HC122

Liosta na Cúirte Tráchtála

Liosta na Cúirte Tráchtála

  1. Tagann an treoir chleachtais seo in ionad gach treoir chleachtais roimhe seo maidir leis an Liosta Tráchtála agus go háirithe  HC 93, HC 113 and HC 85. Tiocfaidh an treoir chleachtais seo i bhfeidhm an 2 Deireadh Fómhair 2023 agus eisítear í de réir údarás ginearálta Uachtarán na hArd-Chúirte agus de réir alt 11 (12) agus (13) den Acht um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2020, a mhéid a bhaineann sé le héisteachtaí cianda.
  2. Baineann an treoir chleachtais seo le cásanna a lorgaíonn taifead ar an Liosta Tráchtála faoi  Ordú 63A  RSC agus leo siúd a cuireadh ar an Liosta de bhun Ordú 63A..

 

Feidhmiú an Liosta

  1. Tugtar dáta fillte ar Liosta Foriarratais na Cúirte Tráchtála do fhoriarratais i gcásanna ar an Liosta Tráchtála (lena n-áirítear foriarratais chun dul isteach ar an Liosta Tráchtála) a éistear gach Luan le linn an téarma. Coinnítear an Liosta Foriarratais ar bhonn hibrideach ionas gur féidir le páirtithe agus cleachtóirí freastal go pearsanta nó go cianda.
  2. A luaithe a thaifeadtar cás ar an Liosta Tráchtála, beidh gach céim bhreise sna himeachtaí (lena n-áirítear dáta a shocrú chun na himeachtaí a éisteacht go substainteach) faoi réir threoracha an Bhreithimh atá i gceannas ar an Liosta Tráchtála (“breitheamh an Liosta Tráchtála”). Ar an gcúis sin, níl aon liosta ann chun dátaí a shocrú ar an Liosta Tráchtála. Sannfaidh breitheamh an Liosta Tráchtála dáta éisteachta nuair a bheidh an breitheamh sásta gur cuí sin a dhéanamh.
  3. Gach Aoine i rith an téarma bíonn glaoch ar bhonn hibrideach ag 10.45 am os comhair bhreitheamh an Liosta Tráchtála ar na cásanna atá liostaithe le héisteacht le linn na seachtaine dár gcionn. Is é aidhm an ghlaoigh seo ná a chinntiú go gcomhlíontar na treoruithe réamhthrialach ar fad a thug an chúirt go hiomlán agus go bhfuil an cás réidh le dul ar aghaidh.
  4. Sa chás go socraítear cás roimh dháta na héisteachta, tá sé de dhualgas ar na haturnaetha atá ar taifead an méid sin a chur in iúl láithreach don Chláraitheoir trí ríomhphost a sheoladh chuig CommercialCourt@courts.ie.
  5. Más gá ábhar a liostú os comhair na cúirte ar chúis ar bith ba chóir teagmháil a dhéanamh leis na Cláraitheoirí Liosta Tráchtála ag an seoladh ríomhphoist CommercialCourt@courts.ie a shocróidh go liostófar an t-ábhar os comhair bhreitheamh an Liosta Tráchtála. Ba chóir gach ríomhphost den sórt sin a chóipeáil chuig gach páirtí lena mbaineann.
  6. Tá sé tábhachtach go gcloítear le treoracha a thugann an Chúirt Tráchtála (lena n-áirítear gach teorainn ama arna socrú ag an gCúirt). Má chreideann páirtí nach mbeifear in ann, d'ainneoin gach iarracht réasúnach a dhéanamh, treoir nó teorainn ama a chomhlíonadh, ba cheart an t-ábhar a chur faoi bhráid na Cúirte láithreach sula rachaidh aon teorainn ama is infheidhme in éag trí ríomhphost a sheoladh chuig Cláraitheoirí an Liosta Tráchtála chun dáta agus am a lorg chun an t-ábhar a lua os comhair bhreitheamh an Liosta Tráchtála. Ba cheart ríomhphoist den sórt sin a sheoladh chuig CommercialCourt@courts.ie agus a chóipeáil chuig gach páirtí lena mbaineann.
  7. Ba cheart aon chumarsáid le Cláraitheoirí an Liosta Tráchtála maidir le Liosta an Luain a dhéanamh trí ríomhphost faoi 3pm ar an Aoine roimhe sin chun am a thabhairt do na Cláraitheoirí agus don chúirt an chumarsáid a bhreithniú. Cé go n-aithnítear go bhféadfadh eisceachtaí a bheith ann ar mhaithe leis an gceartas nuair nach féidir cloí leis an teorainn ama seo, ní mór d'aon pháirtí atá ag iarraidh cumarsáid a dhéanamh thar an tréimhse ama sin an bonn a leagan amach cén fáth a bhfuil sé riachtanach an chumarsáid a bhreithniú an uair seo. Seachas sin, cuirfear an t-ábhar ar atráth, go dtí an Luan dár gcionn go ginearálta.
  8. Is féidir treoracha comhaontaithe nó, nuair is cuí, dréacht-orduithe a sheoladh ar ríomhphost chuig na Cláraitheoirí trí CommercialCourt@courts.ie roimh liosta an Luain

