HC48

Tairiscintí faoin Dlí Coiteann

Leasaíonn an Treoir Chleachtais seo forálacha Threoir Chleachtais AC 23 a mhéid a bhaineann sé le horduithe Breithiúnais i gcás mainneachtain láithris.
Baineann an Treoir Chleachtais seo le horduithe do Bhreithiúnas i gcás mainneachtain Láithris a rinneadh ar an 14ú lá d'Eanáir 2008 nó dá éis.

Orduithe Breithiúnais i gcás Mainneachtain Láithris

Iarrtar ar chleachtóirí a thabhairt faoi deara, le héifeacht ón 14ú lá d'Eanáir 2008, i gcás ina ndeonaíonn an Chúirt Breithiúnas i gcás mainneachtain Láithris go mbeidh aithris san Ordú nach bhfuil aon láithreas taifeadta ag an gCosantóir nó thar ceann an Chosantóra agus go ndéantar an tOrdú faoi réir an Chúirt a bheith sásta maidir le seirbheáil.

I gcás go ndéantar Orduithe chun Breithiúnas a Dhéanamh ar Mhainneachtain Láithris ar nó tar éis an 14ú lá d'Eanáir 2008 ní éilítear ar chleachtóirí Deimhnithe Neamhláithreachta a thaisceadh leis an gCláraitheoir a thuilleadh.  Déanfaidh an Cláraitheoir na hOrduithe sin a tharraingt ar an gcoinníoll go léiríonn an taifead i gcóras rianaithe cásanna na hArd-Chúirte nár taifeadadh aon láithreas.

Leanann forálacha AC 23 d’fheidhm a bheith acu maidir le hOrduithe a rinneadh roimh an 14ú lá d'Eanáir 2008.

Arna dhátú an 19ú lá de Nollaig 2007

 

____________________________
Uachtarán na hArd-Chúirte

High court