HC118

Liosta an Uachtaráin

Eisíonn Uachtarán na hArd-Chúirte leis seo an Treoir Chleachtais seo a leanas de réir alt 11(12) agus (13) den Acht um an Dlí Sibhialta agus um an Dlí Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 2020.

Réamhrá

  1. Tá an Treoir Cleachtais seo beartaithe le feidhm a bheith aici maidir le gach ábhar, imeacht agus iarratas ilghnéitheach atá liostaithe le héisteacht ag Uachtarán na hArd-Chúirte ach amháin i gcás nithe a bhaineann le Coimircíocht nó le hábhair a thagann faoi Threoracha Cleachtais eile ar nós HC 115 (Liosta Araíonachta Gairmiúla) agus HC 116 (Liosta Eadrána). Beidh na hábhair seo le feiceáil ar liosta ar a dtugtar “Liosta an Uachtaráin".
  1. Chun amhras a sheachaint, tá an Treoir Chleachtais seo beartaithe le feidhm a bheith aici maidir le gach ábhar atá liostaithe le héisteacht ag Uachtarán na hArd-Chúirte:
  1. I gcás nach mór an t-iarratas a dhéanamh chuig Uachtarán na hArd-Chúirte chun cloí le reacht nó le haon cheanglas dlí eile, nó
  2. I gcás go ndéantar iarratais den chineál sin ar an ngnáthbhealach chuig Uachtarán na hArd-Chúirte, nó
  3. I gcás ina bhfuil iarrtha ag an bpáirtí tionscanta an t-ábhar a liostú os comhair Uachtarán na hArd-Chúirte, nó
  4. I gcás ina dtabharfar fógra don pháirtí tionscanta go n-éistfidh Uachtarán na hArd-Chúirte an cheist, nó
  5. I gcás ina bhfuil an t-ábhar aistrithe ag breitheamh eile de chuid na hArd-Chúirte le héisteacht ag Uachtarán na hArd-Chúirte.
  1. Cláraitheoir an Uachtaráin chun críocha na Treorach Cleachtais seo (HCPresidentsRegistrar@courts.ie), nó cibé cláraitheoir eile a shannfaidh Príomh-Chláraitheoir na hArd-Chúirte.
  2. Níl feidhm ag an Treoir Chleachtais seo maidir le hiarratais nó imeachtaí a lorgaíonn faoiseamh ar bhonn fíorphráinneach nó éigeandála ó Uachtarán na hArd-Chúirte, nó maidir le hábhar a aistrítear ar bhonn fíorphráinneach nó éigeandála chuig an Uachtarán ó bhreitheamh eile den Ard-Chúirt.

Iarratais a éisteacht os comhair an Uachtaráin

  1. Éistfear iarratais nó imeachtaí os comhair an Uachtaráin lena mbaineann an Treoir Chleachtais seo ag 2pm gach Luan i Liosta an Uachtaráin, ach amháin i gcás ina n-ordóidh an tUachtarán a mhalairt.  Féadfar nithe den sórt sin, nuair is gá, a liostú le héisteacht ag 2pm ar an Aoine.  Féadfar ábhair níos faide a liostú le héisteacht ar cibé laethanta eile a chinnfidh an tUachtarán.
  2. Go dtí go bhfógrófar a mhalairt, agus ach amháin i gcás ina n-ordóidh an tUachtarán a mhalairt, éistfear na hiarratais nó na himeachtaí is ábhar don Treoir Chleachtais seo ar bhonn hibrideach i gcás ina suífidh an breitheamh agus an cláraitheoir go fisiciúil sa chúirt agus beidh an rogha ag na cleachtóirí agus ag na dlíthithe freastal agus páirt a ghlacadh go pearsanta sa chúirt nó go cianda. 
  3. I gcás inar mian le rannpháirtí amháin nó níos mó a bheith rannpháirteach go cianda, beidh sé riachtanach na sonraí logála isteach ábhartha a fháil.  Do chleachtóirí dlí, is féidir sonraí logála isteach an tseomra cúirte fhíorúil le haghaidh Liosta an Uachtaráin a fháil ar na suíomhanna gréasáin seo a leanas:

https://members.lawlibrary.ie
https://www.lawsociety.ie/Solicitors

Ba cheart d’aon pháirtí gan ionadaíocht dul i dteagmháil le highcourtvmr@courts.ie chun na sonraí logála isteach ábhartha a fháil.  Nuair atáthar ag dul i dteagmháil leis an seoladh sin, ní mór don pháirtí ábhartha ainm an cháis, uimhir thaifid agus dáta na héisteachta a sholáthar chomh maith le rannpháirtíocht nó stádas an pháirtí sa chás a chur in iúl.

