Ordú 37

Imeachtaí arna dtionscnamh le toghairm achomair a éisteacht

1. Gach toghairm achomair a mbeidh éileamh (seachas éileamh ar chuntas) formhuinithe uirthi faoi Ordú 2 agus a mbeidh láithreas taifeadta dá réir, déanfaidh an gearánaí í a chur síos os comhair an Mháistir, le foriarratas ar chead chun breithiúnas críochnaitheach a thaifeadadh le haghaidh na suime a bheidh éilithe, mar aon le hús (más ann), nó chun talamh a aisghabháil, le cíos nó foghailbhrabúis (de réir mar a bheidh) agus costais, nó gan chíos nó foghailbhrabúis agus costais, agus, i gcás caingne chun talamh a aisghabháil mar gheall ar neamhíoc cíosa, chun méid an chíosa a bheidh dlite a fhionnadh. Is don chéad lá a bheidh ar fáil, de réir mar a shocróidh an Máistir, a bheidh an foriarratas sin, ar lá é nach luaithe ná ceithre lá glan óna sheirbheáil ar an gcosantóir, agus beidh mionnscríbhinn mar thaca leis, arna mionnú ag an ngearánaí nó ag aon duine eile a fhéadfaidh mionnú go deimhneach i dtaobh na bhfíoras, á thaispeáint an gearánaí a bheith i dteideal an fhaoisimh a bheidh éilithe agus ina luafar an teisteoir a bheith á chreidiúint gan aon chosaint a bheith ar an gcaingean. Déanfar cóip d’aon mhionnscríbhinn den sórt sin a sheirbheáil leis an bhfógra foriarratais.

2. Ach amháin a mhéid a ordóidh an Chúirt a mhalairt, is le mionnscríbhinn a éistfear foriarratas ar chead chun breithiúnas a thaifeadadh faoin Ordú seo: ar an gcoinníoll go bhféadfaidh aon pháirtí ar mian leis teisteoir a mbeidh mionnscríbhinn déanta aige, arna comhdú thar ceann an pháirtí fhreasúraigh, a chroscheistiú fógra i scríbhinn a sheirbheáil ar an bpáirtí a mbeidh an mhionnscríbhinn sin comhdaithe aige á éileamh an teisteoir a thabhairt ar aird lena chroscheistiú, agus mura dtabharfar an teisteoir sin ar aird dá réir sin ní úsáidfear a mhionnscríbhinn mar fhianaise mura bhfaighfear cead speisialta ón Máistir nó ón gCúirt, de réir mar a bheidh. I gcásanna ina mbeidh dlínse ag an Máistir, beidh an chumhacht chéanna aige is a bheidh ag an gCúirt chun fianaise béil a éisteacht.

3. Féadfaidh an cosantóir cúis a shuíomh i gcoinne an fhoriarratais sin le mionnscríbhinn, nó (ach amhá in i gcaingne chun talamh a aisghabháil ar chúis seachas mar gheall ar neamhíoc cíosa) trína thairiscint an tsuim a bheidh formhuinithe ar an toghairm a thabhairt isteach sa Chúirt. Luafar sa mhionnscríbhinn sin cibé acu an chosaint líomhnaithe a bheith feidhmiúil ar éileamh iomlán an ghearánaí nó gan í a bheith feidhmiúil ach ar chuid de, agus (más amhlaidh a bheidh) cad é an chuid í. Féadfaidh an Chúirt a ordú don chosantóir, nó, i gcás corparáide, d’aon oifigeach don chorparáid, freastal agus dul faoi cheistiú faoi mhionn, nó aon léasanna, gníomhais, leabhair nó doiciméid, nó cóipeanna d’aon cheann acu, nó sleachta as aon cheann acu, a thabhairt ar aird.