 

Deimhniú Aturnae

  1. Ní mór go mbeidh Deimhniú an Aturnae a eisíodh de bhun  O.63A, r. 4 (2) de Rialacha na nUaschúirteanna atá mar fhoras le hiarratas ar chás a thaifeadadh ar an Liosta Tráchtála sínithe ag Aturnae aonair atá freagrach agus a bheidh freagrach as seoladh an cháis. Ní leor an Deimhniú a bheith sínithe in ainm gnólachta. Ba chóir go luafar sa Deimhniú lena lorgaítear cead ar iontráil ar an Liosta an t-alt/na hailt de O.63 A r. 1 faoina bhfuil an t-iarratas á dhéanamh.
  2. Mar aon leis an ábhar eile a fhorordaítear leis na Rialacha, ní mór go mbeadh gealltanais an aturnae don chúirt i nDeimhniú den sórt sin –
  1.  i gcás ina nglacfar an cás ar an Liosta Tráchtála, go ndéanfaidh an t-aturnae dianiarracht chun a chinntiú go gcomhlíonfar treoracha na cúirte ina n-iomláine; agus
  2. go ndéanfaidh an t-aturnae sin, laistigh de 14 lá tar éis an cás a thabhairt chun críche san Ard-Chúirt, cibé acu trí chomhaontú, scor, scriosadh amach, díbhe nó ordú cúirte eile, agus cibé acu roimh iontráil ar an Liosta Tráchtála nó ina dhiaidh sin, a dhícheall a dhéanamh chun Cás-Tuairisc a chur faoi bhráid na Seirbhíse Cúirteanna trí mhodh leictreonach ag commercialdata@courts.ie. Is féidir an fhormáid riachtanach den chás-tuairisc a fháil trí chliceáil ar Cás-Tuairisc nó ón rannán Liosta Tráchtála de shuíomh gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna: https://www.courts.ie/commercial-court .
  1. Diúltófar d'iarratas ar chás a thaifeadadh ar an Liosta Tráchtála atá bunaithe ar Dheimhniú nach gcomhlíonann forálacha mhír 10 agus mhír 11 den treoir chleachtais seo.
  2. Nuair a dhéantar cás a thaifeadadh ar an Liosta Tráchtála, beidh ceanglas ar an bpáirtí nó ar na páirtithe eile aturnae ar leith a ainmniú a bheidh freagrach as comhlíonadh threoracha na cúirte a chinntiú.

 

Úsáid Leabhar Cúirte Leictreonach agus an Gá Leanúnach atá le Leabhair Chóip Chrua don Chúirt

  1. Le haghaidh trialacha agus foriarratais, mura n-ordaítear a mhalairt, tá cóip chrua de na leabhair pháipéir chomh maith le cóip leictreonach ag teastáil ón gCúirt. I gcásanna ina bhfuil leabhar na n-údarás leitheadach, ba cheart do chleachtóirí a chinntiú nach bhfuil ach na croí-údaráis sa chóip chrua. Is féidir údaráis imeallacha a chur san áireamh sa chóip leictreonach amháin. Ba chóir go leanfaí le leabhair chóip chrua a thaisceadh leis an bPríomh-Oifig mar is gnách tríd an Seomra Liosta. Ní mór gach páipéar a thaisctear sa Seomra Liosta a cheangal, a innéacsú agus na leathanaigh uimhrithe i gceart agus ba cheart dóibh cloí leis an bhformáid a fhorordaítear a thuilleadh i míreanna 23 go 26 thíos.
  2. I gcás foriarratas ar Liosta an Luain, ní mór cóipeanna crua de pháipéir a thaisceadh sa Seomra Liosta tráth nach déanaí ná 4.30pm ar an gCéadaoin roimh an Luan a bhfuil an foriarratas inchurtha ar ais ina leith ar an Liosta Tráchtála.
  3. I gcás nithe atá liostaithe le héisteacht Dé Máirt go hAoine, ní mór cóipeanna crua de pháipéir trialach a thaisceadh sa Seomra Liosta tráth nach déanaí ná 4.30 pm ar an gCéadaoin den tseachtain roimh an triail. Tá uaireanta oscailte an tseomra liosta ar fáil anseo: https://www.courts.ie/content/central-office-high-court .
  4. Baineann na teorainneacha ama céanna le tarchur leabhar leictreonach chuig an gcúirt agus chuig na Cláraitheoirí. Tá an modh tarchuir leagtha amach thíos.

