HC28

Achtanna na gCuideachtaí - iarratais faoi s.150(1) Achtanna na gCuideachtaí 1990

Ón 24ú lá de Mhárta 2003 beidh feidhm ag na nósanna imeachta seo a leanas maidir le hiarratais chun na cúirte faoi alt 150(1) d'Acht na gCuideachtaí, 1990, ar dhearbhú go gcuirfear srian le stiúrthóir amháin nó níos mó de chuid cuideachta dhócmhainneach atá faoi leachtú toilteanach.

Úsáidfidh leachtaitheoir atá faoi oibleagáid iarratas den sórt sin a dhéanamh de bhun alt 56 den Acht um Fhorfheidhmiú Dlí Cuideachtaí, 2001, na nósanna imeachta seo agus úsáidfidh Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach nó leachtaitheoir nó glacadóir a dhéanann iarratas den sórt sin de bhun alt 150(4A) d’Acht na gCuideachtaí, 1990, iad freisin.

Úsáidfear na nósanna imeachta seo freisin maidir le hiarratais ar shíneadh ama de bhun alt 56(2) den Acht um Fhorfheidhmiú Dlí Cuideachtaí, 2001.

Tá na foirmeacha dá dtagraítear sa treoir chleachtais seo agus atá i gceangal leis seo le húsáid nuair is infheidhme agus nuair nach infheidhme, bainfear úsáid as foirmeacha den chineál céanna le cibé éagsúlachtaí is gá sna himthosca.

  1. Cuirfear tús le hiarratas ar dhearbhú go gcuirfí srian ar stiúrthóir cuideachta faoi leachtú toilteanach faoi alt 150(1) d’Acht na gCuideachtaí, 1990, le fógra foriarratais tionscnaimh (Foirm 1) agus is é is foras dó mionnscríbhinn an iarratasóra (Foirm 2). Is ar fhógra foriarratais amháin a dhéanfar iarratais maidir le roinnt stiúrthóirí de chuid cuideachta amháin ach amháin nuair a éilíonn na himthosca a mhalairt.
  2. Más gá, déanfar iarratas chun na cúirte faoi alt 56(2) den Acht um Fhorfheidhmiú Dlí Cuideachtaí, 2001, chun síneadh a chur leis an am chun an t-iarratas a dhéanamh faoi alt 150(1) d’Acht na gCuideachtaí, 1990, ar an bhfógra foriarratais céanna.
  3. Leagfar amach sa mhionnscríbhinn is foras don iarratas ar shrianadh na fíorais go léir is dóigh leis an iarratasóir ba cheart aird na cúirte a tharraingt orthu chun críche cinneadh a dhéanamh
  1. ar ghníomhaigh gach ceann de na freagróirí go hionraic maidir le seoladh ghnóthaí na cuideachta
  2. ar ghníomhaigh gach ceann de na freagróirí go freagrach maidir le seoladh ghnóthaí na cuideachta
  3. an bhfuil aon chúis eile a mbeadh sé cóir agus cothromasach srian a chur ar aon cheann de na freagróirí
  4. más cuí an bhfuil feidhm ag aon cheann de na himthosca atá leagtha amach in a.150(2)(b).
  1. Eiseofar fógraí foriarratais sa Phríomh-Oifig agus beidh siad le cur ar ais ar dháta nach lú ná 28 lá ón dáta eisiúna agus seirbheálfar iad leis an mionnscríbhinn forais agus cóip den treoir chleachtais seo (gan foirmeacha 1 & 2 san áireamh) ar an bhfreagróir/na freagróirí tráth nach lú ná 21 lá glan roimh an dáta fillte.
  2. Déanfar láithreas ar an bhfógra foriarratais (Foirm 3) a iontráil sa Phríomh-Oifig agus a sheirbheáil ar an iarratasóir nó, i gcás ina mbeidh sé ar taifead, ar a (h)aturnae laistigh de 10 lá ó dháta seirbheála an fhógra foriarratais.
  3. I gcás ina gcuirtear i gcoinne iarratais déanfaidh freagróir mionnscríbhinn a chomhdú agus a sheirbheáil ina leagfar amach na fíorais ar a bhfuil an t-iarratas á chur i gcoinne agus déanfaidh sé/sí an mhionnscríbhinn a chomhdú sa Phríomh-Oifig agus í a sheirbheáil ar an iarratasóir nó, i gcás ina mbeidh sé ar taifead, ar a (h)aturnae tráth nach lú ná 4 lá glan roimh an dáta fillte nó cibé am breise a cheadóidh an chúirt go heisceachtúil.
  4. I gcás nach dtaifeadtar aon láithreas ón bhfreagróir ná nach dtaifeadtar aon láithreas thar a cheann, comhdóidh an t-iarratasóir mionnscríbhinn seirbheála sa Phríomh-Oifig tráth nach lú ná 2 lá glan roimh an dáta fillte.
  5. Ní dheonófar iarratais ar shíneadh ama chun mionnscríbhinní a chomhdú ag aon pháirtí ach amháin go heisceachtúil i gcás inar deimhin leis an gCúirt gur gá an síneadh ama ar chúis mhaith.
  6. Féadfaidh an chúirt iarratais a sheirbheálfar go cuí a chinneadh ar an dáta fillte.

Uachtarán na hArd-Chúirte

 

Foirmeacha

Foirm 1 Fógra Foriarratais 
Foirm 2 Mionnscríbhinn
Foirm 3 Láithreas

High court