HC42

Cúiseanna arna sonrú don Ard-Chúirt

Achomhairc tríd an gcás luaite

1. (a) Tá an nós imeachta a bhaineann le hachmharc a tharchur trí chúis a shonrú de bhun alt 2 den Acht um Dhlínse Achomair 1857, faoi mar a síneadh é faoi mhír 51 d' Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961, faoi réir ag Ordú 62, riail 1 agus rialacha 4 go 7 de rialacha na nUaschúirteanna. Ba chóir tagairt freisin d'Ord 102, rialacha 8, 12 agus 13 de Rialacha na Cúirte Dúiche.

(b) Ar tharchur na cúise sonraithe chuig an bPríomh-Oifig de réir Ordú 62, riail 1 de Rialacha na nUaschúirteanna, déanfaidh an páirtí atá ag iarraidh achomharc a dhéanamh trí chúis a shonrú iarratas don Phríomh-Oifig go liostálfaí an chúis shonraithe le haghaidh a luaite sa liosta neamhghiúiré san Ard-Chúirt ar an gcéad dáta eile a bheidh ar fáil agus cheadóidh fógra a thabhairt de réir fho-mhír (c) den mhír seo.

(c) Tabharfaidh an páirtí atá ag iarraidh achomharc a dhéanamh trí chúis a shonrú fógra nár lú ná deich lá ghlana é i scríbhinn den liostáil seo trí ghnáthphost réamhíoctha do gach páirtí eile sna himeachtaí.

Cúiseanna comhairleacha arna sonrú

2. (a) Tá an nós imeachta a bhaineann le tarchur cúise sonraithe de bhun alt 52 d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), faoi réir Ordú 62, rialacha 3 go 7 de Rialacha na nUaschúirteanna. Ba chóir tagairt freisin d'Ordú 102, rialacha 11 go 14 de Rialacha na Cúirte Dúiche.

Cúiseanna comhairleacha arna sonrú ar iarratas páirtí
(b) Nuair a tharchuireann an Chúirt Dúiche ceist dlí chuig an Ard-Chúirt trí bhealach na cúise sonraithe, ar iarratas páirtí sna himeachtaí ("an páirtí iarrthach"), agus táthar tar éis an chúis a shonrú agus a shíniú, caithfidh Cléireach na Cúirte Dúiche de réir Ordú 102 riail 13 de Rialacha na Cúirte Dúiche an chúis shonraithe a tharchur láithreach don pháirtí iarrthach.

(c) Taobh istigh de thrí lá ó dháta faighte na cúise sonraithe, tarchuirfidh an páirtí iarrthach an chúis shonraithe don Phríomh-Oifig. Ar tharchur na cúise, déanfaidh an páirtí iarrthach iarratas sa Phríomh-Oifig go liostálfaí an chúis shonraithe le haghaidh a luaite sa Liosta Neamhghiúiré san Ard-Chúirt ar an gcéad dáta eile atá ar fáil a cheadóidh go dtabharfar fógra de réir fho-mhír (d) den mhír seo.

(d) Tabharfaidh an páirtí iarrthach fógra nár lú é ná deich lá ghlana den liostáil seo i scríbhinn trí ghnáthphost réamhíoctha do gach páirtí eile sna himeachtaí.

Cúiseanna comhairleacha arna sonrú gan iarratas
(e) Nuair a tharchuireann an Chúirt Dúiche ceist dlí chuig an Ard-Chúirt trí bhealach na cúise sonraithe gan iarratas ó pháirtí, agus nuair a táthar tar éis an chúis a shonrú agus a shíniú, caithfidh Cléireach na Cúirte Dúiche, de réir Ordú 102 riail 14 de Rialacha na Cúirte Dúiche, na páirtithe sna himeachtaí a chur ar an eolas láithreach sa bhealach a leagtar síos agus an chúis shonraithe a tharchur don Phríomh-Oifig.

(f) Nuair a fhaigheann an t-oifigeach cuí sa Phríomh-Oifig an chúis shonraithe ó Chléireach na Cúirte Dúiche, cuirfi dh sé le haghaidh a luaite í sa liosta neamhghiúré san Ard-Chúirt ar an gcéad dáta eile a bheidh ar fáil, tar éis fógra nár lú é ná deich lá ghlana a thabhairt i scríbhinn do gach páirtí sna himeachtaí.

Arna dhátú an 26ú lá seo de mhí Aibreáin 2006
Joseph Finnegan
Uachtarán na hArd-Chúirte

High court