HC102

Coimircithe Cúirte - Foirm le gabháil le gach Achainíocha agus Iarratas Coimircíochta Ard-Chúirte

Eisímse, Mary Irvine, Uachtarán na hArd-Chúirte, leis seo an Treoir Chleachtais seo a leanas de réir alt 11 (12) den Acht um an Dlí Sibhialta agus um an Dlí Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 2020. Tiocfaidh an Treoir Chleachtais seo, a bhaineann leis an bhFoirm le dul in éineacht le gach Achainíocha agus Iarratas Coimircíochta Ard-Chúirte (Foirm WOC1), i bhfeidhm ar an 11 Eanáir 2021

  1. Ní mór Foirm WOC1 (mar atá san fhoscríbhinn a ghabhann leis seo) a chomhlánú i ngach iarratas nó imeacht de chineál ar bith ar an liosta coimircíochta.
  2. Tá an Fhoirm ar fáil ar shuíomh gréasáin Courts.ie agus ba chóir í a chomhlánú go leictreonach i Microsoft Word, de réir an fhormáidithe agus an leagan amach atá leagtha síos san Fhoirm.
  3. I gcás go bhfuil Foirm comhlánaithe agus ansin maidir le hiarratais ina dhiaidh sin, ba chóir an Fhoirm a nuashonrú le haon fhaisnéis ábhartha agus é a bheith marcáilte go soiléir le dáta an uasdátaithe.
  4. Dhá lá glan roimh an dáta a thugtar don éisteacht, ní mór leabhrán éisteachta a thaisceadh leis an gCúirt go leictreonach agus i bhfoirm pháipéir.
  5. Caithfidh na doiciméid sa leabhrán éisteachta a bheith san ord seo a leanas:
  1. Foirm WOC1.
  2. An doiciméad a thugann eolas faoin iarratas i.e. an duillín ex parte/Fógra Foriarratais/Achainí, de réir mar is cuí.
  3. An mhionnscríbhinn forais agus na foilseáin taobh thiar de.
  4. Aon dréacht-Ordú beartaithe.
  5. Mionnscríbhinní ábhartha eile.
  6. Mionnscríbhinn seirbheála i gcás ina bhfuil an t-ábhar liostaithe le haghaidh fiosrúcháin.
  7. An tOrdú is déanaí a rinneadh sna himeachtaí agus aon ordú ábhartha eile mar a cheanglaítear le Foirm WOC1.
  1. Fanfaidh an Treoir Chleachtais seo i bhfeidhm go dtí go bhfógrófar a mhalairt.

__________
Mary Irvine
Uachtarán na hArd-Chúirte
Dáta: 4 Nollaig 2020

Cliceáil anseo le do thoil le haghaidh: Foirm WOC1

 

High court