 

Na Modhanna chun Leabhair Leictreonacha a Tharchur chuig an gCúirt

  1. Ón 2 Deireadh Fómhair 2023, ní mór gach leabhrán leictreonach a chur isteach trí mheicníocht ShareFile de réir an Phrótacail maidir le Tarchur agus de réir an Phrótacail maidir le hAinmniú Comhad is infheidhme a fhoilsítear ar leithligh ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna. Féadfaidh na prótacail sin a athrú ó am go ham. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, roimh leabhráin a tharchur trí ShareFile, gur cheart do pháirtithe agus do chleachtóirí dul i gcomhairle le láithreán gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna chun an leagan is déanaí de na prótacail a fháil.
  2. Is ardán dílseánaigh ar líne é ShareFile a chruthaigh Citrix® trínar féidir le páirtí amháin doiciméid a uaslódáil go sábháilte in aon áit amháin agus is féidir le páirtí eile iad a íoslódáil in áit eile. Bainfidh an tSeirbhís Chúirteanna úsáid as an ardán seo chun taisceadh gach leabhar leictreonach a úsáidfear ar an Liosta Tráchtála a éascú.
  3. Ní mór cloí leis na próisis sa Phrótacal maidir le Tarchur agus sa Phrótacal maidir le hAinmniú Comhad. Mura ndéantar amhlaidh, d'fhéadfaí cuntas ShareFile an chleachtóra a chur ar fionraí leis an tSeirbhís Chúirteanna agus, dá bhrí sin, beidh tionchar aige ar an gcumas leabhair leictreonacha a tharchur chuig an gCúirt Tráchtála. Déantar cur síos sa Phrótacal maidir le Tarchur ar an gcaoi a bhfuil páipéir leictreonacha le tarchur. Forordaítear leis an bprótacal maidir le hAinmniú Comhad an bealach inar cheart leabhráin a ainmniú agus tagairt a dhéanamh dóibh.
  4. Ní úsáidfear Sharefile mar mhodh chun comhfhreagras a dhéanamh leis an gCláraitheoir nó leis an tSeirbhís Chúirteanna, lena n-áirítear le haghaidh aon ábhar práinneach nó iarratais. Iarrtar ar pháirtithe CommercialCourt@courts.ie a úsáid más gá dóibh teagmháil a dhéanamh leis na Cláraitheoirí Cúirte Tráchtála maidir le gnó na Cúirte.
  5. Is é 4:30pm Dé Céadaoin na seachtaine roimhe sin an spriocdháta chun leabhair leictreonacha a chur isteach le haghaidh foriarratais agus trialacha. Tabhair faoi deara le do thoil go bhféadfadh sé suas le lá gnó amháin a thógáil chun ShareFile nua a chur ar bun. Dá bhrí sin, tá sé riachtanach go ndéanfadh iarratasóirí ar iontráil teagmháil chomh luath agus is féidir trí ríomhphost chuig CommercialCourt@courts.ie agus más gá sula n-eisítear an foriarratas iontrála.

 

Formáid na Leabhar Cúirte le haghaidh Foriarratais

  1. Ba chóir go mbeadh gach leabhrán leictreonach i bhformáid pdf. Ba chóir leabhráin Pdf. a chuirtear isteach trí ShareFile a chur ar fáil go cuí agus le hinnéacsanna ina bhfuil hipearnaisc ag dul chuig gach doiciméad. Ba chóir go mbeadh na Leabhair Chúirte Leictreonacha ina macasamhail de na leabhair pháipéir i gcóip chrua.
  2. Ba chóir na croíleabhair seo a leanas a chur ar fáil i gcóip chrua agus i bhformáid leictreonach araon: -
    1. Leabhar Pléadálacha in ord dáta ina bhfuil gach ceann díobh seo a leanas (a mhéid a seachadadh nó a rinneadh iad): -
  • An Toghairm
  • An mhionnscríbhinn atá ina foras leis an bhforiarratas atá le taifeadadh ar an Liosta Tráchtála
  • Meabhrán Láithris
  • Ráiteas Éilimh
  • Fógraí le haghaidh Sonraí agus Freagraí
  • Cosaint/Frithéileamh
  • Freagra
  • Aon Sonraí agus Freagraí ábhartha breise
  • Fógraí atá le Cur ar Fáil
  • Orduithe uile na Cúirte
  1. Beidh na nithe seo a leanas le háireamh i leabhar na bPáipéar Foriarratais: -
  • Fógra Foriarratais
  • Mionnscríbhinn Forais (le foilseáin mura bhfuil siad toirtiúil agus sa chás sin is féidir iad a sholáthar i leabhráin ar leith)
  • Aon Mhionnscríbhinní Freagartha agus malartuithe breise ar Mhionnscríbhinní
  • Aighneachtaí Scríofa an Pháirtí is Tionscnóir
  • Aighneachtaí Scríofa an Pháirtí is Freagróir
  1. Beidh na nithe seo a leanas le háireamh i leabhar na nÚdarás ina mbeidh na hÚdaráis Iomchuí ó gach páirtí:-
  • Cóip d’fhorálacha Rialacha na nUaschúirteanna faoina n-iarrtar an faoiseamh (más infheidhme)
  • Na forálacha reachtúla ábhartha go léir;
  • Croí-Údaráis is dóichí a luafar le linn aighneachtaí ó bhéal.
  1. I gcás údaráis eile atá níos imeallaí do na haighneachtaí, mar shampla i gcás ina bhféadfadh breithiúnas a bheith ag brath ar bhreithiúnas/breithiúnais eile, ba cheart na húdaráis eile sin a chuimsiú i leabhar ar leith d’údaráis nach croí-údaráis iad. Tá sé inghlactha más i bhfoirm leictreonach amháin a chuirtear na húdaráis fhorimeallacha seo ar fáil.

