HC52

Gnó a leithroinnt ar an Leas-Mháistir

  1. De bhun alt 10(3) d’Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha),1961, ordaím leis seo go seolfar nó go n-idirbheartófar gnó na hArd-Chúirte seo a leanas os comhair aon Leas-Mháistrí den Ard-Chúirt arna cheapadh ag an tSeirbhís Chúirteanna faoi alt 27(1A) d'Acht na nOifigeach Cúirte, 1926, arna leasú:

  1. arratais ar aithint nó forghníomhú sa Stát ar ordú cothabhála a sheol an tÚdarás Lárnach sa Stát chuig Máistir na hArd-Chúirte dá dtagraíonn alt 7(2) den Acht Cothabhála, 1974, arna leasú,

  2. iarratais ar ordú Eorpach ar íocaíocht de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1896/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 lena gcruthaítear ordú Eorpach do nós imeachta íocaíochta agus Ceartúchán an 25 Eanáir 2007;

  3. iarratais de bhun Ordú 63, riail 1(18) de Rialacha na nUaschúirteanna chun cistí atá chun creidiúna do naíonán a íoc as an gCúirt, a fhaightear tríd an bpost agus nach gceanglaíonn an Leas-Mháistir lena mbaineann é a dhéanamh ex parte ar mhionnscríbhinn de bhun riail 12 den Ordú sin;

  4. iarratais ar dhoiciméad a sheirbheáil de bhun Ordú 121B de Rialacha na nUaschúirteanna; agus

  5. eisiúint agus tarchur deimhnithe de bhun Ordú 39, riail 42 de Rialacha na nUaschúirteanna, maidir le teistíochtaí arna dtógáil faoin Foreign Tribunals Evidence Act 1856.

  1. Faoi réir mhír 3, tiocfaidh éifeacht leis an treoir seo ón 20ú lá de Bhealtaine 2010 agus cuirfear í in ionad na Treorach Cleachtais an 8 Deireadh Fómhair 2009 í.

  2. Beidh feidhm ag an treoir sin maidir le hiarratais agus iarratais den sórt sin a dhéanfar agus teistíochtaí arna nglacadh roimh an dáta dá dtagraítear i mír 2, agus nach bhfuil aon chinneadh déanta ina leith nó, de réir mar a bheidh, nach bhfuil aon deimhniú eisithe nó tarchurtha ag Máistir na hArd-Chúirte ar an dáta sin.

  3. Iarratais ar aithint nó forghníomhú sa Stát ar ordú cothabhála arna sheoladh ag an Údarás Lárnach sa Stát chuig Máistir na hArd-Chúirte faoi Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle an 22 Nollaig 2000, maidir le dlínse agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála, arna leasú, leanfar de bheith á ndéanamh chuig Máistir na hArd-Chúirte.

Arna dhátú an 20ú lá seo de Bhealtaine 2010
Nicholas Kearns
Uachtarán na hArd-Chúirte 

High court