HC100

Liosta Féimheachta

LIOSTA FÉIMHEACHTA
TREOIR CHLEACHTAIS HC100

Eisímse, Mary Irvine, Uachtarán na hArd-Chúirte, leis seo an treoir chleachtais seo a leanas de réir alt 11(12) agus (13) den Acht um an Dlí Sibhialta agus an Dlí Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 2020.

Cúlghairtear Treoracha Cleachtais AC65 agus AC66 agus rachaidh na nithe seo a leanas i bhfeidhm le héifeacht ón 3 Nollaig, 2020, ach amháin iarratais phráinneacha toisc go rachaidh an Treoir Chleachtais reatha i bhfeidhm orthu láithreach bonn. Cuirfear míreanna 24 agus 25 i bhfeidhm láithreach bonn freisin. Baineann an Treoir Chleachtais seo le himeachtaí cibé acu ar cuireadh tús leo roimh í a dhéanamh nó dá éis. 

1– Liosta Féimheachta

  1. Cuimsíonn an Liosta Féimheachta (“an Liosta”) gach ábhar a bhaineann le féimheacht nó socrú faoin Acht Féimheachta, 1988, arna leasú, Ordú 76 de Rialacha na nUaschúirteanna arna leasú, nó Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le himeachtaí dócmhainneachta (athmhúnlú), ach ní áirítear imeachtaí faoin Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012.
  2. Pléifear cúrsaí gearra ar liosta an Luain ag eatraimh. Pléifear cúrsaí níos faide (os cionn 5 nóiméad) ag eatraimh tar éis déileáil leis na cúrsaí gearra. Déanfar na hamanna beachta a liostú sa Dialann Dlí ar aon Luan ar leith. I gcás nach bhfuil cúrsaí oiriúnach do Luan (leathlá nó níos faide), ní mór iarratas a dhéanamh chuig an mBreitheamh i bhFeighil an Liosta (“Breitheamh an Liosta”) ar dháta faoi leith seachas Dé Luain. Ní mór do gach páirtí aighneachtaí scríofa a sheachadadh in aon ábhar nach bhfuil oiriúnach don Luan, agus féadfaidh páirtí ar bith iarratas a dhéanamh ar threoracha maidir le haighneachtaí scríofa in aon ábhar eile.
  3. Déanfar glaoch ag tús an liosta gach Luan ar chásanna ar bith a liostaítear le héisteacht (seachas ar an Luan) sa tseachtain dar tosach an Luan dar gcionn chun a chinntiú go bhfuil gach ní in ord. Ba cheart aon fhorbairtí ar dócha go mbeadh tionchar acu ar liostaí nó ar a bhfad a chur in iúl don chúirt a luaithe is féidir.

2 – Páipéar a thaisceadh

  1. Páipéir a thaisceadh go fisiciúil: Ba chóir cóipeanna de na páipéir go léir atá le cur os comhair na cúirte a sheoladh i gcóip chrua chuig an gcúirt tríd an Scrúdaitheoir Cúnta atá freagrach as an Liosta (“Scrúdaitheoir Cúnta Féimheachta””), ar nó roimh 17.00 ar an gCéadaoin roimh an Luan den tseachtain ina bhfuil an t-ábhar liostaithe.
  2. Páipéir a thaisceadh go leictreonach: Féadfaidh an Chúirt treoir a thabhairt do pháirtithe cóipeanna de pháipéir a thabhairt i bhformáid leictreonach. I gcás ina dtugtar treoir den sórt sin, ba chóir cóipeanna a sheoladh, i bhformáid doiciméad Word seachas PDF, más féidir, chuig examinersmail@courts.ie.
  3. Ní mór do gach cumarsáid ríomhphoist chuig an gcúirt ainm iomlán na n-imeachtaí agus uimhir thaifid féimheachta a thabhairt agus an doiciméad atá á chur isteach a lua, i dteideal an ríomhphoist, le spásanna idir gach focal/uimhir - b’fhearr san fhoirm (uimhir thaifid féimheachta) (spás) (ainm ábhar an iarratais) (spás) (doiciméad a cuireadh isteach m.sh. aighneachtaí an iarratasóra).
  4. Agus páipéir á gcur isteach i bhformáid doiciméad Word, ba cheart do chleachtóirí formáidiú soiléir a úsáid i Word a oiread agus is féidir.  Ba cheart cló trom nó folíne a úsáid seachas na focail "ceannteidil", a oiread agus is féidir.  Ní mór do dhoiciméid Word a bheith i gcló 12 phointe ar a laghad. 
  5. Mura gcuirtear páipéir isteach de réir na gceanglas thuas maidir le taisceadh leictreonach agus fisiceach, d'fhéadfadh sé tarlú nach bhfeicfidh an chúirt doiciméad a bhfuil an páirtí lena mbaineann ag iarraidh brath air.

