HC85

Liosta Tráchtála

Gabhann an Treoir Chleachtais seo ionad HC50 Bealtaine, 2009, agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an 12 Aibreán, 2019.

  1. Ní mór go mbeidh Deimhniú an Aturnae a eisíodh de bhun O.63(a), r. 4 (2) de Rialacha na nUaschúirteanna atá mar fhoras le hiarratas ar chás a iontráil ar an Liosta Tráchtála sínithe ag Aturnae aonair atá freagrach agus a bheidh freagrach as seoladh an cháis. Ní leor é an Deimhniú a shíniú in ainm gnólachta. Ba chóir go luafar sa Deimhniú lena lorgaítear cead ar iontráil ar an Liosta an t-alt/na hailt de O.63 A r. (1) faoina ndéantar an t-iarratas. 
     
  2. Mar aon leis an ábhar eile lena bhforordaítear sna Rialacha, ní mór go mbeadh gealltanais an aturnae don chúirt sa Deimhniú sin –
  1. i gcás ina nglacfar an cás ar an Liosta Tráchtála, go ndéanfaidh an t-aturnae sin dianiarracht chun a chinntiú go gcomhlíonfar treoracha na cúirte ina n-iomláine; agus
  2. go ndéanfaidh an t-aturnae dianiarracht, laistigh de 14 lá ó chríoch an cháis san Ard-Chúirt, más trí chomhaontú, trí scór, trí scriosadh amach, trí dhíbhe nó trí ordú cúirte eile agus is cuma más roimh iontráil ar an Liosta Tráchtála nó ina dhiaidh sin, chun Cás-Tuairisc a chur isteach go leictreonach ag commercialdata@courts.ie san fhormáid arna foilsiú ar rannán na hArd-Chúirte de shuíomh gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna www.courts.ie ar dháta foilseacháin na Treorach Cleachtais seo.
  1. Déanfar iarratas ar chás a iontráil ar an Liosta Tráchtála bunaithe ar Dheimhniú nach gcomhlíonann forálacha míreanna. 1 & 2 den treoir seo a dhiúltú.
     
  2. Nuair a dhéantar cás a iontráil ar an Liosta Tráchtála, beidh ceanglas ar an bhfreagróir aturnae ar leith a ainmniú a bheidh freagrach as comhlíonadh threoracha na cúirte a chinntiú.
     
  3. Ní mór don pháirtí tionscanta páipéir i leith tairiscintí atá le héisteacht ag an mbreitheamh a bheidh i bhfeighil ar an liosta tráchtála ar an Luan a thaisceadh i Seomra Liosta Phríomh-Oifig na hArd-Chúirte faoi 4.30 pm ar an gCéadaoin roimhe sin. Ní mór go mbeadh na hOrduithe ábhartha a rinne an chúirt go léir sna páipéir.
     
  4. Ní mór páipéir le haghaidh trialacha a sheachadadh chuig an Seomra Liosta tráth nach déanaí ná 4.30pm ar an gCéadaoin roimh an tseachtain atá beartaithe chun tús a chur leis an triail.
     
  5. Gach Aoine le linn an téarma beidh glaoch rolla ag 10 am os comhair an bhreithimh a bheidh i bhfeighil ar Liosta Tráchtála na gcásanna atá liostaithe i gcomhair trialach le linn na seachtaine ina dhiaidh sin. Is é aidhm an ghlao rolla seo ná a chinntiú go gcomhlíontar go hiomlán gach treoir réamhthrialach a thug an chúirt agus go bhfuil an cás réidh le dul ar aghaidh.
     
  6. I gcás ina socraítear cás roimh an dáta trialach, tá sé de dhualgas ar aturnae don pháirtí tionscnaimh an chúirt a chur ar an eolas maidir leis seo láithreach.
     
  7. Ní mór gach páipéar a thaisctear sa Seomra Liosta a bheith ceangailte, innéacsaithe agus uimhrithe i gceart.

 

Peter Kelly
Uachtarán na hArd-Chúirte
12 Aibreán 2019

Doiciméad Gaolmhar:
Scarbhileog Excel Cás-Tuarascáil

High court