HC98

Imeachtaí Bannaí na hArd-Chúirte le hÉisteacht trí Nasc Físe Beo

Treoir Chleachtais AC98
Covid-19 – Imeachtaí Bannaí na hArd-Chúirte le hÉisteacht trí Nasc Físe Beo

Ar mhaithe le sláinte phoiblí agus sláinte na ndaoine go léir a bhfuil baint acu le riar an cheartais, de bhun alt 23 (3) agus (14) den Acht um an Dlí Sibhialta agus an Dlí Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheachta), 2020, le héifeacht ón 14 Meán Fómhair 2020, éistfear le hiarratais ar Bhannaí na hArd-Chúirte de chuid na ndaoine ar fad atá faoi choimeád trí nasc físe beo idir an chúirt agus an áit ina bhfuil an duine ábhartha, ach amháin má ordaíonn an Chúirt a mhalairt faoi alt 23 (8) den Acht thuas.

___________________
Breitheamh Mary Irvine
Uachtarán na hArd-Chúirte.
Arna dhátú an 14 Meán Fómhair 2020.

High court