HC16

Cístí cúirte - íocaíoct amach as cistí - dleacht stampa

Le héifeacht ón Luan 2 Deireadh Fómhair 2000 nuair a déantar orduithe den chúirt, nó Máistir na hArd-Chúirte, ag treorú íocaíochtaí as cistí sa chúirt nó nuair a chomhadaítear fógraí glactha lóisteála de bhun Ordú 22 Riail 4 de Rialacha na nUaschúirteanna, beidh feidhm leis an socrú seo a leanas chun dleacht stampa a nochtadh agus chun dréachtanna a eisiúint maidir le híocaíochtaí den sórt sin.

1. Ríomhfaidh Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais an dleacht stampa a bheidh iníoctha ar aon dréachtanna, asbhainfidh sé an suim sin as na cistí sa chúirt agus íocfaidh sé go díreach é le Príomh-Chléireach Chúirt Dúiche Limistéar Chathair Bhaile Átha Cliath.

2. Cuirfidh an Cuntasóir na seiceanna sa phost ansin (lúide suim an dleachta stampa) chuig an aturnae a bheidh ar taifead don íocaí.

3. Sa chás go gcuirtear fógra glactha isteach agus go bhfuil an cosantóir i dteideal an úis thabhaithe ar an tsuim a cuireadh isteach, cuirfidh Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais dréacht de sin, lúide dleacht stampa sa phost chuig an aturnae atá ar taifead don chosantóir.

4. Ba chóir do chleachtóirí a thabhairt ar aird, go n-éileoidh an cláraitheoir, ar mhaithe leis an ordú cúirte a fhoirfiú, ainm agus seoladh reatha gach aturnae ar taifead le cur san áireamh sa sceideal den ordú.

5. Cuimseoidh an sceideal iocaíochta chuig an Ard-Chúirt agus orduithe Cúirte an Mháistir a rinneadh an 2ú lá de Dheireadh Fómhair 2000 agus dá éis na treoracha riachtanacha chun an t-athrú sin a chur i bhfeidhm.

Frederick R. Morris
Uachtarán na hArd-Chúirte
Meán Fómhair 2000

High court