Ordú 2

Nós imeachta le toghairm achomair


Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo: 

Uim2-I.R. Uimh. 551 De 2008 


1. Féadfar nós imeachta le toghairm achomair a ghlacadh sna haicmí éileamh seo a leanas:—

 


(i) I ngach caingean nach mbeidh á iarraidh ag an ngearánaí inti ach fiach nó éileamh leachtaithe in airgead a ghnóthú, is iníoctha ag an gcosantóir, le hús nó gan ús, agus a bheidh ag teacht—

(a) de chonradh, sainráite nó intuigthe (mar shampla, de bhille malairte, nóta gealltanais, nó seic, nó d’fhiach conartha shimplí eile); nó
(b) de bhanna nó conradh faoi shéala chun suim leachtaithe airgid a íoc; nó

(c) de reacht i gcás inar suim chinnte airgid, nó de chineál féich seachas pionós, an tsuim a mbeifear ag iarraidh í a ghnóthú; nó

(d) de ráthaíocht, cibé acu an faoi shéala í nó nach ea, i gcás inar i leith féich nó éilimh leachtaithe amháin an t-éileamh in aghaidh na príomhshuime; nó

(e) d’iontaobhas.


(ii) I gcaingne ina n-iarrfaidh tiarna talún seilbh a aisghabháil ar thalamh, le héileamh nó gan éileamh ar chíos nó ar fhoghailbhrabúis—

(a) i gcoinne tionónta a mbeidh a théarma caite nó foirceanta go cuí le fógra fágála; nó
(b) mar gheall ar neamhíoc cíosa.


(iii) Éilimh inar mian leis an ngearánaí ar an gcéad ásc go dtógfar cuntas.

 


2. Féadfar an nós imeachta le toghairm achomair a ghlacadh le toiliú na bpáirtithe uile i gcás éilimh nach mbeidh ag teacht faoi réim aon aicme de na haicmí i riail 1.

 

Leasuithe

Uim2-I.R. Uimh. 551 De 2008  - Níl ábhar ar fáil sa Ghaeilge don leasú seo.
Cliceáil ar an nasc 'English' thuas chun an doiciméad seo a fheiceáil sa Bhéarla.