HC66

Litreacha Cleachtóirí Dócmhainneachta Pearsanta in Ábhair Féimheachta

  1. Le gach Achainí a chuireann féichiúnaí isteach le hordú um bhreithniú féimheachta a lorg, ní mór go mbeidh mionnscríbhinn an fhéichiúnaí ann lena dtaispeántar litir ó Chleachtóir Dócmhainneachta Pearsanta atá cláraithe le Seirbhís Dóchmainneachta na hÉireann lena ndeimhnítear an méid seo a leanas:
  1. Bhuail an Cleachtóir Dócmhainneachta Pearsanta leis an bhféichiúnaí agus rinne an Cleachtóir sin agallamh leis/léi maidir lena s(h)ócmhainní, lena d(h)liteanais agus lena (h)ioncam.
  2. Dheimhnigh an féichiúnaí don Chleachtóir Dócmhainneachta Pearsanta go bhfuil an Ráiteas Gnóthaí (i bhFoirm 23 Foscríbhinn O de Rialacha na nUaschúirteanna) cruinn, iomlán, leanúnach agus nach bhfuil rud ar bith san agallamh leis an bhféichiúnaí a gcuirfeadh amhras ar an gCleachtóir Dócmhainneachta Pearsanta. (Ba cheart go dtabharfaidh an féichiúnaí an deimhniú sin don Chleachtóir Dócmhainneachta Pearsanta, fiú má rinne an cleachtóir an Ráiteas Gnóthaí thar ceann an fhéichiúnaí ionas go mbeidh an cleachtóir in ann deimhniú don Chúirt mar a cheanglaítear.)
  3. Ag féachaint d'ábhar Ráiteas Gnóthaí an fhéichiúnaí agus d'agallamh an Chleachtóra Dócmhainneachta Pearsanta leis an bhféichiúnaí, creideann an Cleachtóir Dócmhainneachta Pearsanta nach bhfuil an féichiúnaí in ann a c(h)uid fiacha a íoc mar a bhíonn siad dlite agus nach féidir déileáil le neamhábaltacht an fhéichiúnaí lena ghealltanais a chomhlíonadh ar bhealach níos oiriúnaí trí Phróiseas Fógra Faoisimh Fiachais, Socrú Socraíochta Fiachais nó Socrú Dócmhainneachta Pearsanta.
  1. Níor cheart d'fhéichiúnaí a Ráiteas Gnóthaí a mhionnú ná a Ráiteas Faisnéise Pearsanta a shíneadh, go dtí go mbeidh sé /sí go hiomlán sásta go bhfuil gach doiciméad cruinn, iomlán agus leanúnach.
     
  2. Gabhann an Treoir Chleachtais seo ionad na Treorach Cleachtais roimhe sin ar na hábhair seo (HC60) arna chúlghairm.
     
  3. Tá éifeacht láithreach ag an Treoir Chleachtais seo
     

Arna dhátú an 16ú lá de mhí Lúnasa 2016
Peter Kelly
Uachtarán na hArd-Chúirte

High court