HC08

Mionnscríbhinní

Tarraingítear aird na gcleachtóirí ar na forálacha seo a leanas de Ordú 40 de Rialacha na nUaschúirteanna.

Riail 11: Beidh nóta ar gach mionnscríbhinn ag taispeáint cén duine a bhfuiltear á chomhadú ar a shon agus ní dhéanfar comhadú agus ní úsáidfear aon mionnscríbhinn d'uireasa nóta den sórt sin, mura dtugann an chúirt a mhalairt de threoir.

Riail 16: (a) Déanfar i gcásanna ina gceadaítear an bun mionnscríbhinn a úsáid, ag
an am a úsáidtear é, é a sheachadadh ar an oifigeach ceart agus é a fhágáil leis/léi, agus cuirfidh an t-oifigeach sin ar aghaidh é le comhadú.

(a) Féadfar cóip mionnscríbhinne a úsáid i ngach cás, sa chás gur cuireadh an bun mionnscríbhinn ar chomhad, agus déantar cuífhianú ar an gcóip.

(b) Féadfar cóip fótastatach de bhun mhionnscríbhinn atá comhadaithe cheana a úsáid, má bhíonn sé deimhnithe ag an aturnae a chomhadaigh é mar an fíor chóip de sin agus go bhfuil an bunchóip de sin comhadaithe.

Ba chóir bun mionnscríbhinn a chomhadú sa Phríomh-Oifig de bhun Riail 2 ach amháin in imthosca eisceachtúla nuair a fhéachtar le cead na cúirte a fháil chun an mionnscríbhinn a chomhadú sa chúirt. Ba chóir go dtabharfadh cóip mionnscríbhinne a bheadh in úsáid i gcúirt le fios cén dáta a rinneadh comhadú ar an mbun-mionnscríbhinn.

Ba chóir stampa a chur ar an mbun-mionnscríbhinn ag táille €17 sula ndéantar comhadú air.

Tabhair ar aird le do thoil nach bhfuil dearbhuithe reachtúla inghlactha mar fhianaise seirbhíse san Ard-Chúirt.

High court