HC62

Rialachán (AE) Uimh 1215/2012 ar dhlínse agus ar aithint agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála (athmhúnlú I na Bruiséile)

Beidh (AE) Uimh 1215/2012 (dá ngairfear “athmhúnlú Bhruiséil I”), lena ndéantar Rialachán Uimh 44/2001 (dá ngairfear “an Bhruiséil I”) ar aithint agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála a aisghairm agus a ionadú, i bhfeidhm ón 10 Eanáir 2015 ar aghaidh.

Tabharfar isteach rialacha cúirte chun feidhmiú Rialachán (AE) Uimh 1215/2012 a éascú tar éis ionstraim reachtúil faoi Acht na gComhphobal Eorpach 1972 a shíniú chun lánéifeacht a thabhairt don Rialachán sin.

Eisítear an fógra seo go dtí go dtabharfar isteach na rialacha cúirte maidir le cúnamh dlíthithe agus cleachtóirí. Ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil ar Rialachán (AE) Uimh 1215/2012 nó ráiteas uileghabhálach de cheanglais an Rialacháin sin é agus ní comhairle dlí atá ann, agus níor cheart brath air mar chomhairle dlí. Cuirtear dlíthithe agus cleachtóirí faoi bhráid téacs iomlán an Rialacháin sin, agus teacht air ar líne ag:  http://eur-lex.europa.eu/LexUriServ/LexUriServ.do?uri=OJ:L:2012:351:0001:0032:en:PDF

Foráiltear le hAirteagal 66 de Rialachán (AE) Uimh 1215/2012:

“1. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo ach amháin maidir le himeachtaí dlíthiúla arna dtionscnamh, maidir le hionstraimí barántúla a tharraingítear suas go foirmiúil nó a chláraítear go foirmiúil agus maidir le socraíochtaí cúirte a cheadaítear nó a thugtar chun críche ar dháta a chur i bhfeidhm, nó i ndiaidh 10 Eanáir 2015.

2. D’ainneoin Airteagal 80, leanfaidh Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 d’fheidhm a bheith aige maidir le breithiúnais arna dtabhairt in imeachtaí dlíthiúla arna dtionscnamh, maidir le hionstraimí barántúla a tharraingítear suas go foirmiúil nó a chláraítear go foirmiúil agus maidir le socraíochtaí cúirte arna bhformheas nó arna dtabhairt chun críche roimh 10 Eanáir 2015 a thagann faoi réim raon feidhme an Rialacháin sin.”

Foráiltear le hAirteagal 80:

“Aisghairfear Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 leis an Rialachán seo. Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn III.”

In Iarscríbhinn III (leathanaigh 29 - 32) de Rialachán (AE) Uimh 1215/2012 tá tábla lena gcomhghaolaítear Airteagail an Rialacháin sin le hAirteagail Rialachán Uimh 44/2001 dá ndéanann siad ionadú (go hiomlán nó go páirteach).

Maidir le cúnamh dlíthithe agus cleachtóirí, déantar tagairt thíos d'fhorálacha ábhartha de Rialacha na nUaschúirteanna atá ann cheana. Ba cheart tagairtí sna forálacha sin do Rialachán (CE) Uimh 44/2001 a léamh, i ndáil le himeachtaí lena mbaineann, mar thagairtí do Rialachán (AE) Uimh 1215/2012.

Ba cheart do dhlíthithe agus cleachtóirí, maidir leis na nithe seo a leanas

(a) imeachtaí sibhialta nó tráchtála a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh 1215/2012 (féach Airteagail 1 go 3 de Rialachán (CE) Uimh 1215/2012 maidir leo) lena bhfuil dlínse ag an Ard-Chúirt iad a éisteacht agus a chinneadh de bhua Rialachán (CE) Uimh 1215/2012 nó

(b) forfheidhmiú breithiúnais in Éirinn tugtha in ábhar sibhialta nó tráchtála ag cúirt i mBallstát eile den AE in imeachtaí arna dtionscnamh ar an nó tar éis an 10 Eanáir 2015, nó forfheidhmiú ionstraime barántúla arna dtarraingt suas go foirmiúil nó arna gclárú go foirmiúil nó socraíocht chúirte arna bhformheas nó arna dtabhairt i gcrích i mBallstáit eile den AE ar an nó tar éis an dáta sin,

aird ar leith a thabhairt ar an méid seo a leanas:

 

