HC27

Cistí cúirte - íocaíocht cistí amach as an Ard-chúirt

Tabhair ar aird nuair a bheidh Cuntasóir na gCúirteanna Dlí ag déanamh íocaíochta de bhun ordaithe cúirte roimh an 2 Deireadh Fómhair 2000 le mionaoiseach a bhfuil a mhóramh coinnithe aige beidh feidhm leis na socruithe seo a leanas le héifeacht ón 28 Eanáir 2003 chun dleachta stampa a nochtadh agus seic a eisiúint maidir le híocaíocht den sórt sin.

1. Ríomhfaidh an cuntasóir an dleacht stampa a bheidh iníoctha ar aon seic, asbhainfear é sin ó na cistí sa chúirt agus íocfar é le Príomh-Chléireach Chúirt Dúiche Limistéar Chathair Bhaile Átha Cliath.

2. Cuirfidh an cuntasóir na seiceanna sa phost ansin (lúide suim na dleachta stampa) chuig an aturnae a bheidh ar taifead don íocaí.

Joseph Finnegan
Uachtarán na hArd-Chúirte
Eanáir 2003

High court