HC79

Athbhreithniú Breithiúnach - Nós imeachta i leith cásanna atá liostaithe le héisteacht

Gach Déardaoin, glaofar cásanna um athbhreithniú breithiúnach atá liostaithe ó Mháirt go hAoine an tseachtain ina dhiaidh sin. Tá ar pháirtithe a bheith i láthair ag an nglaoch rolla seo agus a chur in iúl má tá an cás ag dul ar aghaidh nó mura bhfuil. Scriosfar amach cásanna mura bhfuil aon duine i láthair.

Ar lá na trialach ceanglaítear ar an Iarratasóir leis an gcláraitheoir don bhreitheamh atá sannta chun an cás a éisteacht leabhar ceangailte a thaisceadh ina mbeidh na doiciméid seo a leanas:

  1. Cóip d'fhógra tairisceana
  2. Cóip den ordú lena dtugtar cead iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú breithiúnach
  3. Cóip den Ráiteas a bhfuil iarratas mar fhoras leis
  4. Cóip den Mhionnscríbhinn lena ndeimhnítear an ráiteas
  5. Cóip de na foilseáin
  6. Cóip den ráiteas cur i gcoinne (más ann)
  7. Cóip de mhionnscríbhinn lena ndeimhnítear ráiteas cur i gcoinne (más ann)
  8. Mionnscríbhinn de sheirbheáil phearsanta tairisceana, ráitis, mionnscríbhinne agus ordaithe lena dtugtar cead, ar gach páirtí le bheith seirbheáilte, (Ordú 84 R.22(6))
  9. Cóip d'aighneachtaí scríofa ar phoncanna nó saincheisteanna dlí (más ann)
  10. In iarratais ar orduithe de chóip certiorari d'ordú/de chinneadh ábhar an iarratais deimhnithe le mionnscríbhinn (murar taispeánadh thuas cheana). Féach Ordú 84 R.27(2)).

I gcásanna ina n-ordaítear an t-iarratas ar athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh le toghairm iomlánach, beidh feidhm ag Treoir Chleachtais HC 53.

Leis seo, cealaítear Treoracha Cleachtais HC04 agus HC05.

Arna dhátú an 7 Lúnasa, 2018
Peter Kelly,
Uachtarán na hArd-Chúirte

High court