordú ón gCúirt, aon damáistí a mbeidh páirtí ina dteideal a mheasúnú, nó aon chuntas a thógáil.


3. Féadfaidh an Máistir, le toiliú ó na páirtithe uile lena mbainfidh, aon saincheist fíorais a thriail.


4. Féadfar na hOrduithe a luaitear in (i), (ii), (iii), (iv), (xi), (xv), (xvi), (xvii), (xviii), (xx), (xxi), (xxv), (xxvi) agus (xvii) i riail 1 a dhéanamh ar iarratas ex parte. Féadfar na horduithe eile go léir a luaitear thuas a dhéanamh ar iarratas le foriarratas iar bhfógra, ach amháin mar a gceanglaítear a mhalairt le haon riail eile. Déanfar fógra dhá lá glan ar a laghad a thabhairt faoin bhforiarratas sin.


5. In aon chásanna ina bhféadfaidh an Máistir ordú a dhéanamh féadfaidh sé aon ordú forlíontach nó coimhdeach a dhéanamh freisin agus féadfaidh sé aon ordacháin is gá a thabhairt.


6. In aon chás ina bhféadfaidh an Máistir ordú a dhéanamh, is faoi rogha an Mháistir a bheidh costais an iarratais, agus féadfaidh sé a ordú suim i gcomhlán a íoc in ionad costais arna bhfómhas a íoc.


7. Féadfaidh an Máistir dá rogha féin aon chás a aistriú chuig liostaí na Cúirte lena éisteacht.


8. Beidh lánchumhacht ag an Máistir, chun críche aon imeachtaí a bheidh os a chomhair, páirtithe agus finnéithe a thoghairm, daoine a chur faoi mhionn, a cheangal doiciméid a thabhairt ar aird, mionnscríbhinní, dearbhascthaí agus admhálacha a thógáil, agus páirtithe agus finnéithe a cheistiú ar agarcheisteanna nó viva voce. Beidh de cheangal ar pháirtithe agus ar fhinnéithe a dtoghairfear orthu freastal os comhair an Mháistir freastal, agus dlífear próis díspeagtha a chur orthu amhail mar a dhlítear próis díspeagtha a chur ar pháirtithe nó ar fhinnéithe mura ndéantar de réir aon ordaithe ón gCúirt.


9. Aon pháirtí arb éagóir leis ordú, lena n-áirítear ordú i leith costas, arna dhéanamh ag an Máistir, féadfaidh sé, laistigh de shé lá ó dháta a chomhlánaithe nó, i gcás ordaithe arna dhéanamh ex parte, laistigh de shé lá ón bhfógra faoin ordú, nó i gcás diúltú, laistigh de shé lá ó dháta an diúltaithe sin, a iarraidh ar an gCúirt an t-ordú sin a urscaoileadh nó an t-ordú a dhéanamh a mbeifear tar éis a dhiúltú.


10. Aon ordú a fhéadfaidh an Máistir a dhéanamh féadfaidh Leas-Mháistir é a dhéanamh.


11. Féadfar éisteacht a thabhairt d’abhcóide in aon chás os comhair an Mháistir, ach ní cheadófar costais an abhcóide sin mura mbeidh deimhnithe ina leith ag an Máistir.