HC125

Íocaíocht ar Chuntas mar gheall ar Chostais a bhfuil Breithniú le déanamh orthu

  1. Eisítear an Treoir Chleachtais seo i gcomhréir le húdarás ginearálta Uachtarán na hArd-Chúirte agus alt 11(12) agus (13) den Acht um an Dlí Sibhialta agus an Dlí Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 2020.
  2. Tagann an Treoir Chleachtais seo in ionad Threoir Chleachtais HC71 (Íocaíocht ar chuntas na gcostas a bhfuil cáin le gearradh orthu) dar dáta 28 Márta, 2017. Cúlghairtear Treoir Chleachtais HC71 le héifeacht ón Máirt, 6 Feabhra, 2024, agus cuirtear an Treoir Chleachtais seo ina ionad, le héifeacht ón dáta sin.
  3. Dírítear aird na gcleachtóirí ar fhorálacha Ordú 99, r. 2(5) de Rialacha na nUaschúirteanna agus do chumhacht na Cúirte orduithe a dhéanamh a éilíonn go n-íocfar méid i leith costas ar chuntas.
  4. Ordaím leis seo, i ngach cás gan aighneas maidir leis an dliteanas i leith costas a íoc agus i gcás ar bith eile ina measann breitheamh é a bheith cuí, go bhféadfar ordú a dhéanamh lena n-ordófar íocaíocht de shuim réasúnach a dhéanamh mar gheall ar chostais laistigh de thréimhse a d’fhéadfadh an breitheamh a shonrú go dtí go ndéanfar na costais sin a bhreithniú. Féadfar orduithe den sórt sin a dhéanamh ar ghealltanas a thabharfaidh aturnae an pháirtí rathúil, go n-aisíocfar láithreach an ró-íocaíocht sin, i gcás ina réadaítear le breithniú suim níos lú ná an méid a ordaíodh a íoc ar chuntas.
  5. Tiocfaidh an Treoir Chleachtais seo i ngníomh Dé Máirt, an 6 Feabhra, 2024.

 

Dátaithe an 31 Eanáir, 2024
David Barniville
Uachtarán na hArd-Chúirte

High court