HC55

Achtanna na gCuideacthaí - achainí foirceanta

1. Nuair a bhítear ag cur Achainí chun Cuideachta a fhoirceannadh i láthair ba chóir d'Aturnae an Achainígh cóip den Achainí a thaisceadh sa Phríomh-Oifig do Chláraitheoir na Cúirte Seansaireachta leis an dáta tuairisceáin formhuinithe air.

2. Ba chóir fógairt Achainí a dheimhniú i bPríomh-Oifig na hArd-Cúirte trí mhionnscríbhinn a chomhdú tráth nach déanaí ná 4.30 p.m. ar an Déardaoin roimh an dáta tuairisceáin.

3. Tarraingítear aird na gcleachtóirí ar Ordú 74 Riail 16 de Rialacha na nUaschúirteanna (1986) atá mar seo a leanas:-

Ullmhóidh an t-achainíoch, nó a aturnae, liosta san Fhoirm Uimh. 9 d'ainmneacha agus de sheoltaí na ndaoine a bhfuil fógra tugtha acu go bhfuil sé ar intinn acu a bheith i láthair ag an éisteacht achainí, agus a gcuid aturnaetha faoi seach. Ar an lá a cheapfar chun an achainí a éisteacht, tabharfaidh an t-achainíoch, nó a aturnae, cóip den liosta (nó mura tugadh aon fhógra go bhfuiltear chun bheith i láthair, ráiteas i scríbhinn lena gcuirtear an rud céanna in iúl) don Chláraitheoir sula n-éistfear an achainí.

Gabhann an Treoir Chleachtais seo ionad Threoir Cleachtais HC 21

 

Arna dhátú an 3ú lá de mhí na Feabhra 2011
Nicholas J. Kearns
Uachtarán na hArd-Chúirte 

 

High court