HC76

Caingne Díobhálacha Pearsanta a eascraíonn as líomhaintí maidir le bulaíocht agus/nó ciapadh

 

  1. Ní mór gach caingean lena n-áirítear éileamh ar dhamáistí do dhíobhálacha pearsanta a eascraíonn as líomhaintí maidir le bulaíocht agus/nó ciapadh a chur síos i gcomhair trialach i Liosta Díobhálacha Pearsanta Bhaile Átha Cliath.
  1. Ní mór caingne a cuireadh síos i gcomhair trialach sa Liosta Neamh-Ghiúiré cheana a aistriú chomh luath agus is féidir do Liosta Díobhálacha Pearsanta Bhaile Átha Cliath ach amháin :-
  1. na caingne faoi chásbhainistiú sa Liosta Neamhghiúiré leis an mBreitheamh Noonan;
  2. na caingne sin a bhfuil dáta socraithe cheana féin le haghaidh éisteachta sa Liosta Neamhghiúiré.
  1. Ba cheart gach iarratas ar chaingne a aistriú chuig Liosta Díobhálacha Pearsanta Bhaile Átha Cliath a dhéanamh sa Liosta Neamhghiúiré ar aon Déardaoin sa téarma.
     
  2. Ag féachaint don chleachtas i Liosta Díobhálacha Pearsanta Bhaile Átha Cliath, nuair nach bhfuil gá le deimhniú ullmhachta chun dul chun trialach, níl aon cheanglas ann a dheimhniú go bhfuil cásanna den sórt sin réidh lena dtriail.

 

23 Aibreán, 2018
Peter Kelly,
Uachtarán na hArd-Chúirte

High court