4. Ar aon fhoriarratas den sórt sin a éisteacht, féadfaidh an Máistir, i ngach cás neamhchonspóidte, déileáil leis an ábhar go hachomair, agus féadfaidh sé cead a thabhairt chun breithiúnas a thaifeadadh le haghaidh an fhaoisimh a ndealróidh sé an gearánaí a bheith ina theideal agus, chun na críche sin, i gcás caingne chun talamh a aisghabháil mar gheall ar neamhíoc cíosa, féadfaidh sé méid an chíosa a bheidh dlite a fhionnadh, nó féadfaidh sé an chaingean a dhíbhe agus go ginearálta féadfaidh sé cibé ordú a dhéanamh is cóir leis chun an chaingean a chinneadh.

5. Más rud é, in aon chás ina mbeidh gearánaí i dteideal cead a iarraidh ar an Máistir chun breithiúnas críochnaitheach a thaifeadadh faoi aon cheann de na rialacha sin roimhe seo den Ordú seo, go n-éileoidh an gearánaí ús ar an iomlán nó ar aon chuid den tsuim airgid a mbeidh an gearánaí i dteideal í a iarraidh ar an Máistir mar a dúradh idir dáta fabhraithe na cúise caingne agus dáta an bhreithiúnais, faoi alt 22 d’Acht na gCúirteanna, 1981, déanfaidh an Máistir an t-iarratas, nuair a bheidh sé in ord lena éisteacht ag an gCúirt, a aistriú go dtí an liosta Cúirte lena éisteacht an chéad uair a bheidh caoi ann chuige. Beidh mionnscríbhinn mar thaca leis an iarratas sin, arna mionnú ag an ngearánaí, nó ag duine éigin eile a fhéadfaidh mionnú go deimhneach i dtaobh na bhfíoras, á thaispeáint an gearánaí a bheith i dteideal an fhaoisimh a bheidh á éileamh, lena n-áireofar an t-ús sin, agus ina luafar an teisteoir a bheith á chreidiúint gan aon chosaint a bheith ar an gcaingean.

6. I gcásanna conspóidte, aistreoidh an Máistir an cás, nuair a bheidh sé in ord lena éisteacht ag an gCúirt, go dtí an liosta Cúirte lena éisteacht an chéad uair a bheidh caoi ann chuige; agus, chun na críche sin, féadfaidh an Máistir fad a chur leis an tré imhse ama chun mionnscríbhinní a chomhdú agus cibé ordacháin a thabhairt is cuí leis agus an cás os a chomhair féin a chur ar atráth de réir mar is cuí leis. Féadfaidh an Máistir, freisin, má thoilítear leis sin, an cás a chur ar atráth le haghaidh éisteachta iomlánaí amhail is dá mba le toghairm iomlánach a bheifí tar éis na himeachtaí a thionscnamh, le cibé ordacháin i dtaobh pléadálacha, follasaithe, socrú saincheisteanna nó eile is cuí.

7. Ar an gCúirt d’éisteacht aon fhoriarratais den sórt sin, féadfaidh an Chúirt breithiúnas a thabhairt le haghaidh an fhaoisimh a ndealróidh sé an gearánaí a bheith ina theideal nó féadfaidh sí an chaingean a dhíbhe nó an cás a chur ar atráth le haghaidh éisteachta iomlánaí amhail is dá mba le toghairm iomlánach a bheifí tar éis na himeachtaí a thionscnamh, le cibé ordacháin i dtaobh pléadálacha nó follasaithe nó socrú saincheisteanna nó eile is cuí, agus go ginearálta féadfaidh sí cibé ordú a dhéanamh is cóir léi chun na ceisteanna a bheidh i saincheist sa chaingean a chinneadh.

8. Ach amháin i gcaingne chun talamh a aisghabháil mar gheall ar neamhíoc cíosa, má dhealraíonn sé gan baint a bheith ag an gcosaint a bheidh curtha suas ag an gcosantóir ach le cuid d’éileamh an ghearánaí, nó go mbeidh géillte d’aon chuid d’éileamh an ghearánaí, gheobhaidh an gearánaí breithiúnas láithreach i leith na coda sin dá éileamh nach mbainfidh an chosaint léi nó a mbeidh géillte di, faoi réir cibé téarmaí, más ann, i dtaobh forghníomhú a fhionraí, nó i dtaobh an sirriam d’íoc na suime a thoibheofar, nó aon chuid di, isteach sa Chúirt nó i dtaobh costais a fhómhas, nó eile, is cuí leis an gCúirt; agus féadfar a cheadú don chosantóir cosaint a dhéanamh i dtaobh na coda eile d’éileamh an ghearánaí.

