HC02

Iarratais ex parte ar athbhreithniú breithiúnach

Éilíonn Ordú 84, Riail 20 de Rialacha na nUaschúirteanna, ar iarratais ar chead achomhairc iarratas a dhéanamh ar Athbhreithniú Breithiúnach a dhéanamh trí foriarratas ex parte.

Ba chóir gach iarratas den sórt sin a dhéanamh chuig an mBreitheamh a bheidh sannta ar an liosta athbhreithnithe breithiúnaigh ex-parte ar an Luan ag 11.30 a chlog, nó ag aon am eile a cheapfar.

Ba chóir go mbeadh iarratais den sórt sin bunaithe ar

(a) fhógra i bhFoirm Uimh. 13 in Aguisín T ina mbeidh ráiteas de:

(i) ainm, seoladh agus cur síos ar an iarrthóir,

(ii) an faoiseamh atáthar a éileamh agus na forais ar a bhfuil an t-éileamh sin bunaithe,

(iii) ainm agus áit chláraithe gnó aturnaetha an iarrthóra (más ann dóibh) agus

(iv) seoladh an iarrthóra le haghaidh seirbhíse laistigh den dlínse (má tá sé/sí ag gníomhú ar a shon/son féin); agus

(b) mionnscríbhinn a dheimhneoidh na fíricí a seastar leo.

Beidh an teideal seo a leanas ar mhionnscríbhinn den sórt sin:-

AN ARD-CHÚIRT


ATHBHREITHNIÚ BREITHIÚNACH

IDIR

A.B. IARRTHÓIR

AGUS

C.D. FREAGRÓIR

Ba chóir an bunráiteas agus an mionnscríbhinn bhunaithe a chomhadú sa Phríomh-Oifig roimh ré agus cóip deimhnithe, ar a mbeidh an uimhir thaifid arna heisiúint ag an bPríomh-Oifig, a chur ar fáil don chúirt nuair a aistrítear an t-iarratas. Ba chóir cóip bhreise den Ráiteas a chur ar fáil don chláraitheoir freisin.

Ba chóir do chleachtóirí a thabhairt ar aird go bhfuil feidhm le díolúine ó tháillí cúirte i gcás imeachtaí habeas corpus, imeachtaí faoina hAchtanna um Eiseachadadh 1965- 2001, imeachtaí bannaí agus imeachtaí i gcás coiriúil trí thoirmeasc certiorari mandamus nó quo warranto.

High court