HC123

Iarratais maidir le Dlínse Bhunúsach (Cumas)

Réamhrá

  1. Tá an Treoir Chleachtais seo beartaithe a bheith i bhfeidhm ar gach iarratais déanta i gcomhréir dhlínse bunúsach na hArd-Chúirte chun daoine a bhfuil easpa cumais acu nó a líomhnaítear go bhfuil easpa cumais acu a choinneáil agus a chóireáil. Beidh na hiarratais sin le feiceáil ar an Liosta Dlínse Bunúsach (Cumas).

  2. Tiocfaidh an Treoir Chleachtais sin i bhfeidhm ar an 2 Deireadh Fómhair, 2023, agus eiseofar í de réir údaráis ghinearálta Uachtarán na hArd-Chúirte agus ailt 11(12) agus (13) den Acht um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha) 2020 a mhéid a bhaineann sé le héisteachtaí cianda (nó hibrideacha).

 

Iarratais ex parte

  1. Le linn an téarma leagfar dualgas ar Uachtarán na hArd-Chúirte nó Breitheamh na hArd-Chúirte ainmnithe aige gach seachtain chun éisteacht le hiarratais ex-parte an-phráinneacha. Aithnítear an Breitheamh a bhfuil dualgas leagtha air iarratais ex parte a éisteacht gach Luan sa Dialann Dlí. (Liosta Dlínse Bunúsach (Cumas)

  2. Nuair atá an t-iarrthóir den tuairim go bhfuil an t-ábhar práinneach go leor gur fiú iarratais d'Orduithe a dhéanamh ar bhonn ex parte eatramhach, déanfaidh an t-iarrthóir teagmháil leis an gCláraitheoir Liosta Dlínse Bhunúsach (Cumas) chomh luath agus is féidir trí ríomhphost a sheoladh chuig inherentjurisdictioncapacity@courts.ie. Ba chóir go dtugann an páirtí tionscnaimh le fios don Chláraitheoir práinn an iarratais agus neasfhráma ama a thabhairt chun an t-ábhar a bheith réidh lena thabhairt os comhair na Cúirte.

  3. Seachas i gcásanna fíor-phráinneacha ba chóir go gcuirtear an Cláraitheoir ar an eolas faoin iarratas tráth nach déanaí ná 11am an lá a dhéantar an t-iarratas agus ba chóir go n-eiseofar cáipéisí ón bPríomh-Oifig chomh luath agus is féidir. Is féidir coinní práinneacha a fháil ón bPríomh-Oifig trí ríomhphost a sheoladh chuig dublincivillaw@courts.ie. Socróidh an Cláraitheoir am chun an t-ábhar a éisteacht leis an mBreitheamh ainmnithe agus cuirfidh sé na páirtithe ar an eolas.

  4. Maidir le hiarratais ex parte ní mór do chleachtóirí Fógra Foriarratais Tionscnaimh agus Mionnscríbhinn Fhorais a chomhdú agus duillín ex parte comhlánaithe a bhfuil stampa air a thabhairt don Chláraitheoir. Tabharfaidh an Phríomh-Oifig dáta fillte ainmniúil don Fhógra Foriarratais.

  5. Má tá Orduithe ceadaithe ar bhonn ex parte ansin tabharfaidh an Breitheamh, atá ag ceadú na hOrduithe ex parte, dáta agus am fillte don Fhógra Foriarratais a thabharfaidh an t-iarrthóir fógra don fhreagróir mar atá treoraithe ag an gCúirt. Déanfar an Fógra Foriarratais a shannadh ansin don Bhreitheamh sin a choinneoidh seilbh ar an iarratas mura n-ordaítear a mhalairt.

  6. Beidh gach liostú ina dhiaidh sin don chás le feiceáil ar an dialann dlí ar Liosta Ardrabhaidh na mBreithiúna (ADV) ar ‘Cásanna an Lae Inniu / Gach Liosta’ faoi ainm an Bhreithimh sin.

 

Iarratais Idirpháirtithe

  1. Ba chóir iarratais nach bhfuil práinneach go leor go bhfuil faoiseamh eatramhach de dhíth a dhéanamh trí Fhógra Foriarratais Tionscnaimh agus Mionnscríbhinn Fhorais. Ba chóir do chleachtóirí teagmháil a dhéanamh leis an gCláraitheoir chun dáta fillte a fháil roimh cáipéisí a chomhdú sa Phríomh-Oifig.

