HC105

Iarratais de réir an Achta um Chonarthaí Foirgníochta, 2013

Eisímse, Mary Irvine, Uachtarán na hArd-Chúirte, leis seo an Treoir Chleachtais seo a leanas de réir alt 11(12) agus (13) den Acht um an Dlí Sibhialta agus um an Dlí Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 2020.

  1. Tiocfaidh an Treoir Chleachtais seo i ngníomh ar an 26 Aibreán, 2021.
  2. Faoi réir mhír 3 thíos agus/nó aon ordú cúirte dá mhalairt a bheith ann, i gcás gach iarratas ar chead ón gCúirt breithiúnas a fhorghníomhú nó a thaifeadadh i leith cinnidh ó bhreithneoir de bhun alt 6(11) den Acht um Chonarthaí Foirgníochta, 2013, faoi réir ceanglais fógra, déanfar iad a chur ar ais os comhair na hArd-Chúirte (an Breitheamh Uasal Simons) ar 10.30 ar an gcéad Chéadaoin a bheidh ar fáil. Ba chóir páipéir a chomhdú i bhfoirm chruachóipe sa Seomra Liosta agus cóip leictreonach nó cóip bhog a sheoladh ar ríomhphost chuig an gcláraitheoir cuí an Aoine roimhe sin.
  3. Maidir le haon iarratas den sórt sin a thosófar le linn na saoire fada, beidh an fógra foriarratais tionscnaimh, faoi réir cheanglais an fhógra, inchurtha ar ais os comhair an Bhreithimh Dualgais ar 10:30 ar an gcéad Chéadaoin a bheidh ar fáil.
  4. Ar an dáta fillte, tabharfaidh an breitheamh ceannais cibé ordú a mheasfaidh sé nó sí is gá chun a chinntiú go n-éistfear leis an iarratas agus go gcinnfear é le héascaíocht chuí.

Mary Irvine
Uachtarán na hArd-Chúirte
16 Aibreán 2021

High court