HC10

Tuarascálacha agus ráitis a nochtadh

An úsáid a bhaintear as tuarascálacha leighis agus tuarascálacha finnéithe saineolacha eile i gcaingne díobhála pearsanta agus i gcaingne eile (tionscnaithe roimh an 1 Meán Fómhair 1997)

1. I gCaingne ina n-éilítear damáistí as díobhálacha pearsanta ba chóir don abhcóide a bhreithniú cibé an bhfuil gá le finnéithe leighis a bhfuil tuarascáil leighis curtha ar fáil acu a bheith i láthair ag an triail le míniú a thabhairt ar thuarascálacha den sórt sin nó cur leo. Má bhreithnítear nach bhfuil gá dóibh a bheith i láthair ba chóir iarratas a dhéanamh ar an taobh eile ábhar tuarascálacha den sórt sin a admháil i bhfianaise agus gan gá a bheith fianaise ó bhéal a thabhairt. Sa chás go ngéilltear don iarratas ansin ba chóir cóipeanna de gach tuarascáil admhaithe a chur ar fáil don chúirt.

2. Nuair a ghlaoitear ar fhinné leighis chun fianaise a thabhairt ba chóir don abhcóide faoina rogha iomlán féin cinneadh a dhéanamh cóipeanna de thuarascálacha leighis a chuir an finné ar fáil a chur ar fáil le húsáid sa chúirt nó gan a chur. Níor chóir go n-iarrfaí ar an abhcóide cúiseanna a thabhairt sa chás nach gcuirfí na tuarascálacha sin ar fáil. Sa chás go roghnódh an t-abhcóide iad a chur ar fáil ba chóir iad a thaispeáint ar dtús don pháirtí freasúra. Mura dtógtar aon agóid ansin ba chóir don Abhcóide a thabhairt le fios don chúirt cibé (a) an bhfuiltear chun caitheamh leis an tuarascáil mar chuid d'fhianaise an fhinné (agus sa chás seo ba chóir a iarraidh ar an bhfinné an tuarascáil a mhíniú nó cur léi) nó (b) an dtairgítear é díreach ar mhaithe leis an gcúirt agus mar aide-memoire.

3. Ba chóir go gcuirfeadh na nósanna imeachta thuas mutatis mutandis i bhfeidhm i gcás tuarascálacha a fhaightear ó fhinnéithe saineolacha eile, mar shampla innealtóirí, ailtirí, achtúirí, cuntasóirí, comhairleoirí leasa (agus i gcás grianghraf agus léarscáileanna a chuirtear mar innéacs le tuarascálacha den sórt sin) i gcaingne díobhála pearsanta agus i gcineálacha eile caingne.

4. Féadfaidh na páirtithe, trí chomhaontú, a gcuid tuarascálacha a mhalartú roimh an triail ar bhonn cómhalartach, ach níor chóir go mbeadh easpa comhaontaithe sin a dhéanamh mar fhoras diúltú comhoibriú ag an triail sna nósanna imeachta a bhfuil cuntas orthu thuas.

5. Tagann an treoir seo in áit na treorach cleachtais a foilsíodh sa Dialann Dlí an 11 agus 27 Eanáir 1993.

Dátaithe an 8ú lá de Mheán Fómhair 1993

Tuarascálacha agus ráitis a nochtadh i gcaingne díobhála pearsanta.

Tarraingítear aird chleachtóirí ar I.R. Uimhir. 391 de 1998 Rialacha na nUaschúirteanna (Uimh. 6) (Tuarascálacha agus Ráitis a Nochtadh), 1998 ina bhfuil foráil chun mír bhreise a chur le hOrdú 39 de rialacha nua 45 go dtí 51 maidir le tuarascálacha agus ráitis a nochtadh de bhun Alt 45 d'Acht na gCúirteanna agus na nOifigeach Cúirte, 1995. Beidh feidhm leis na rialacha seo i gcás gach imeacht atá ann cheana féin agus a tionscnaíodh ar an 1 Meán Fómhair 1997 nó dá éis.

High court