HC65

Seirbheáil an Ráitis Gnóthaí agus an Ráitis Faisnéise Pearsanta ar an Sannaí Oifigiúil agus Foilsiú an Fhógra Breithnithe

Chun (1) cuidiú le riarachán éifeachtach eastát féimhithe, (2) chun laghdú a dhéanamh ar an gceanglas ar dhaoine a bhreithneofar ina bhféimhigh freastal ar agallamh in Oifig na Rannóige Féimheachta de Sheirbhís Dócmhainneachta na hÉireann chun iad a scrúdú i ndáil lena sócmhainní agus lena ndliteanais agus (3) chun laghdú a dhéanamh ar an ualach maidir leis an gcomhfhreagras, a bhíonn fairsing in amanna, idir Seirbhís Dócmhainneachta na hÉireann agus an féimheach ordaítear leis seo mar seo a leanas.

  1. Ar lá an bhreithnithe, déanfaidh duine ar breithníodh ina fhéimheach nó ina féimheach é nó í de bhun a (h)achainí, cóip dá Ráiteas Gnóthaí a sholáthraigh sé/sí féin d'Oifig na Scrúdaitheora ag an am a comhdaíodh a (h)Achainí faoi Alt 11(5) den Acht Féimheachta a sholáthar don Chigire Féimheachta nó a sheoladh trí ríomhphost chuig Rannóg Féimheachta Sheirbhís Dócmhainneachta na hÉireann, mar aon le Ráiteas Faisnéise Pearsanta. Ba cheart na doiciméid sin a sholáthar do Sheirbhís Dócmhainneachta na hÉireann ar lá an bhreithnithe agus chomh luath agus is féidir tar éis an t-ordú breithnithe a dhéanamh.
     
  2. Ní mór go gcinnteoidh féichiúnaithe go ndéanfar na doiciméid a chomhdú agus go dtabharfar freagra don Rannóg Féimheachta de Sheirbhís Dócmhainneachta na hÉireann agus d'Oifig Scrúdaitheora na hArd-Chúirte go tráthúil. Ní mór go mbeidh na doiciméid a chomhdófar sna hoifigí seo cruinn agus iomlán. Má chomhlíontar na treoracha seo laghdófar an gá do cheachtar de na hoifigí sin dul i dteagmháil le féichiúnaithe le linn an phróisis iarratais nó tar éis an t-ordú breithnithe a dhéanamh.
     
  3. Ní mór d'fhéichiúnaí Fógra um Bhreithniú Féimheachta a fhoilsiú ar shuíomh ghréasáin Sheirbhís Dócmhainneachta na hÉireann agus in Iris Oifigiúil tráth nach déanaí ná 21 lá tar éis a (h)ordú um bhreithniú féimheachta.

Tá éifeacht láithreach ag na treoracha seo.

 

Arna dhátú an 16ú lá de mhí Lúnasa 2016
Peter Kelly
Uachtarán na hArd-Chúirte

 

High court