9. Má dhealraíonn sé don Chúirt cosaint mhaith a bheith ag aon chosantóir ar an gcaingean nó gur chóir ligean dó í a chosaint, agus gan cosaint den sórt sin a bheith ag aon chosantóir eile agus nár chóir ligean dó cosaint a dhéanamh, féadfar ligean don chosantóir céadluaite cosaint a dhéanamh, agus beidh an gearánaí i dteideal breithiúnas críochnaitheach a thaifeadadh i gcoinne an dara cosantóir a luaitear, agus féadfaidh sé forghníomhú a eisiúint ar an mbreithiúnas sin gan dochar dá cheart chun dul ar aghaidh lena chaingean i gcoinne an chosantóra chéadluaite.

10. Féadfar cead cosanta a thabhairt gan choinníoll nó faoi réir cibé téarmaí i dtaobh urrús a thabhairt, nó i dtaobh am agus mhodh na trialach, nó eile, is cuí leis an gCúirt.

11. Más rud é, nuair a bheidh aon fhoriarratas á éisteacht faoin Ordú seo, go ndealróidh sé go mbeidh aon éileamh nach bhféadfaí a fhormhuiniú go speisialta faoi Ordú 2 ar á ireamh san fhormhuiniú ar an toghairm, féadfaidh an Máistir nó an Chúirt, de réir mar a bheidh, an formhuiniú a leasú láithreach tríd an éileamh sin a scriosadh amach, nó féadfaidh sé nó sí déileáil leis an éileamh a bheidh formhuinithe go speisialta amhail is nach mbeifí tar éis aon éileamh eile a áireamh san fhormhuiniú, agus ligean don chaingean dul ar aghaidh maidir le hiarmhar an éilimh.

12. In aon chás ina mbeidh deacracht nó amhras ann féadfaidh an Máistir an cás a aistriú chuig an liosta Cúirte lena éisteacht d’ainneoin go bhféadfadh go mbeadh dlínse aige chun déileáil leis an gcás é féin faoin Ordú seo.

13. I gcás ina mbeidh éileamh ar chuntas faoi Ordú 2 formhuinithe ar thoghairm achomair, nó i gcás ina ngabhfaidh leis an bhformhuiniú ar thoghairm cuntas a thógáil, agus go loicfidh an cosantóir láithriú, déanfaidh an Máistir ordú láithreach le haghaidh na gcuntas cuí, leis na fiosrúcháin agus na hordacháin go léir is gá.

14. I gcás ina mbeidh éileamh ar chuntas faoi Ordú 2 formhuinithe ar thoghairm achomair, nó i gcás ina ngabhfaidh leis an bhformhuiniú ar thoghairm cuntas a thógáil, agus nach ndéanfaidh an cosantóir, i ndiaidh an láithris, le mionnscríbhinn nó eile, an Chúirt a shásamh réamhcheist éigin a bheith le triail, déanfaidh an Chúirt ordú láithreach le haghaidh na gcuntas cuí, leis na fiosrúcháin agus na hordacháin go léir is gá.

15. Is le foriarratas iar bhfógra a dhéanfar iarratas ar an ordú sin a luaitear i riail 13, nó riail 14, agus beidh mionnscríbhinn mar thaca leis, nuair is gá sin, arna comhdú thar ceann an ghearánaí, ina luafar go comair forais a éilimh ar chuntas. Féadfar an t-iarratas a dhéanamh tráth ar bith tar éis don tréimhse ama chun láithreas a thaifeadadh a bheith caite.