3 – Páipéir go ginearálta

  1. Ní mór do phléadálacha ainmneacha aon abhcóide a shocraigh na doiciméid sin a lua.
  2. I gcás ina seachadtar pléadáil de shárú ar aon spriocdháta arna shocrú le Treoir Chleachtais iomchuí nó le treorú ón gcúirt, beidh sé de fhreagracht ar an bpáirtí mainneachtana a thaispeáint cén fáth ar cheart costais an pháirtí sin a bhaineann leis an bpléadáil sin a áireamh in aon ordú costais, mura n-ordaíonn an chúirt go sainráite amhlaidh agus costais á lamháil.
  3. Déanfar aon phléadáil a leasaíodh, i gcomhréir le hOrdú 28, riail 9, Rialacha na nUaschúirteanna, a mharcáil le dáta an ordaithe faoina leasaítear é, agus an lá a dhéanfar an leasú sin, mar a leanas:
    “Arna leasú an …… lá de …… de bhun ordú an Bhreithimh Uasal …… dar dáta an lá …… de ….…”  Ba cheart an fhoirmle sin a chur isteach díreach faoi theideal na pléadála, mar shampla “Achainí Leasaithe” agus “Arna leasú an ... lá de ... srl.”
  4. Go ginearálta ní shocrófar dáta le haghaidh aon ábhar fada go dtí go seachadfar na páipéir go léir i gcóip chrua agus i gcóip bhog de réir na Treorach Cleachtais seo. Tabharfaidh an chúirt, as a treoir féin nó ar iarratas ó cheann amháin nó níos mó de na páirtithe, treoracha maidir le spriocdhátaí faoina ndéanfar an seachadadh sin. Mura gcomhlíontar na spriocdhátaí sin, féadfaidh an chúirt an t-ábhar a liostú ar an Luan as a chéile le haghaidh athbhreithnithe go dtí go seachadtar páipéir den sórt sin ina n-iomláine, agus beidh an t-ordú costais mainneachtana do liostaí atrátha den sórt sin mar atá leagtha amach faoin gceannteideal ar atráthú thíos. Má tá dáta socraithe roimh na páipéir a sheachadadh ach nach seachadtar na páipéir sin de réir na Treorach Cleachtais seo, féadfar dátaí a fhágáil agus ní shocrófar dáta nua go dtí go seachadfar páipéir amhlaidh.