 

Formáid na Leabhar Cúirte le haghaidh Trialach

  1. Cosúil le foriarratas, ba chóir go leanfadh leabhráin i gcóip chrua agus leabhráin leictreonacha an fhormáid atá leagtha síos thíos. Ba cheart leabhráin pdf a chur ar fáil roinnte ina leathanaigh go cuí agus le hinnéacsanna ina bhfuil hipearnaisc ag dul chuig gach doiciméad. Ba chóir go mbeadh na Leabhair Chúirte Leictreonacha ina macasamhail de na leabhair pháipéir i gcóip chrua.
  2. Ba chóir na croíleabhair seo a leanas a chur ar fáil i bhfoirm chruachóipe agus leictreonach araon:-
    1. Leabhar Pléadálacha in ord dáta, mar seo a leanas: -
  • Toghairm
  • Meabhrán Láithris
  • Ráiteas Éilimh
  • Fógraí le haghaidh Sonraí agus Freagraí
  • Cosaint/Frithéileamh
  • Freagra
  • Aon Sonraí agus Freagraí ábhartha breise
  • Fógraí atá le Cur ar Fáil
  • Na hOrduithe a rinne an Chúirt
  1. Leabhar na gcroí-dhoiciméad

    Ba cheart go mbeadh an bunábhar a bhfuil sé beartaithe ag gach páirtí aghaidh a thabhairt air ag triail na caingne san áireamh sa leabhar seo. Ba cheart go mbeadh sé i bhformáid a chomhaontaítear idir na páirtithe tamall maith roimh an triail agus ba cheart go mbeadh an tagairt follasaithe ábhartha ón bhfollasú a rinne na páirtithe san áireamh (i gcás inar doiciméad é a d’aimsigh páirtí amháin nó an dá pháirtí).
     
  2. Leabhar aighneachtaí dlíthiúla ina bhfuil:
  • Aighneachtaí Scríofa an Ghearánaí
  • Aighneachtaí Scríofa an Chosantóra
  • Aon aighneachtaí Scríofa eile (ó Pháirtithe Fógra/Tríú Páirtithe srl)
  1. Leabhar ráitis finnéithe ó gach páirtí
    Ba chóir go mbeadh cóipeanna sa leabhar seo freisin d’aon ábhar a cuireadh i gceangal le bunráitis na bhfinnéithe mar a seachadadh iad
     
  2. Beidh na nithe seo a leanas le háireamh i leabhar na nÚdarás ina mbeidh na hÚdaráis Iomchuí ó gach páirtí: -
  • Cóip d’ordú Rialacha na nUaschúirteanna faoina n-iarrtar aon fhaoiseamh (más infheidhme)
  • Cóip d’aon fhorálacha reachtúla ábhartha.
  • Na Croí-Údaráis is dóichí a luafar le linn aighneachtaí ó bhéal
  1. I gcás údarás eile atá níos imeallaí do na haighneachtaí, mar shampla i gcás ina bhféadfadh breithiúnas a bheith ag brath ar bhreithiúnas/breithiúnais eile, d'fhéadfaí na húdaráis eile sin a chuimsiú i leabhrán údaráis nach croí-údaráis iad. Tá sé inghlactha más i bhfoirm leictreonach amháin a chuirtear na húdaráis fhorimeallacha seo ar fáil.

 

David Barniville
Uachtarán na hArd-Chúirte
Arna Dhátú: 13 Meán Fómhair 2023

 

Doiciméid Ghaolmhara, cliceáil ar dúigh le híoslódáil:

 

High court