HC111

Covid-19: Treoir Dhea-Chleachtais

Eisímse, Mary Irvine, Uachtarán na hArd-Chúirte, leis seo an treoir chleachtais seo a leanas de réir alt 11 (12) agus (13) den Acht um an Dlí Sibhialta agus an Dlí Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 2020.

Cúlghairtear leis seo treoracha cleachtais 91, 92 agus 94.

I bhfianaise gur chuir an Rialtas deireadh le go leor de na bearta éigeandála sláinte poiblí a tugadh isteach de bharr Covid-19 agus an Prótacal Idirthréimhseach a d’fhoilsigh an Rialtas le déanaí (31 Eanáir 2022) a thugann treoir maidir leis an mbealach is fearr chun leanúint ar aghaidh le cosc a chur ar leathadh Covid-19, ní mór do gach duine a fhreastalaíonn ar an Ard-Chúirt go dtí go bhfógrófar a mhalairt:

  1. cloí leis an gcomhairle sláinte poiblí go léir atá ann faoi láthair;
  2. cloí le treoir na Seirbhíse Cúirteanna maidir leis an méid daoine is féidir a bheith i ngach seomra cúirte;
  3. masc aghaidhe a chaitheamh mura bhfuil siad ag tabhairt fianaise, mura bhfuil an chúirt á haitheasc nó muna bhfuil treoir eile faighte ó bhreitheamh na trialach.

Moltar do Chleachtóirí Dlí agus don phobal leanúint ar aghaidh ag cloí leis an gcleachtas is fearr ó thaobh sláinteachas láimhe de agus fanacht sa bhaile, aonrú agus tástáil a dhéanamh má tá siomptóim Covid-19 orthu. Mar fhocal scoir, beag beann gur ardaíodh an ceanglas maidir le scaradh sóisialta 2m, iarrtar ar gach duine, agus iad suite i seomra cúirte, a bheith aireach ar íogaireachtaí daoine eile maidir leis an mbaol go dtarchuirfear Covid-19 agus, nuair is féidir, leanúint de leas a bhaint as leibhéal éigin de scaradh sóisialta.

Mary Irvine.
Uachtarán na hArd-Chúirte
10.02.22

 

High court