HC99

Cumhachtaí Marthanacha Aturnae - Tuarascálacha Liachta

Treoir Chleachtais
Cumhachtaí Marthanacha Aturnae

Leis seo eisím, Mary Irvine, Uachtarán na hArd-Chúirte, an treoir chleachtais seo a leanas de réir alt 11 (12) den Acht um an Dlí Sibhialta agus an Dlí Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 2020. Tiocfaidh an treoir chleachtais seo, lena mbaineann ábhar mionnscríbhinne liachta / tuarascálacha liachta maidir le Cumhachtaí Marthanacha Aturnae i bhfeidhm ar an 16 Samhain 2020.

As seo amach, beidh an fhaisnéis seo a leanas i ngach deimhniú, nó i ngach tuarascáil liachta ar a mbeifear ag brath mar dheimhniú, chun críocha alt 9 (4) den Acht um Chumhachtaí Aturnae, 1996:

  1. An dáta, an áit, an ré agus na himthosca ina ndearnadh an scrúdú liachta.
  2. Cineál agus ré aon réamhchaidrimh a bhí ann idir an lia-chleachtóir agus an freagróir.
  3. An cineál scrúdaithe a rinneadh agus sonraí maidir leis na huirlisí tástála agus/nó acmhainne a úsáideadh chun a chinneadh más duine mímheabhrach é/í an deontóir nó má tá sé/sí ag éirí éagumasach chun a g(h)nóthaí a bhainistiú.
  4. Má mheasann an lia-chleachtóir cláraithe go bhfuil an deontóir ag éirí éagumasach chun a g(h)nóthaí féin a bhainistiú.
  5. I gcás ina measann an cleachtóir leighis go bhfuil an deontóir ag éirí éagumasach chun a g(h)nóthaí féin a bhainistiú, ní mór don deontóir sin an méid seo a leanas a lua:  
  1.  an cineál tinnis/reachta atá ar an bhfreagróir; 
  2. na dátaí is dócha gur thosaigh an tinneas/an riocht;
  3. na siomptóim a bhaineann leis an tinneas/an riocht;
  4. an fhianaise a rabhthas ag brath uirthi chun an diagnóis a dhéanamh; agus
  5. más tinneas/riocht buan é nó an dócha go dtiocfaidh feabhas air.

Fanfaidh an Treoir Chleachtais seo i bhfeidhm go dtí go bhfógrófar a mhalairt.

 

__________
Mary Irvine
Uachtarán na hArd-Chúirte
Dáta: 23 Deireadh Fómhair 2020

High court