4 – Achainíocha ó Fhéichiúnaithe

  1. Le gach Achainí a chuireann féichiúnaí isteach le hordú um breithniú féimheachta a lorg, ní mór go mbeidh mionnscríbhinn an fhéichiúnaí ann lena dtaispeántar litir ó Chleachtóir Dócmhainneachta Pearsanta atá cláraithe le Seirbhís Dócmhainneachta na hÉireann lena ndeimhnítear an méid seo a leanas:
  1. bhuail an Cleachtóir Dócmhainneachta Pearsanta ("Cleachtóir") leis an bhféichiúnaí agus tá faisnéis faighte aige/aici maidir lena s(h)ócmhainní, lena d(h)liteanais agus lena (h)ioncam; 
  2. ón bhfaisnéis a chuir an féichiúnaí ar fáil, tá measúnú déanta ag an gCleachtóir ar ioncam agus ar chaiteachas an fhéichiúnaí bunaithe ar a chomhdhéanamh nó a comhdhéanamh teaghlaigh i gcomhréir leis na Caiteachais Mhaireachtála Réasúnacha agus ag cur san áireamh an glanioncam míosúil, costais sheasta, tithíocht, cúram leanaí (más infheidhme) agus má chinntear aon imthosca speisialta mar a thuairiscítear sna Caiteachais Mhaireachtála Réasúnacha go bhfuil barrachas míosúil nó easnamh míosúil de mhéid áirithe ag an bhféichiúnaí;
  3. ag féachaint do chruinniú an Chleachtóra leis an bhféichiúnaí, agus a m(h)easúnú ar shócmhainní, dliteanais agus ioncam an fhéichiúnaí, creideann an Cleachtóir nach féidir déileáil ar bhealach níos oiriúnaí le neamhábaltacht an fhéichiúnaí a c(h)uid gealltanas a chomhlíonadh trí Chomhshocrú Socraíochta Fiachais nó Socrú Dócmhainneachta Pearsanta ar chúis a luaitear; agus
  4. tá sé deimhnithe ag an bhféichiúnaí don Chleachtóir gur léiriú cruinn agus fíor ar staid airgeadais an fhéichiúnaí í an fhaisnéis a cuireadh ar fáil agus a cuireadh isteach ar an Ráiteas Gnóthaí (i bhFoirm 23 Foscríbhinn O de Rialacha na nUaschúirteanna), agus tá an Cleachtóir sásta go bhfuil an Ráiteas Gnóthaí san fhoirm fhorordaithe agus go bhfuil sé cruinn agus ag teacht leis an bhfaisnéis a chuir an féichiúnaí ar fáil don Chleachtóir agus nach dtabharfadh aon ní sa chruinniú leis an bhféichiúnaí aon chúis amhrais don Chleachtóir (ba cheart don fhéichiúnaí an deimhniú seo a thabhairt don Chleachtóir, fiú nuair a bhíonn an Ráiteas Gnóthaí ullmhaithe ag an gCleachtóir thar ceann an fhéichiúnaí, ionas gur féidir leis an gCleachtóir a dheimhniú don chúirt de réir mar is gá).
  1. Níor cheart d’fhéichiúnaí a Ráiteas Gnóthaí a mhionnú ná a Ráiteas um Fhaisnéis Phearsanta a shíniú, go dtí go mbíonn sé nó sí lán-sásta go bhfuil gach doiciméad cruinn, iomlán agus comhsheasmhach.
  2. Is iad seo a leanas na téarmaí réamhshocraithe d’ordú breithnithe ar achainí féichiúnaí:
  1. go mbreithneofar an féichiúnaí ina fhéimheach nó ina féimheach.
  2. go ligfear aon ráiteas gnóthaí breise thar ceal go dtí go n-ordaítear a mhalairt.
  3. ní mór don fhéimheach fógra breithnithe a fhógairt laistigh de 21 lá san Iris Oifigiúil agus ar shuíomh gréasáin Sheirbhís Dócmhainneachta na hÉireann (téigh i dteagmháil le:  bankruptcy@isi.gov.ie), agus
  4. ceanglaítear ar an bhféimheach bualadh leis an gcigire féimheachta ó oifig an tSannaí Oifigiúil láithreach tar éis an bhreithnithe, lasmuigh den seomra cúirte.
  1. Ar lá an bhreithnithe, déanfaidh duine ar breithníodh ina fhéimheach nó ina féimheach é nó í de bhun a (h)achainí, cóip dá Ráiteas Gnóthaí a sholáthraigh sé/sí féin d'Oifig an Scrúdaitheora ag an am a comhdaíodh a (h)Achainí faoi Alt 11(5) den Acht Féimheachta, 1988, a sholáthar don Chigire Féimheachta nó a sheoladh trí ríomhphost chuig Rannóg Féimheachta Sheirbhís Dócmhainneachta na hÉireann, mar aon le Ráiteas Faisnéise Pearsanta. Ba cheart na doiciméid sin a sholáthar do Sheirbhís Dócmhainneachta na hÉireann ar lá an bhreithnithe agus chomh luath agus is féidir tar éis an t-ordú breithnithe a dhéanamh.
  2. Ní mór go gcinnteoidh féichiúnaithe go ndéanfar na doiciméid a chomhdú agus go dtabharfar freagra ar Rannóg Féimheachta Sheirbhís Dócmhainneachta na hÉireann agus d'Oifig Scrúdaitheora na hArd-Chúirte go tráthúil. Ní mór go mbeidh na doiciméid a chomhdófar sna hoifigí seo cruinn agus iomlán. Má chomhlíontar na treoracha seo laghdófar an gá do cheachtar de na hoifigí sin dul i dteagmháil le féichiúnaithe le linn an phróisis iarratais nó tar éis an t-ordú breithnithe a dhéanamh.

5 – Achainíocha ó dhaoine seachas féichiúnaithe

  1. I gcás nach láithreoidh féichiúnaí mar fhreagra ar achainí agus nach ndéanann sé teagmháil leis an achainíoch a lorgaíonn atráthú toilithe chun dul i gcomhairle le cleachtóir dócmhainneachta pearsanta, féadfar an achainí a dheonú ar an gcéad dáta fillte gan tagairt bhreise a dhéanamh don fhéichiúnaí.

