HC75

Deimhniú Ullmhachta I gCaingne Neamhghiúiré agus Seansaireachta

  1. Ní mór an Treoir Chleachtais seo a chomhlíonadh sula riarfar dáta trialach do chás Neamhghiúiré nó Seansaireachta.
     
  2. Ní mór Deimhniú Ullmhachta a chomhlánú sula lorgófar dáta trialach.
     
  3. Ní mór go mbeidh Deimhniú Ullmhachta le tabhairt chun trialach i leith caingne a cuireadh síos i gcomhair trialach sna Liostaithe Neamhghiúiré agus Seansaireachta sínithe ag Abhcóide (nó, i gcás nach bhfuil na sonraí go léir ag an Abhcóide, ag aturnae, nó ag páirtí deimhniúcháin mura bhfuil ionadaíocht dhlíthiúil ann) agus é a bheith comhdaithe sa Phríomh-Oifig sula gcuirfear isteach ar dháta don éisteacht.
     
  4. Beidh an Deimhniú Ullmhachta san fhoirm a bheidh ceangailte leis agus cuirfear cóip chomhdaithe den rud céanna ar fáil don Chúirt nuair a dhéanfar iarratas ar dháta éisteachta ar fhógra do na páirtithe eile.
     
  5. Le héifeacht ón 9 Aibreán, 2018 tabharfaidh an páirtí atá ag iarraidh a dheimhniú go bhfuil na himeachtaí ullmhaithe lena dtriail agus le dáta éisteachta a lorg fógra míosa roimh ré do na páirtithe eile go bhfuil sé ag iarraidh é sin a dhéanamh. Le linn na tréimhse sin, ní mór do na páirtithe a bheith i dteagmháil lena chéile lena chinntiú go gcomhlíontar an Deimhniú Ullmhachta go cruinn, go háirithe maidir le fad na trialach.
     
  6. Mura gcuirtear deimhniú cruinn ar fáil go háirithe maidir le fad na trialach nó mura gcomhoibrítear le linn an phróisis comhairliúcháin dá dtagraítear i mír 5, féadfar iarmhairtí costas a chur ar na páirtithe is cuma cén toradh a bheidh ar an gcaingean.
     
  7. Tiocfaidh an Treoir Chleachtais seo i bhfeidhm ar an 9 Aibreán, 2018 agus cealófar Treoir Chleachtais HC14 ar an dáta sin.

 

Arna dhátú an 27 Feabhra, 2018
Peter Kelly,
Uachtarán na hArd-Chúirte

 

 

AN ARD-CHÚIRT

UIMH. THAIFID

[CUIR ISTEACH TEIDEAL NA N-IMEACHTAÍ INA N-IOMLÁINE]

A.B

GEARÁNAÍ

AGUS

C.D

COSANTÓIR

DEIMHNIÚ ULLMHACHTA

Deimhním, [CUIR ISTEACH AINM] Abhcóide/Aturnae don Ghearánaí/Chosantóir nó Gearánaí/ Cosantóir féin sna himeachtaí a bhfuil an teideal thuas orthu, tar éis dom dul i gcomhairle leis na páirtithe anseo istigh, na nithe seo a leanas

  1. go bhfuil na himeachtaí réidh lena dtriail agus nach bhfuil gá le tairiscintí eile nó liostaí cúirte
  2. go bhfuil sé beartaithe finnéithe saineolacha a ghlaoch agus gur ullmhaigh agus gur mhalartaigh na saineolaithe sin a dtuairiscí agus go raibh cruinniú de na saineolaithe sin *
    / nach bhfuil sé beartaithe finnéithe saineolacha a ghlaoch
  3. go dtógfaidh sé [CUIR ISTEACH UIMHIR] lá le héisteacht leis an gcaingean seo

 

Sínithe: ____________________________

            Abhcóide/Aturnae don Ghearánaí/Cosantóir nó Gearánaí/ Cosantóir féin
[Cuir isteach Seoladh]

* Mura bhfuil sé beartaithe go ndéanfar tuairiscí a mhalartú agus / nó go mbuailfidh saineolaithe le chéile , ní mór sin a mhíniú.

Chuig: Príomh-Chláraitheoir
Príomh-Oifig
An Ard-Chúirt
Na Ceithre Chúirteanna
Baile Átha Cliath 7

High court