HC101

Rochtain ar Aighneachtaí Scríofa

Leis seo eisím, Mary Irvine, Uachtarán na hArd-Chúirte, an Treoir Chleachtais seo a leanas de réir alt 11(12) agus (13) den Acht um an Dlí Sibhialta agus an Dlí Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 2020.

Tiocfaidh an Treoir Chleachtais seo in ionad AC101 agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an 22 Feabhra 2021

  1. Ar mhaithe le trédhearcacht agus i gcomhréir le prionsabal an cheartais oscailte, féadfaidh duine ar bith den phobal rochtain ar na haighneachtaí scríofa a sholáthraíonn páirtithe in imeachtaí don Chúirt a lorg de réir na Treorach Cleachtais seo a leanas. 
  2. Níl feidhm ag an Treoir Chleachtais seo ach amháin maidir le haighneachtaí scríofa in imeachtaí sibhialta a sholáthraíonn páirtí ar bith don Chúirt ag éisteacht agus a bhfuil Ordú déanta ina leith ag Breitheamh den Ard-Chúirt a thugann Breithiúnas sna himeachtaí sin go gcuirfear an méid sin ar fáil do dhaoine den phobal ar na téarmaí a leagtar amach sa Treoir Chleachtais seo. 
  3. Ní dhéanfar aon Ordú dá dtagraítear i mír 2 thuas i gcásanna a éistfear i gcúirt iata, nó i gcásanna ina bhfuil srianta ar thuairisceoireacht i bhfeidhm de bhun reachta. 
  4. Le héifeacht ón dáta a chuirfear an Treoir Chleachtais seo i bhfeidhm, má tá sé ar intinn ag páirtí aighneachtaí scríofa a sholáthar don chúirt agus má tá faisnéis sna haighneachtaí sin a bhfuil toirmeasc ar a bhfoilsiú, nó a sháródh aon srian atá in achtachán nó riail dlí nó ordú cúirte ar bith, lena n-áirítear an reachtaíocht um chosaint sonraí, agus/nó mura cuireadh na haighneachtaí faoi réir an phrionsabail an íoslaghdaithe sonraí faoin reachtaíocht um chosaint sonraí, ní mór don pháirtí sin leagan folaithe dá aighneachtaí scríofa a ullmhú, agus “Aighneachtaí Scríofa le Scaoileadh go Poiblí” mar theideal orthu, óna mbeidh an fhaisnéis sin go léir scriosta, i dteannta na haighneachtaí scríofa a ullmhaíodh don chúirt. Tá sé de fhreagracht ar gach páirtí a bhfuil sé ar intinn aige aighneachtaí scríofa a sholáthar ábhar den sórt sin a shainaithint. Ní mór do gach páirtí a chinntiú go bhfuil na hAighneachtaí Scríofa atá le Scaoileadh go Poiblí i gcomhréir leis an dlí ag féachaint dá gcríocha beartaithe, lena n-áirítear an dlí um chosaint sonraí. Ba cheart do gach páirtí, inter alia, aitheantas a thabhairt don oibleagáid atá sa dlí um chosaint sonraí maidir le híoslaghdú sonraí, i.e. go ndéanfar aon fhaisnéis nach bhfuil riachtanach nó ina bhfuil faisnéis imeallach a bhaint e.g. seoltaí, uimhreacha cuntais bainc, aoiseanna nó ainmneacha leanaí agus cineálacha comhchosúla faisnéise. 
  5. Ba cheart go mbeadh an dáta, céannacht an pháirtí ar soláthraíodh na haighneachtaí thar a cheann, agus céannacht an aturnae agus an abhcóide don pháirtí sin sna hAighneachtaí Scríofa atá le Scaoileadh go Poiblí. 
  6. Beidh sé de fhreagracht ar gach páirtí a chinntiú nach mbeidh ábhar scannalach, maslach nó cráiteach sna hAighneachtaí Scríofa atá le Scaoileadh go Poiblí. 
  7. Níor cheart go mbeadh aon bharúlacha lámhscríofa ná aon mharcanna d'aon chineál ar na hAighneachtaí Scríofa atá le Scaoileadh go Poiblí.
  8. Ach amháin i gcás ina n-ordaíonn an Breitheamh Ceannais a mhalairt, ag deireadh aon éisteachta inar sholáthraigh páirtí ar bith aighneachtaí scríofa don Chúirt, ordóidh an Chúirt go ndéanfaidh an páirtí/na páirtithe lena mbaineann na hAighneachtaí Scríofa atá le Scaoileadh go Poiblí, mar atá sainmhínithe i mír 4 thuas, a chomhdú leis an bPríomh-Oifig laistigh den am a forordaíodh san Ordú.
  9. Nuair a bheidh Orduithe deiridh á ndéanamh aige/aici tar éis breithiúnas a thabhairt, déanfaidh an Breitheamh Ceannais athbhreithniú ar na hAighneachtaí Scríofa atá le Scaoileadh go Poiblí a comhdaíodh agus más deimhin leis/léi gurbh iad na haighneachtaí a breithníodh chun críocha a mbreithiúnais iad, déanfaidh sé/sí Ordú go gcuirfear iad ar fáil do dhaoine den phobal, má iarrtar sin, bunaithe ar na coinníollacha atá leagtha amach sa chuid eile den Treoir Chleachtais seo.  
  10. Féadfaidh aon duine den phobal cóip de na hAighneachtaí Scríofa atá le Scaoileadh go Poiblí i gcás ar bith a lorg trí iarratas a chur chuig an bPríomh-Chláraitheoir ag an bPríomh-Oifig. Leis an iarratas sin, ba cheart go sainaithneofar ainm na n-imeachtaí, uimhir thaifid na n-imeachtaí, agus, má tá sé ar fáil, dáta an Bhreithiúnais agus ainm Bhreitheamh na Trialach. 
  11. Féadfaidh an Príomh-Chláraitheoir;
  1. cóip de na haighneachtaí scríofa a sholáthar i bhfoirm leictreonach faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa Treoir Chleachtais seo ar aon táille is inmhuirir i leith cóip den sórt sin a íoc;
  2. treoir a lorg ó Bhreitheamh na Trialach a rinne an tOrdú go gcuirfí na hAighneachtaí Scríofa atá le Scaoileadh go Poiblí is ábhar don iarratas ar fáil do dhaoine den phobal. 
  1. Ní bhaineann aon tarscaoileadh cóipchirt ó údar/údair na n-aighneachtaí sin le soláthar na n-Aighneachtaí Scríofa atá le Scaoileadh go Poiblí agus ní thugtar an méid sin le tuiscint. 
  2. Níl feidhm ag an Treoir Chleachtais seo ach amháin maidir le haighneachtaí scríofa a ullmhaíonn agus/nó a chuireann abhcóide cleachtach amháin nó níos mó agus/nó aturnae cleachtach amháin nó níos mó isteach.

Mary Irvine
Uachtarán na hArd-Chúirte
18 Feabhra 2021.

High court