HC108

Ordaí Toilithe

Eisímse, Mary Irvine, Uachtarán na hArd-Chúirte, leis seo an treoir chleachtais seo a leanas de réir alt 11(12) agus (13) den Acht um an Dlí Sibhialta agus an Dlí Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 2020.

I bhfianaise filleadh céimnithe le déanaí ar éisteachtaí fisiceacha agus rath leanúnach na gcian-éisteachtaí san Ard-Chúirt, déanfar Treoir Chleachtais HC 89 a chúlghairm le héifeacht ó Dé Luain an 19 Iúil 2021.

Ba cheart gach iarratas ar ordú toilithe a dhéanamh, trí iarratas fisiciúil nó cianda, chuig Cláraitheoir cuí na hArd-Chúirte, nó chuig an gCúirt féin más gá. 

 

______________
Mary Irvine
Uachtarán na hArd-Chúirte
Arna dhátú an 8 Iúil, 2021.

High court