HC11

Dlí teaghlaigh - imeachtaí trí thoghairm speisialta

Faoi láthair éilítear faoi Rialacha na nUaschúirteanna ar achomharcóirí chuig an Ard-Chúirt i mBaile Átha Cliath i gcásanna a bhaineann le saincheisteanna dlí teaghlaigh dhá leabhar achomhairc a chur isteach sa chúirt ina bhfuil cóipeanna de na pléadálacha sna cúrsaí (Ordú 61 riail 4, ionsáite ag I.R. Uimhir 20 de 1989) agus éilítear ar achainígh in agraí neamhnithe dhá leabhar a chur isteach ina bhfuil cóipeanna de na pléadálacha (Ordú 36 riail 24). Tá sé molta gur chóir an prionsabal ar a bhfuil na Rialacha sin bunaithe a shíneadh chuig gach imeacht a bhaineann le dlí teaghlaigh (arna sainmhíniú ag Ordú 70A., ionsáite ag I.R. Uimhir 97 de 1990) agus tionscnaithe ag toghairm speisialta.

Dá réir sin, ba chóir do gach gearánaí in imeachtaí dlí teaghlaigh ar cuireadh tús leo san Ard-Chúirt trí thoghairm speisialta chomh luath agus is féidir leo ó aistrítear an cás ón Máistir chuig an gcúirt dhá chóip de leabhar doiciméid ina bhfuil cóipeanna den toghairm, fógraí agus freagraí air sin, mionnscríbhinní (chomh maith le dhá chóip de gach foilseán) agus orduithe agus innéacs oiriúnach a chur isteach leis an gcláraitheoir atá i gceannas ar chúrsaí dlí teaghlaigh.

(1) Ní aistreoidh an máistir, ach amháin in imthosca speisialta, cás isteach i liosta an bhreithimh mura bhfuil sé/sí sásta go bhfuil an cás réidh le héisteacht. Más gá déanfaidh sé ordú follasaithe agus cuirfidh sé/sí an cás ar atráth go dtí go gcomhlíonfaidh an dá thaobh an t-ordú.

(2) Ba chóir iarratais chun cásanna liostaithe a chur ar atráth nó a scriosadh amach a dhéanamh chomh luath agus is féidir. Féadfar iarratais den sórt sin a dhéanamh ag aon tráth chuig breitheamh atá sannta ar chúrsaí dlí teaghlaigh.

27 Eanáir 1993

High court