HC115

Liosta Araíonachta Gairmiúla

Eisíonn Uachtarán na hArd-Chúirte leis seo an Treoir Chleachtais seo a leanas de réir alt 11(12) agus (13) den Acht um an Dlí Sibhialta agus an Dlí Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 2020.

Réamhrá

  1. Tá an Treoir Chleachtais seo beartaithe le bheith i bhfeidhm ar gach iarratas, achomharc agus imeacht eile a thagann faoi Orduithe 53, 53A, 53B, 53C, 53D, 53E agus 95 de Rialacha na nUaschúirteanna nó a éisteann Uachtarán na hArd-Chúirte nó a ainmní nó hainmní ar bhealach eile ar an Liosta Araíonachta Gairmiúla (“iarratais araíonachta gairmiúla”).

Iarratais Araíonachta Gairmiúla a éisteacht

  1. Éistfear iarratais araíonachta gairmiúla ag 2pm gach Luan, ach amháin nuair a ordaíonn an tUachtarán a mhalairt. Féadfar iarratais den sórt sin, nuair is gá, a liostú le héisteacht ag 2pm ar an Aoine. Féadfar iarratais níos faide a liostú le haghaidh éisteachta ar cibé laethanta eile a chinnfidh an tUachtarán.
  2. Go dtí go bhfógrófar a mhalairt, agus ach amháin i gcás ina n-ordóidh an tUachtarán a mhalairt, éistfear iarratais araíonachta gairmiúla ar bhonn hibrideach i gcás ina suífidh an breitheamh agus an cláraitheoir go fisiciúil sa chúirt agus beidh an rogha ag na cleachtóirí agus ag na dlíthithe freastal agus páirt a ghlacadh go pearsanta sa chúirt nó go cianda.
  3. I gcás inar mian le duine amháin nó níos mó de na rannpháirtithe a bheith rannpháirteach go cianda, beidh sé riachtanach na sonraí logála isteach ábhartha a fháil. Do chleachtóirí dlí, is féidir sonraí logála isteach seomra cúirte fíorúil don Liosta Gairmiúil/Araíonachta a fháil ar na suíomhanna gréasáin seo a leanas:

    https://members.lawlibrary.ie
    https://www.lawsociety.ie/Solicitors

    Ba cheart d’aon pháirtí gan ionadaíocht dul i dteagmháil le highcourtvmr@courts.ie chun na sonraí logála isteach ábhartha a fháil. Nuair atáthar i dteagmháil leis an seoladh sin, ní mór don pháirtí ábhartha ainm an cháis, uimhir thaifid agus dáta na héisteachta a sholáthar chomh maith le stádas an pháirtí a chur in iúl.

Formáid na bPáipéar don Liosta Araíonachta Gairmiúla

  1. Tá an páirtí tionscanta in iarratas araíonachta gairmiúla freagrach as páipéir an iarratais a sholáthar don Chláraitheoir Araíonachta Gairmiúla.
  2. Mura n-ordaíonn an tUachtarán a mhalairt, ceanglaítear ar an bpáirtí tionscanta na páipéir don iarratas araíonachta gairmiúla a sholáthar i bhfoirm cóip chrua agus bhog.
  3. Ní mór páipéir chruachóipe a cheangal nó a bheith i bhfillteán agus iad a bheith innéacsaithe agus uimhrithe go soiléir. Ní mór páipéir chruachóipe a thaisceadh sa Seomra Liosta agus sa Phríomh-Oifig. Ní mór aon pháipéir bhreise a bhfuil sé i gceist ag an bpáirtí tionscanta nó ag aon cheann de na páirtithe eile san iarratas brath orthu a thaisceadh freisin i gcóip chrua sa Seomra Liosta.
  4. Ní mór cóipeanna boga de pháipéir a sholáthar don Chláraitheoir Araíonachta Gairmiúla ar ardán comhroinnte leictreonach nó trí ríomhphost a sheoladh chuig hcpresidentsregistrar@courts.ie. I gcás nach bhfuil rochtain ag páirtí ar ardán comhroinnte comhad, cruthóidh an Cláraitheoir Araíonachta Gairmiúla fillteán comhroinnte chun na páipéir i gcóip bhog a sholáthar don Chúirt.

Dáta agus Am chun Páipéir a Thaisceadh

  1. Ní mór don pháirtí cóipeanna crua de pháipéir a thaisceadh sa Seomra Liosta, agus na focail “Liosta Araíonachta Gairmiúla” agus dáta fillte nó dáta atrátha an iarratais, de réir mar a bheidh, marcáilte orthu agus iad a chur faoi bhráid an Chláraitheora Araíonachta Gairmiúla, agus, chomh maith leis sin, ní mór cóipeanna boga páipéir a sholáthar don Chláraitheoir Araíonachta Gairmiúla faoi 12 meán lae ar an Máirt roimh dháta éisteachta an iarratais araíonachta gairmiúla.
  2. Ní mór páipéir d'iarratas araíonachta gairmiúla atá liostaithe do dháta seachas Dé Luain nó Dé hAoine a thaisceadh freisin i gcóip chrua agus a sholáthar i gcóip bhog ar an mbealach céanna agus leis na marcanna céanna mar atá leagtha amach in alt 9 thuas faoi 12 meán lae ar an Máirt roimh dháta na héisteachta.
  3. Ach amháin i gcásanna eisceachtúla, ní ghlacfar le haon pháipéar breise maidir le hiarratas araíonachta gairmiúla tar éis 12 meán lae ar an Máirt roimh dháta na héisteachta.
  4. Ní mór aon pháipéir bhreise maidir le hiarratas araíonachta gairmiúla a sholáthar freisin i gcóip chrua agus i gcóip bhog faoin spriocdháta céanna.

Tuilleadh Eolais de dhíth i gcás inar cuireadh an tIarratas ar atráth

  1. Nuair a chuirtear iarratas araíonachta gairmiúla ar atráth go dáta eile, beidh ar an bpáirtí tionscanta a chur in iúl don Chláraitheoir Araíonachta Gairmiúla faoi 12 meán ar an Máirt roimh an dáta atrátha an bhfuiltear ag súil go rachaidh an t-iarratas ar aghaidh lena éisteacht ar an dáta atrátha agus, má tá, cad iad na faoisimh a lorgófar. Má cheaptar go gcuirfear an t-iarratas ar atráth tuilleadh, ní mór don pháirtí tionscanta é sin a chur in iúl don Chláraitheoir Araíonachta Gairmiúla faoin spriocdháta céanna.

Mainneachtain na Treoracha seo a Chomhlíonadh

  1. Mura gcomhlíontar na treoracha atá leagtha amach sa Treoir Chleachtais seo maidir le haon iarratas araíonachta gairmiúla, féadfar an t-iarratas a chur ar atráth nó a scriosadh ar cibé téarmaí, lena n-áirítear costais, a chinnfidh an Chúirt.

David Barniville
Uachtarán na hArd-Chúirte
14 Deireadh Fómhair, 2022

High court