 

Iarratais maidir le Coimircithe Cúirte Láithreacha

  1. Nuair a dhéantar iarratas maidir le Coimircithe Cúirte láithreacha a bhfuil Orduithe coinneála nó cóireála ag teastáil uathu, ní mór do chleachtóirí teagmháil a dhéanamh leis an gCláraitheoir ag inherentjurisdictioncapacity@courts.ie chun dáta fillte a fháil roimh pháipéir a chomhdú. Ba chóir do chleachtóirí a thabhairt faoi deara toisc go bhfuil iarratais Dlínse Bhunúsach (Cumas) scartha ó ábhair Coimircithe Cúirte, a eisítear ón bPríomh-Oifig agus a bhfuil gá ann go mbeidh Cláraitheoir na Príomh-Oifige i láthair, ní leor é Oifig an Choimircithe Cúirte amháin a chur ar an eolas faoi rún an t-iarratas a dhéanamh, ní mór an Cláraitheoir Dlínse Bunúsach (Cumas) a chur ar an eolas freisin.

 

Formáid Páipéir agus Am agus Dáta le haghaidh Taisceadh

  1. Tá an páirtí tionscnaimh in iarratas ar Dhlínse Bhunúsach (Cumas) freagracht as páipéir don iarratas a sholáthar don Chláraitheoir Dhlínse Bunúsach (Cumas).

  2. Mura n-ordóidh an tUachtarán nó an Breitheamh a éisteann an t-iarratas a mhalairt, ní mór don pháirtí tionscnaimh na páipéir a sholáthar don iarratas i bhfoirmeacha cóip chrua agus cóip bhog.

  3. Ní mór cóip chrua de pháipéir os comhair na Cúirte a cheangal nó a bheith i bhfillteán agus ní mór iad a innéacsú agus a uimhriú go soiléir. Ní mór cóip chrua den leabhrán páipéir a thaisceadh sa Seomra Liosta agus ní sa Phríomh-Oifig. Ní mór aon pháipéir bhreise a bheartaítear a bheith ag brath orthu ag an bpáirtí nó ag aon duine de na páirtithe eile san iarratas a thaisceadh freisin i gcóip chrua sa Seomra Liosta.

  4. Ní mór cóipeanna boga de pháipéir a sholáthar don Chláraitheoir Dhlínse Bunúsach (Cumas) ar ardán comhroinnte leictreonach trí ríomhphost a sheoladh chuig inherentjurisdictioncapacity@courts.ie.

  5. Ba chóir páipéir maidir le gach ábhar seachas iarratais phráinneacha ex parte a thaisceadh tráth nach déanaí ná 48 uair an chloig sula liostaítear an t-ábhar chun láithriú os comhair na Cúirte.

  6. I gcásanna nach bhfuil páipéir ar fáil 48 uair roimh ré mar gheall ar chúinsí nach bhfuil smacht ag an gcleachtóir orthu, ba chóir cead a lorg ón gCláraitheoir chun iad a chomhdú go déanach trí ríomhphost a sheoladh chuig inherentjurisdictioncapacity@courts.ie.
     

Ábhair Iar-Chúirte

  1. Nuair atá an t-iarratas éiste ag an mBreitheamh, ba chóir do chleachtóirí cóip bhog den duillín ex parte nó fógra foriarratais a sheoladh chuig an gCláraitheoir trí ríomhphost i bhfoirm Word chun cabhrú le dréachtú an Ordaithe.

  2. Beidh cóipeanna de na hOrduithe déanta ar fáil ag highcourtbespeaks@courts.ie ag aon am chomh luath is atá an t-Ordú comhlánaithe.

 

Mainneachtain na Treoracha seo a chomhlíonadh

  1. Mura gcomhlíontar na treoracha atá leagtha amach san Fhógra seo maidir le haon iarratas ar Dhlínse Bhunúsach (Cumas) féadfar an t-iarratas a chur ar atráth nó a scriosadh ar cibé téarmaí, costais san áireamh, de réir mar a chinnfidh an Chúirt.

 

David Barniville
Uachtarán na hArd-Chúirte
29 Meán Fómhair 2023

High court