HC70

Díobhálacha pearsanta - foghail ar an duine

  1. Leis seo, ordaím, Peter Kelly, Uachtarán na hArd-Chúirte, de bhun fhorálacha Ordú 36, riail 2(c) de Rialacha na nUaschúirteanna (Triail) 2012 (S.I. Uimh. 355 de 2012), go ndéanfar trialacha cásanna díobhálacha pearsanta ina n-eascraíonn an chúis chaingne as líomhain maidir le hionsaí nó slacairt, a chuirfí síos i gcomhair trialach, murach an treoir seo, ag ionad lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, a chur síos i gcomhair trialach i mBaile Átha Cliath agus iad a éisteacht ann. Tá feidhm ag an méid sin roimhe seo ar chásanna nár cuireadh síos go fóill.
     
  2.  I gcás ar bith inar cuireadh ábhar na treorach cleachtais seo síos i gcomhair trialach ag ionad lasmuigh de Bhaile Átha Cliath cheana féin, déanfar na cásanna sin a thraschur go Baile Átha Cliath trí iarratas a thabhairt don Leas-Mháistir a bheidh ina shuí i gCúirt an Mháistir ag 10.30 a.m. gach Luan le linn Téarma na Féile Bríde 2017.

 

Arna dhátú an 21ú lá de mhí Eanáir, 2016
Peter Kelly,
Uachtarán na hArd-Chúirte

High court