6 – Atráthú

  1. I bhfianaise oibleagáid uathrialach na cúirte éifeachtúlacht a chur chun cinn ar mhaithe le dlíthithe go ginearálta, chomh maith le dlíthíocht a réiteach laistigh de thréimhse réasúnta ama, agus ag féachaint don Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine 2003, ní dhéanfaidh an chúirt iarratais a chur ar atráth mar gheall ar thoiliú na bpáirtithe amháin go hiondúil, gan treorú soiléir a bheith ann ón gcúirt maidir lena bhfuil le tarlú le linn na tréimhse atrátha. I gcás liostú le haghaidh lua a chuirtear ar atráth mar gheall ar neamhchomhlíonadh ag páirtí le haon treorú, déanfar costais a thomhas san ordú mainneachtana i suim EUR 300 móide CBL in aghaidh an pháirtí a cuireadh isteach orthu ach amháin i gcás ina ndéanfadh sé éagóir.
  2. Le linn na 4 mhí díreach tar éis an chéad dáta fillte ar iarratas ar an liosta, féadfar an t-ábhar a chur ar atráth ar thoiliú trí ríomhphost a sheoladh chuig an Scrúdaitheoir Cúnta Féimheachta roimh 17.00 ar an gCéadaoin roimh liosta an Luain lena mbaineann. Tá sé ríthábhachtach an spriocdháta seo a chomhlíonadh ionas gur féidir an sliotán ama lena mbaineann a leithdháileadh ar ábhar eile sula bhfoilseofar an Dialann Dlí. Má lorgaíonn páirtithe atráthú níos déanaí ná an spriocdháta sin, ní bheidh aon chostais inghnóthaithe don dáta luaite a cuireadh ar atráth amhlaidh mura n-ordóidh an chúirt a mhalairt. I gcás ina n-iarrtar atráthú toilithe, ní mór do na páirtithe na treoracha comhaontaithe a shonrú go soiléir maidir lena bhfuil le tarlú le linn na tréimhse atrátha agus amlínte do na céimeanna ábhartha (m.sh.,. mionnscríbhinní a chomhdú laistigh de thréimhsí sonraithe), agus déanfar an t-ordú lena ndeonaítear an t-atráth agus lena dtabharfar na treoruithe sin ar thoiliú gan an riachtanas chun freastal, faoi réir aon treorú eile ón mBreitheamh Liosta. Ní mór aon atráthanna nach n-aontaítear aon treorú iontu, nó a thógann an t-ábhar thar an tréimhse 4 mhí dá dtagraítear thuas, a dhéanamh leis an gcúirt.

7 – Orduithe toilithe agus orduithe ex parte

  1. I gcás go lorgaíonn páirtithe ordú toilithe seachas ordú le haghaidh atráth, mar shampla ordú íocaíochta féimheachta toilithe, níor cheart do na páirtithe iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt ar an gcéad dul síos ach ba cheart dóibh páipéir a chur isteach i gcóip chrua chuig an Scrúdaitheoir Cúnta Féimheachta de réir Threoir Chleachtais AC89. Faoi réir aon treoruithe ginearálta ón mBreitheamh Liosta i dtaobh na hOrduithe toilithe a bhféadfar a tharraingt san Oifig, cuirfear an t-ábhar ansin faoi bhráid an Bhreithimh Liosta a dhéanfaidh cinneadh ar bhonn cás ar chás maidir lenar cheart dó/di an t-ordú a dhéanamh ar na páipéir nó cibé an gá freastal ar an gCúirt. I gcás ina ndéanfar an t-ordú, má thugann na páirtithe seoltaí ríomhphoist, cuirfidh an Scrúdaitheoir Cúnta Féimheachta na páirtithe ar an eolas trí ríomhphost an lá céanna a dhéanfar an t-ordú, agus cuirfear cóip den Ordú ar fáil a luaithe is féidir ina dhiaidh sin.
  2. Féadfaidh an tUachtarán ó am go ham a ordú go bhféadfar déileáil le haon chatagóir ar leith d’iarratas ex parte (gan achainí féichiúnaí san áireamh) ar na páipéir nó go cianda nó go foirmiúil sa chúirt ag tús an liosta gan gá a bheith ann don iarratasóir nó a (h)ionadaithe dlíthiúla a bheith i láthair.

8 – Treoracha cleachtais iomchuí eile a chur i bhfeidhm

  1. Meabhraítear do chleachtóirí go bhfuil Treoracha Cleachtais ginearálta eile ábhartha don liosta agus gur cheart cloí leo, go háirithe:
  1. AC91 maidir le cásanna a bhaineann le fianaise ó bhéal
  2. AC94 maidir le Rianú agus Lorg COVID-19
  3. AC97 maidir le haighneachtaí scríofa agus páipéir eisithe.

 

______________
Mary Irvine
Uachtarán na hArd-Chúirte
Mí na Samhna, 2020

High court