Formáid na bPáipéar d'Iarratais/Imeachtaí a chlúdaíonn ag an Treoir Chleachtais seo

  1. Tá an páirtí tionscanta in ábhar os comhair Uachtarán na hArd-Chúirte a chlúdaíonn an Treoir Chleachtais seo freagrach as na páipéir a sholáthar don ábhar. 
  2. Mura n-ordaíonn an tUachtarán a mhalairt, ceanglaítear ar an bpáirtí tionscanta na páipéir a bhaineann leis an ábhar a sholáthar i bhfoirm cóip chrua agus bhog.
  3. Ní mór páipéir chruachóipe a cheangal nó a bheith i bhfillteán agus iad a bheith innéacsaithe agus uimhrithe go soiléir.  Ní mór cóipeanna crua de pháipéir a thaisceadh sa Seomra Liosta agus ní chuirtear iad sa Phríomh-Oifig.  Ní mór aon pháipéir bhreise a bhfuil sé i gceist ag an bpáirtí tionscanta nó ag aon pháirtí eile san ábhar brath orthu a thaisceadh freisin i gcóip chrua sa Seomra Liosta. 
  4. Ní mór páipéir i gcóip bhog a sholáthar do Chláraitheoir an Uachtaráin ar ardán comhroinnte comhad leictreonach nó trí ríomhphost a sheoladh chuig HCPresidentsRegistrar@courts.ie   Sa chás nach bhfuil rochtain ag páirtí ar ardán comhroinnte comhad, agus nach féidir na páipéir i gcóip bhog a sheoladh ar ríomhphost, cruthóidh Cláraitheoir an Uachtaráin fillteán comhroinnte comhad chun na páipéir cóip bhog a sholáthar don Chúirt.

Dáta agus Am chun Páipéir a Thaisceadh

  1. Ní mór don pháirtí cóipeanna crua de pháipéir a thaisceadh sa Seomra Liosta, agus na focail “Liosta an Uachtaráin” agus dáta fillte nó dáta atrátha an iarratais, de réir mar a bheidh, marcáilte orthu agus iad a chur faoi bhráid Chláraitheoir an Uachtaráin, agus, chomh maith leis sin, ní mór cóipeanna boga páipéir a sholáthar do Chláraitheoir an Uachtaráin faoi 12 meán lae ar an Máirt roimh dháta éisteachta an iarratais. 
  2. Ní mór páipéir le haghaidh ábhar atá liostaithe do dháta seachas Dé Luain nó Dé hAoine a thaisceadh freisin i gcóip chrua agus a sholáthar i gcóip bhog ar an mbealach céanna agus leis na marcanna céanna mar atá leagtha amach in alt 12 thuas faoi 12 meán lae ar an Máirt roimh dháta na héisteachta.
  3. Ach amháin i gcásanna eisceachtúla, ní ghlacfar le haon pháipéar breise maidir le hábhar tar éis 12 meán lae ar an Máirt roimh dháta na héisteachta. Ní mór cead a lorg ó Chláraitheoir an Uachtaráin sula seolfar cóipeanna boga de pháipéir nó roimh pháipéir a thaisceadh sa Seomra Liosta lasmuigh den am a fhorordaítear leis an Treoir Chleachtais seo. Rachaidh Cláraitheoir an Uachtaráin i gcomhairle leis an Uachtarán sula dtabharfaidh sé cead chun páipéir a thaisceadh go déanach.
  4. Ní mór aon pháipéir bhreise maidir le hábhar ar Liosta an Uachtaráin a sholáthar freisin i gcóip chrua agus i gcóip bhog faoin spriocdháta céanna, ach amháin i gcúinsí eisceachtúla.

Nuair atá Tuilleadh Eolais ag Teastáil

  1. I gcás ina n-iarrtar ábhar i Liosta an Uachtaráin a chur ar atráth trí chomhaontú na bpáirtithe, ní mór an comhaontú ar atráth a chur in iúl do Chláraitheoir an Uachtaráin a luaithe is féidir go réasúnach ionas nach mbeidh ar an gCúirt na páipéir a léamh gan ghá roimh dháta na héisteachta. Forchoimeádann an tUachtarán an ceart diúltú d’aon iarratas ar atráthú, fiú nuair is le toiliú na bpáirtithe go léir é. 
  2. Nuair a chuirtear ábhar ar atráth go dáta eile, beidh sé riachtanach don pháirtí tionscanta a chur in iúl do Chláraitheoir an Uachtaráin faoi 12 meán lae ar an Máirt roimh an dáta atrátha má táthar ag súil go rachaidh an t-ábhar ar aghaidh le héisteacht ar an dáta atrátha agus, má tá, cad iad na faoisimh a lorgófar.  Má mheastar go gcuirfear an t-ábhar ar atráth tuilleadh, ní mór don pháirtí tionscanta é sin a chur in iúl do Chláraitheoir an Uachtaráin a luaithe is féidir go réasúnach agus, in aon chás, faoin spriocdháta céanna.

Mainneachtain na Treoracha seo a Chomhlíonadh

  1. Mura gcomhlíontar na treoracha atá leagtha amach sa Treoir Chleachtais seo maidir le haon ní, féadfar an t-iarratas a chur ar atráth nó a scriosadh amach ar cibé téarmaí, lena n-áirítear costais, a chinnfidh an Chúirt.

 

David Barniville
Uachtarán na hArd-Chúirte
29 Samhain, 2022

 

High court