HC57

Iarratas ar Chostais Treorach Cleachtais in imeachtaí neamh-iomaidh faoi Airteagal 40.4 agus ar Athbhreithniú Breithiúnach

  1. Tá feidhm ag an treoir seo i gcás nuair a thugann freagróir tairiscint costas don iarratasóir laistigh de bhrí mhír 2 den treoir seo in imeachtaí faoi Aireagal 40.4 den Bhunreacht nó d'Athbhreithniú Breithiúnach.
  2. Is tairiscint í tairiscint costas, i gcás dá dtagraítear sa treoir seo, a dhéantar i scríbhinn nó go leictreonach, agus gan bheith ar bhonn "gan dochar" chun costais na n-imeachtaí, nó costais cuid ar leith de na himeachtaí a ghlanadh, i méid sonraithe, agus ar théarmaí sna cásanna seo a leanas -
  1. nach nglacfar leis an tairiscint laistigh den tréimhse a shonraítear sa tairiscint agus
  2. nach mó an tsuim arna dtomhas ag an gCúirt i leith na gcostas lena mbaineann ná an tsuim a thairgfear,

féadfaidh an freagróir costais na n-imeachtaí i ndiaidh dáta éaga na tairisceana costas a lorg i gcoinne an iarratasóra.

  1. Ní fhéadfar tairiscint costas a dhéanamh ach amháin in éineacht le nó tar éis tairiscint nó gealltanas a rinne freagróir le toiliú le, nó gan dul in aghaidh, faoiseamh a lorgaítear sna himeachtaí.
  2. Ní nochtfar an méid dá dtagraítear in aon tairiscint costas don Chúirt seachas
  1. ar iarratas dá dtagraítear i mír 5 nó
  2. ar an gCúirt tar éis na costais lena mbaineann a thomhas ar iarratas dá dtagraítear i mír 6.
  1. I gcás ina nglacfaidh an t-iarratasóir le tairiscint costas laistigh den tréimhse a shonrófar sa tairiscint sin le glacadh nó laistigh de thréimhse fhadaithe de réir mar a chomhaontóidh na páirtithe, féadfaidh na páirtithe iarratas a dhéanamh chun na Cúirte, le linn dóibh aon ordú a dhéanamh chun na himeachtaí a dhiúscairt, ar ordú lena ndámhtar costais i dtéarmaí na tairisceana costas.
  2. I gcás -
  1. nach gcuirfidh an t-iarratasóir in iúl don bhfreagróir laistigh den tréimhse a shonrófar sa tairiscint costas sin le glacadh nó laistigh de thréimhse fhadaithe de réir mar a chomhaontóidh na páirtithe go bhfuil sé/sí ag glacadh leis an tairiscint sin agus
  2. go ndeonóidh an Chúirt an faoiseamh a bheidh á lorg sna himeachtaí, féadfaidh an freagróir a chur in iúl don Chúirt go ndearnadh tairiscint costas don iarratasóir agus nár glacadh leis agus iarratas a dhéanamh chun na Cúirte go ndéanfar na costais lena mbaineann an tairiscint costas a thomhas.
  1. I gcás go gcomhaontóidh an Chúirt na costais sin a thomhas agus i gcás breise go ndéanfaidh an Chúirt na costais sin a thomhas i méid nach mó ná an méid a shonraítear sa tairiscint costas iad, féadfaidh an freagróir iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt ar ordú lena ndeonófar don bhfreagróir in aghaidh an iarratasóra costais na n-imeachtaí i ndiaidh dáta éaga na tairisceana costas.
  2. Is faoi rogha na Cúirte é ordú dá dtagraítear i míreanna 5 nó 7 a dhéanamh.
  3. Tiocfaidh an treoir chleachtais seo i ngníomh an 24ú lá de mhí na Feabhra 2012.

Arna dhátú an 23ú lá de mhí na Feabhra 2012
Uachtarán na hArd-Chúirte

High court