HC54

Imeachtaí a bhaineann le dlíthí atá i láthair go pearsanta

  1. Baineann an treoir seo le himeachtaí ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de na páirtithe rannpháirteach gan ionadaíocht dhlíthiúil ghairmiúil. Ní bhaineann sé le himeachtaí a éistear ar an Liosta Dlí Teaghlaigh.
     
  2. Is é cuspóir na treorach seo éisteacht le hiarratais chun na Cúirte in imeachtaí den sórt sin, agus iad ullmhú le haghaidh trialach, agus stiúradh na héisteachta nó na trialach lena mbaineann a éascú.
     
  3. I gcás ina ndéanfar iarratas chun na Cúirte trí fhoriarratas in imeachtaí den sórt sin, déanfaidh an páirtí a dhéanfaidh an t-iarratas an méid seo a leanas: - 
  1.  gcás nach gá iarratas a dhéanamh ar fhógra, comhlánóidh an páirtí Foirm 1  atá i gceangal leis an treoir seo agus comhdóidh sé an fhoirm chomhlánaithe i bPríomh-Oifig na hArd-Chúirte tráth nach lú ná dhá lá roimh éisteacht an iarratais; 
  2. i gcás iarratais is gá a dhéanamh ar fhógra, comhlánóidh an páirtí Foirm 1 , comhdóidh sé an fhoirm chomhlánaithe leis an bhfógra foriarratais i bPríomh-Oifig na hArd-Chúirte agus seirbheálfaidh sé cóip den fhoirm chomhlánaithe mar aon leis an gcóip den fhógra foriarratais atá á sheirbheáil ar gach páirtí.
  1. I gcás foriarratais ar athbhreithniú breithiúnach i gcás ina mbeidh cead deonaithe ag an gCúirt chun iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú breithiúnach, beidh feidhm ag an nós imeachta atá leagtha amach i mír 6 thíos in ionad an nóis imeachta atá leagtha amach i mír 3.
     
  2. Dírítear aird ar Ordú 52, riail 8 de Rialacha na nUaschúirteanna, faoina bhféadfaidh an Chúirt, má tá sí den tuairim, ar éisteacht foriarratais nó iarratais eile, gur chóir d’aon duine nár tugadh fógra dóibh fógra den sórt sin a bheith aige nó aici nó a bheith tugtha dó nó di, an foriarratas nó an t-iarratas a dhíbhe, nó an éisteacht a chur ar atráth chun go bhféadfar fógra a thabhairt.
     
  3. Dhá lá ar a laghad roimh thriail na n-imeachtaí, déanfaidh gach páirtí Foirm 2 atá i gceangal leis an treoir seo a chomhlánú, an fhoirm chomhlánaithe a chomhdú i bPríomh-Oifig na hArd-Chúirte agus cóip den fhoirm chomhlánaithe a sheirbheáil ar gach ceann de na páirtithe eile sna himeachtaí.
     
  4. Mura gcomhlíontar aon cheann de cheanglais na treorach seo, d’fhéadfadh sé go mbeadh an páirtí i mainneachtain faoi dhliteanas i leith costas.
     
  5. Beidh éifeacht leis an treoir seo maidir le hiarratais arna ndéanamh agus trialacha a bheidh ar siúl in imeachtaí a thionscnófar ar an 4ú lá de Dheireadh Fómhair 2010 nó dá éis.
     

Arna dhátú an 26ú lá seo d'Iúil 2010
Nicholas J. Kearns
Uachtarán na hArd-Chúirte

Foirm 1 - Bileog Faisnéise &  Foirm 2 - Ceistneoir Réamhthrialach

High court