  1. Sula n-eiseofar í, ba cheart go ndéanfar ráiteas ar thoghairm thionscnaimh:
  1. go bhfuil an chumhacht ag an Ard-Chúirt faoi Rialachán Uimh. 1215/2012 an t-éileamh a éisteacht agus a chinneadh agus ina sonrófar an fhoráil áirithe nó na forálacha áirithe de Rialachán Uimh. 1215/2012 faoinar cheart don Chúirt dlínse a ghabháil uirthi féin;
  2. nach bhfuil aon imeachtaí idir na páirtithe i dtaobh na cúise céanna caingne ar feitheamh idir na páirtithe i mBallstát eile den Aontas Eorpach; agus
  3. in ábhair dá dtagraítear in Ailt 3, 4 nó 5 de Rialachán Uimh. 1215/2012 más é sealbhóir an pholasaí, an t-árachaí, tairbhí an chonartha árachais, an páirtí díobhálaithe, an tomhaltóir nó an fostaí an cosantóir,:
  1. tá sé de cheart ag an gcosantóir dlínse na hArd-Chúirte a chonspóid agus más mian leis nó léi é sin a dhéanamh, ba cheart dó nó di láithreas a thaifeadadh chun dlínse a chonspóid i gcomhréir le hOrdú 11A, riail 8 de Rialacha na nUaschúirteanna (“R.U.”));
  2. má dhéanfaidh sé nó sí láithreas neamhchoinníollach a thaifeadadh, tá dlínse ag an Ard-Chúirt faoi Airteagal 26 (1) de Rialachán Uimh. 1215/2012, agus
  3. mura ndéanfaidh sé nó sí láithreas ar bith a thaifeadadh, féadfar breithiúnas mainneachtain a thabhairt ina choinne nó ina coinne.

(Féach Ordú 4, riail 1A, R.U.: léiríonn ceanglais (i) agus (ii) na ceanglais roimhe seo; is ceanglas breise é ceanglas (iii) a eascraíonn ó fhorálacha Rialachán Uimh. 1215/2012).

  1. I gcás go ndéanfar iarratas chun breithiúnas a thaifeadadh d'éagmais láithris, ba cheart go luafar sa mhionnscríbhinn a bheidh mar fhoras leis an iarratas go gcreideann an teisteoir an méid seo a leanas:
  1. go bhfuil cumhacht ag an gCúirt gach éileamh arna dhéanamh leis an toghairm, de bhua Rialachán Uimh. 1215/2012, a éisteacht agus a chinneadh agus
  2. nach bhfuil dlínse eisiach ag cúirt ar bith eile de réir bhrí Rialachán Uimh. 1215/2012 chun an t-éileamh a éisteacht agus a chinneadh (féach Ordú 11D, riail 5(4) agus Ordú 13A, riail 2, R.U.).
  1. I gcás ina ndéantar láithreas a thaifeadadh chun dul i gcoinne dlínse de bhua fhorálacha Rialachán Uimh. 1215/2012, ba cheart go gcuirfear ar fhoirm an láithris (féach Foscríbhinn A, Cuid II, R.U., Foirm Uimh. 6, agus Ordú 11A, riail 8, R.U.) an ceannteideal “Maidir le hAirteagal 26(1) de Rialachán ón gComhairle (CE) Uimh. 1215/2012”.
  2. Ba cheart ráiteas éilimh a fhormhuiniú le ráiteas lena luaitear
  1. go bhfuil cumhacht ag an Ard-Chúirt faoi Rialachán Uimh. 1215/2012 an t-éileamh a éisteacht agus a chinneadh agus ba cheart go sonrófar sa ráiteas na forálacha áirithe de Rialachán Uimh. 1215/2012 faoinar cheart don Chúirt dlínse a ghabháil uirthi féin (féach Ordú 19, riail 3A, R.A.) agus
  2. nach bhfuil aon imeachtaí idir na páirtithe i dtaobh na cúise céanna caingne ar feitheamh idir na páirtithe i mBallstát eile den Aontas Eorpach.
  1. Ba cheart go sonrófar sa mhionnscríbhinn forais in iarratas ar bheart sealadacha, lena n-áirítear bearta cosantacha, faoi Airteagal 35 de Rialachán Uimh. 1215/2012 arna dhéanamh ex parte don Ard-Chúirt na bearta sealadacha ábhartha a bheidh á lorg de bhun Airteagal 35 de Rialachán Uimh. 1215/2012 (féach Ordú 42A, riail 3, R.A.).
  2. Ba cheart go luafar sa mhionnscríbhinn forais in iarratas do Chláraitheoir ar dheimhniú infhorghníomhaitheachta breithiúnais an foráil áirithe nó na forálacha áirithe de Rialachán Uimh. 1215/2012 lenar ghabh an Chúirt dlínse (féach Ordú 42A, riail 21, RA).
  3. I gcás ina ndéanann duine iarratas ar bhearta forfheidhmithe i leith breithiúnais, ionstraime barántúla nó socraíochta cúirte a bhfuil feidhm ag Airteagal 39 de Rialachán Uimh. 1215/2012 maidir leo, ba cheart don duine, mar aon leis na doiciméid a cheanglaítear le hAirteagal 42 de Rialachán Uimh. 1215/2012 a thabhairt don oifigeach cuí, mionnscríbhinn seirbheála den deimhniú a d'eisigh an chúirt tionscnaimh de bhun Airteagal 53 de Rialachán 1215/2012 a thabhairt sa tslí a fhoráiltear le hAirteagal 43 de Rialachán Uimh. 1215/2012 (Is ceanglas nua é seo a eascraíonn as forálacha Rialachán Uimh. 1215/21012 i gcásanna nach bhfuil gá le hordú lena dtugtar cead chun cur i bhfeidhm a thuilleadh).

 

Arna dhátú an 9 Eanáir 2015

High court