HC104

Iarratais chun cásanna ar Liosta Díobhálacha Pearsanta Bhaile Átha Cliatha éisteacht ar chianardán.

Dírítear aird na gcleachtóirí go léir ar fhorálacha alt 11 den Acht um an Dlí Sibhialta agus um an Dlí Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 2020.

Ón 12 Aibreán, 2021, i gcás ina measann an Chúirt, maidir le caingean díobhálacha pearsanta, gur féidir leasanna an cheartais a chomhlíonadh go cothrom tríd an gcaingean sin a éisteacht ar chianardán, féadfaidh an Chúirt a ordú go leanfar leis an éisteacht ar an mbealach sin.

Féadfaidh aon pháirtí i gcaingean díobhálacha pearsanta, ar fhógra a thabhairt d’aon pháirtí eile, iarratas a dhéanamh chuig an mbreitheamh atá i bhfeighil an liosta Díobhálacha Pearsanta ar éisteacht den sórt sin. Agus, murar féidir cúis mhaith a bhunú i dtaobh cén fáth nár cheart an chaingean a éisteacht ar an modh sin, ordóidh an Chúirt cianéisteacht agus tabharfaidh sí cibé treoracha breise is gá maidir le ham agus modh na trialach.

Cleachtais chun páipéir a thaisceadh le haghaidh cásanna Díobhálacha Pearsanta atá le héisteacht ar chianardán.

  1. Déanfaidh an Gearánaí na doiciméid seo a leanas a thaisceadh sa Seomra Liosta faoi 12 meán lae ar an Déardaoin roimh an dáta atá socraithe don éisteacht:
  1. Leabhar pléadála comhaontaithe.
  2. Leabhar ina bhfuil na tuarascálacha saineolaithe go léir a mhalartaítear de bhun IR 391/98
  3. Leabhar ina bhfuil aon doiciméad/doiciméid eile a bhfuil sé beartaithe ag na páirtithe brath orthu. Soláthróidh an cosantóir cóipeanna boga d’aon doiciméad/doiciméid den sórt sin don ghearánaí, seachas na cinn dá dtagraítear ag 2 thíos, laistigh de 4 lá tar éis dó/di iarratas a fháil ar dhoiciméadú den sórt sin.
  4. Leabhar doiciméad a bhaineann le haon éileamh ar dhamáistí speisialta nach gcomhaontaítear.
  1. I gcás páirtí ar bith a bhfuil sé ar intinn aige amhras a chaitheamh ar chreidiúnacht finné trí rud a d’fhéadfaí a chur síos mar dhoiciméid nó ábhair gan choinne a thabhairt isteach le linn na croscheistithe, ba cheart dó cóipeanna de dhoiciméid/ábhar dá leithéid a thaisceadh sa Seomra Liosta faoi 12 meán lae ar an Déardaoin roimh an dáta atá socraithe don éisteacht.  Ní gá don pháirtí a dhéanann amhlaidh fógra a thabhairt d’aon pháirtí eile maidir lena ghníomhartha. Ba cheart na doiciméid/na hábhair sin a chur i gclúdach séalaithe ar a bhfuil ainm agus uimhir thaifid an cháis, dáta na héisteachta agus ainm agus sonraí teagmhála an aturnae a thaisc na doiciméid/na hábhair sin.
  2. Ní bhreithneoidh breitheamh na trialach aon doiciméad a sheachadtar chuig an Seomra Liosta, ach amháin i gcás Leabhar na bPléadálacha, go dtí go dtosóidh an triail agus, air sin, féadfaidh na páirtithe aon chomhaontú a chur in iúl don Chúirt ar thángthas air maidir leis an mbonn ar a bhféadfaí aird a thabhairt ar aon doiciméad nó tuarascáil den sórt sin.
  3. Ní mór do pháirtithe i gcaingean atá liostaithe le héisteacht ar chianardán a chinntiú go bhfuil clúdach cuí Wifi/Idirlín ag gach finné a bhfuil sé ar intinn aige fianaise a thabhairt. Sa chás go bhfuiltear ag súil le haon deacracht nasctha/clúdaigh nó nuair is cuí é seo a dhéanamh, ba chóir do pháirtithe socrú a dhéanamh go bhfreastalóidh finnéithe ar fhíorais ar oifigí a n-aturnae chun críocha a gcuid fianaise a thabhairt, faoi réir treoir sláinte phoiblí a chomhlíonadh i gcónaí.
  4. Táthar ag súil go mbainfidh an Treoir Chleachtais seo, faoi réir athrú ar an suíomh ina dtaiscfear leabhráin thrialach, le gach caingean maidir le díobhálacha pearsanta cibé áit a liostaítear le héisteacht iad le héifeacht ó thús théarma na Tríonóide.
  5. Ní chuirfidh aon ní sa Treoir Chleachtais seo cosc ar bhreitheamh den Ard-Chúirt aon chaingean díobhálacha pearsanta a éisteacht ar chianardán lasmuigh de Bhaile Átha Cliath roimh thosach feidhme Théarma na Tríonóide ar choinníoll go dtoilíonn na páirtithe nó i gcás ina bhfuil imthosca eisceachtúla ann a mbeadh, ar mhaithe leis an gceartas, sainordú ann do chur chuige den sórt sin.

Sínithe:
Mary Irvine
Uachtarán na hArd-Chúirte
Arna dhátú 7 Aibreán, 2021.

High court