HC36

An tAcht um Chúram Leanaí, 1991 Cuid IVA

(Leanaí ar gá Cúram Specialta nó Cosaint a thabhairt dóibh)

Cuireadh isteach cuid IVA den Acht Cúram Leanaí 1991 de bhun alt 16 den Acht um Leanaí, 2001. De bhua alt 267(2) d'Acht 2001, forléireofar go gcuimsíonn tagairtí i gCuid V (Dlínse agus Nós Imeachta) d'Acht 1991 do Chuid IV den Acht tagairtí do Chuid IVA.

Dá réir sin, de bhua alt 28 d'Acht 1991, tá dlínse ag an gCúirt Dúiche, agus ag an gCúirt Chuarda i gcás achomhairc ón gCúirt Dúiche, imeachtaí a éisteacht agus a chinneadh faoi Chuid IVA, agus is féidir imeachtaí faoi Chuid IVA a thabhairt, a éisteacht agus a chinneadh os comhair bhreitheamh de chuid na Cúirte Dúiche atá sannta go sealadach chuig an gceantar Cúirte Dúiche ina bhfuil an páiste ina chónaí nó ina bhfuil sé faoi láthair.

Seachas sna cúinsí ab'eisceachtúla, ba chóir imeachtaí chun faoiseamh a éileamh maidir le páiste ar féidir a dheonú faoi Chuid IVA, a thionscnamh sa Chúirt Dúiche de réir Chuid IVA, le héifeacht ó dháta an fhógra seo.

Imeachtaí chun faoiseamh a éileamh den chineál atá ar fáil faoi Chuid IVA a tioncsnaíodh san Ard-Chúirt agus nár socraíodh fós, déanfar iad a dhiúscairt sa chúirt sin, ó dháta an fhógra seo.

Arna dhátú an 21ú lá seo de mhí Márta, 2005
Joseph Finnegan
Uachtarán na hArd-Chúirte

High court